|
| Déardaoin, 12 Lúnasa 2010 14:38 | |
|
Tá ríméad ar Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) na hiarrthóirí a cuireadh ar ghearrliosta le haghaidh an chomórtais ghrianghrafadóireachta, ‘Glac Blúire de Shligeach sa Samhradh’, a ainmniú. Fuarthas níos mó ná 500 iontráil i rith mhí Iúil agus d’éirigh leis na moltóirí sa deireadh an figiúr seo a laghdú le seachtain anuas. Faoi mar a rabhthas ag súil leis, bhí tírdhreacha galánta, tonnmharcaíocht-dreacha, féilte, ceolchoirmeacha agus grianghraif spraoi de Bhaile agus de Chontae Shligigh le fáil i measc na n-iarratas ar an gcomórtas. Ar na hiarrthóirí a cuireadh ar an ngearrliosta bhí Eddie Johnston, Frank Fortune, Dennis Burke, John Paul Tiernan, Dan Leydon, Radka Bartova, Áine McDaid, Val Robus agus Darek Novak. Tá na hiarratais a cuireadh ar ghearrliosta ar taispeáint faoi láthair i nDánlann Capture – an t-ionad nua le haghaidh grianghrafadóireacht mhínealaíne a osclaíodh le gairid ar Shráid an Mhargaidh i Sligeach. Sonraí Vótála Iarrtar ar an bpobal vóta a chaitheamh ar son a rogha íomhá trí chuairt a thabhairt ar Dhánlann Capture agus vótáil le scáileán tadhaill istigh nó trí dhul ar líne agus logáil isteach ar LookWest.ie. Is í an duais mhór Netbook ón soláthróir áitiúil leathanbhanda, Fastcom Broadband. An Comórtas: Is cuid de thionscnamh LookWest.ie de chuid WDC an comórtas agus an taispeántas chun Réigiún an Iarthair a chur chun cinn mar áit iontach le cónaí ann, le hoibriú ann agus le gnó a dhéanamh ann.
|




Nuacht