|
| Déardaoin, 12 Lúnasa 2010 13:55 | |
|
Imeacht rathúil líonraithe chun Réigiún an Iarthair a chur chun cinn i measc lucht gnó tábhachtach Londan-na hÉireann a reáchtáil Gréasán Gnó Shligigh i Londain (SBN) le déanaí, le tacaíocht ó Choimisiúin Forbartha an Iarthair (WDC).
Andy Rogers, Cathaoirleach, Gréasán Gnó Shligigh i Londain. D’fhreastail daoine as Sligeach agus Maigh Eo ó dhúchas ach a bhfuil a mbunús gnó i Londain ar an imeacht, agus dhírigh an tráthnóna ar an WDC ag leanúint lena gcuid oibre chun an tIarthar a chur ar bhóthar an téarnaimh gheilleagraigh. Bhí Michael Feeney, bunaitheoir Pháirc Síochána Chontae Mhaigh Eo mar aoi speisialta, a fuair a MBE ar an lá sin ó Bhanríon Eilís as a chuid seirbhísí do chaidrimh RA-na hÉireann. Ina haitheasc leis na haíonna dúirt Joanna Grehan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnaí ag an WDC go raibh áthas ar an WDC bheith mar chomhpháirtí ag SBN don deis uathúil seo dul i ngleic go díreach leis na cinnteoirí agus leis na leasa gnó tábhachtacha. Dúirt sí gur deis iontach a bhí san imeacht cur le rath LookWest.ie chun an réigiún a chur chun cinn mar áit iontach le cónaí ann, le hoibriú ann agus le gnó a dhéanamh ann. Dúirt Andy Rogers, bunaitheoir agus Cathaoirleach SBN Londan gur sampla iontach a bhí san imeacht de ról an Ghréasáin chun infheistíocht agus gnólachtaí tosaigh a spreagadh i Sligeach. “Tá buntáistí suntasacha le fáil as an ngréasán de mhuintir Mhaigh Eo agus Shligigh atá bunaithe i Londain ar féidir leo feidhmiú mar ambasadóirí d’Iarthar na hÉireann agus cuidiú chun téarnamh geilleagrach agus cruthú post a thiomáint,” a dúirt sé. Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le: Joanne Grehan, Coimisiún Forbartha an Iarthair, 086 856 5802 nó Bernadette Mullarkey, Bane Mullarkey, 086-8062540
|




Nuacht
