|
| Dé Máirt, 10 Lúnasa 2010 08:48 | |
|
Agus os cionn 500 iontráil faighte againn, tá iontas orainn leis an bhfreagra atá faighte againn i gcomórtas grianghraf ‘Glac Blúire de Shligeach sa Samhradh’. Faoi mar a rabhthas ag súil leis, bhí tírdhreacha galánta, tonnmharcaíocht-dreacha, féilte, ceolchoirmeacha agus grianghraif spraoi de Bhaile agus de Chontae Shligigh le fáil i measc na n-iarratas ar an gcomórtas. Bhí suim ar leith sa líon iontrálacha ina raibh an spraoi a bhain le Sligeach do cheolchoirmeacha Lios an Daill agus an Féile Imill le feiceáil iontu. Bhí sé i bhfad níos deacra ag na moltóirí cinneadh a thógáil de bharr chruthaitheacht agus fhuinneamh na ngrianghraf a cuireadh isteach. Ar a shon sin, tá gearrliosta fiche íomhá curtha le chéile anois agus is féidir é a fheiceáil anseo. Áirítear i measc na n-iontrálaithe ar an ngearrliosta tá Eddie Johnston, Frank Fortune, Dennis Burke, John Paul Tiernan, Dan Leydon, Radka Bartova, Alan McDaid, Val Robus agus Darek Novak. Feic na híomhánna ar fad ar an ngearrliosta ar ár leathanach Facebook anseo. |




Nuacht
