|
| Dé Céadaoin, 03 Márta 2010 11:42 | |
|
Tá Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) i ndiaidh a suíomh gréasáin LookWest.ie a athsheoladh d’fhonn na cás-staidéir fístéipe de dhaoine a d’athlonnaigh nó a bhunaigh gnólachtaí i Réigiún an Iarthair a áireamh. Sa mhullach air sin, baintear leas as na huirlisí uile líonraithe shóisialta is déanaí le dul i dteagmháil le pobal fairsing ar an suíomh. Seoladh an suíomh gréasáin i dtosach báire in 2004, agus déanann sé an tIarthar a chur chun cinn mar láthair mhealltach agus thairbhiúil le haghaidh fiontar agus is é an treoir é is fearr maidir le cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh i Réigiún an Iarthair in Éirinn Tá LookWest.ie dírithe ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí araon in Éirinn agus thar lear agus baineann nach mór 20,000 cuairteoir leas as gach mí. Dúirt Joanne Grehan den WDC an méid a leanas: “Agus aird ar an bhfás faoin líonrú sóisialta shainaithníomar deis leas a bhaint as an teicneolaíocht is úire leis na tairbhí uile a bhaineann le Réigiún an Iarthair a chur chun cinn os comhair phobal an domhain. Is sé is tábhachtaí, nuair a bhímid thíos le sriantacht gheilleagrach agus le caillteanas post, leanúint ar aghaidh agus tairbhí, nuálaíocht agus cruthaitheacht Réigiún Iarthar na hÉireann a chur in iúl ionas go mbíonn sé ar ár gcumas teacht i dtír ar théarnamh geilleagrach. Tá borradh ag teacht faoin leas a bhaineann cuideachtaí agus eagraíochtaí tráchtála as líonrú sóisialta d’fhonn cumarsáid a dhéanamh lena gcuid custaiméirí ar bhealach atá fíor-éifeachtúil ó thaobh costais. Déanann LookWest.ie, i láthair na huaire, cumarsáid le pobail thart faoin domhan trí chéile trí leas a bhaint as bealaí meán sóisialta éagsúla, lena n-áirítear ár nuachtlitir mhíosúil ar líne, Twitter, Facebook agus LinkedIn, agus tá borradh ag teacht ar an lucht leanta ar bhonn laethúil. Ina theannta sin, tá fothaí nuachta RSS ar an suíomh gréasáin agus an teicneolaíocht is déanaí trí YouTube. Trí shuíomh gréasáin atá chomh hidirghníomhach sin a dhéanamh de, is féidir linn nasc díreach a dhéanamh le daoine agus leis na buntáistí lena mbaineann cónaí agus gnó a dhéanamh san iarthar a thabhairt chun solais.” Dúirt sí leis, “Thug ár gcuid taighde le fios go dtéann a ndeir daoine eile ar éirigh leo a bogadh a dhéanamh go mór i gcion ar dhaoine nó ar ghnólachtaí atá ag smaoineamh faoi láthair. Tugann na nuaghnéithe ar an suíomh gréasáin deis iontach éisteacht go díreach le daoine ina bhfriotal féin – cén fáth ar chinn siad bogadh go dtí an tIarthar, cad iad na buntáistí is mó atá le lonnú ansin, cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil, agus dar ndóigh, conas mar a bhaintear cothromaíocht thábhachtach amach idir an obair agus an saol de bharr na scothcháilíochta beatha.” Áirítear i measc na 16 chás-staidéar fístéipe atá le fáil ann, E&I Engineering i nDún na nGall, a dhéanann scothchaighdeán fhórsa saothair Dhún na nGall a thabhairt chun solais agus deir siad go ndéanann tairbhí ar nós taitneamhachtaí iontacha sóisialta agus easpa brú tráchta sa cheantar a gcuid ball foirne a mhealladh. Bhunaigh Adam Coleman Execpass.com agus www.interventions.ie atá bunaithe i gContae an Chláir. D’athlonnaigh sé ó Londain agus deir sé gur dearfach an rud é gnó a dhéanamh san iarthar sa timpeallacht gheilleagrach seo de bharr go bhfuil na costais níos ísle, agus tá sé níos fusa a gcuid forchostais a bhainistiú dá bharr. Níl an t-iarthar ina bhac in aon chor ar nuálaíocht ná ar thaighde agus forbairt dar le JFC Manufacturing atá bunaithe i gContae na Gaillimhe,&D;“Tá áis iomlán taighde agus forbartha intí againn; tá dháréag á bhfostú le teicneolaíochtaí nua agus le réimsí táirge nua a dhearadh agus a fhorbairt,” a dúirt John Concannon, an t-úinéir agus an stiúrthóir bainistíochta. Agus i gcás cuideachta eile i nGaillimh, Solaris Botanicals, a dhéanann taenna orgánacha a bhain dámhachtain idirnáisiúnta amach cheana, le freastal ar mhiondíol ardleibhéil agus ar mhargaí seirbhís bhia. Dúirt an bunaitheoir agus an stiúrthóir, Joerg Mueller a bhog go dtí an t-iarthar ón nGearmáin gurb ionann an t-iarthar agus “áit iontach le haghaidh táirgeoirí bia ceardaí ar mian leo a dtáirgí a easpórtáil go dtí an Eoraip”. I gContae Liatroma, d’fhág Ronan Haslette Baile Átha Cliath le filleadh agus le seilbh a ghlacadh ar bhainistiú ghnólacht a theaghlaigh, Merenda, a dhéanann táirgí veinír adhmaid a dhearadh agus a dhéanamh agus déanann sé sainoiriúintí a sholáthar, leis, lena n-áirítear saothair láithreoireachta agus taispeána. Deir Ronan an méid a leanas: “Creidim go docht daingean nach mbainfimis an idirghníomhaíocht foirne agus an chroíchobhsaíocht chuideachta seo amach in áit ar bith eile seachas in Iarthar na hÉireann.” Rinne forbairtí bonneagair áit níos mealltaí as an iarthar mar láthair ghnó, agus ba mhór an lámh chúnta a thug leathanbhanda i ndáil le cur le cúrsaí gnó i gcás na cuideachta The Cat and the Moon i Sligeach. “Déanaimid méid suntasach gnó ar líne lenár gcuid custaiméirí idirnáisiúnta agus tá sé ar intinn againn leas níos mó a bhaint as deiseanna líonraithe shóisialta,” arsa Martina Gillan, as Sligeach a bhunaigh an stiúideo deartha agus an gnólacht déanta seodra. Tá 14 dhuine fostaithe anois aici sa ghnólacht. Maidir le gné na cáilíochta beatha, ceapann Nick Gudge i gContae an Chláir go gcruthaíonn na buntáistí comhshaoil bheith i do chónaí ann tairbhí a mbíonn aird aige i gcónaí orthu. Bhunaigh Nick Cumann Taijiquan an Chósta Thiar (‘West Coast Taijiquan Association’), agus anois oibríonn sé in éineacht le 25 teagascóir agus thart ar 450 dalta in ealaín chomhraic Taijiquan. I gcás Reg Gordon, grianghrafadóir atá bunaithe i nGaillimh, is mór an chabhair dó a fhusa atá sé taisteal chuig an tuath le sólás intinne a bhaint amach agus cabhraíonn seo leis díriú ar bheith cruthaitheach. Ar an gcuma chéanna, deir Justin Knecht, Iarbhainisteoir Sinsearach Seirbhísí Deartha ag Crayola in Pennsylvania agus Bainisteoir Clár anois ag an Ionad um Nuálaíocht Deartha ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, go bhfuil an tírdhreach agus an rochtain ar thaitneamhachtaí nádúrtha “treascrach” agus is aoibhinn leis bheith “gar do chuid den tonnmharcaíocht is fearr san Eoraip.” B’iomaí buntáiste a bhí ann do theaghlach Tommy Morahan, nuair a d’athlonnaigh sé go dtí a fhód dúchais, Cluain Cearbán i gContae Mhaigh Eo, tar éis éirí as a phost mar léachtóir in Ollscoil Stát San Francisco. “Is dócha gurb é an rud is fearr faoin mbogadh abhaile an tionchar a bhí ar mo mhac dhá bhliain d’aois – tá sé chomh sásta le diúc leis an oiread spáis atá thart air,” a dúirt Tommy. Rinne Deirdre Cunningham, úinéir Cootehall Adventure de bhunadh Dhún Dealgan a chónaíonn i Mainistir na Búille faoi láthair, go leor taistil agus ní raibh aon nasc aici leis an iarthar sular bhog sí ann lena gnólacht a bhunú go rathúil a dhéanann oiliúint a chur ar mhic léinn cáilíochtaí a fháil le bheith ag oibriú in ionaid eachtraíochta agus dul ar aghaidh chun cúrsaí céime a dhéanamh i gColáistí Tríú Leibhéal. Spreagann an WDC daoine ag a bhfuil smaoineamh nua gnó súil a chaitheamh ar an suíomh gréasáin ag www.lookwest.ie d’fhonn foghlaim faoin tacaíocht agus faoi na hacmhainní ar a bhfuil fáil le haghaidh fiontraithe i Réigiún an Iarthair. Ina theannta sin, spreagann siad daoine a gcuid scileanna a chlárú ag http://www.lookwest.ie/skills-register ionas gur féidir leis an WDC próifíl a chruthú de chumas, de cháilíochtaí agus de thaithí na ndaoine a chónaíonn san iarthar nó a bhfuil machnamh á dhéanamh acu bogadh ann. Creideann an WDC go gcuirfidh a leithéid de phróifíl go mór le poist agus le gnólachtaí a tharraingt chuig an Réigiún. Cuirtear fáilte roimh dhaoine ag a bhfuil scéal spéise le hinsint acu faoina n-athlonnú chuig an iarthar nó faoina n-eispéireas gnólacht a bhunú anseo trí ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil nó trí dul gohttp://www.lookwest.ie/case-study-application .
|




