Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Gnéithe nua de Shuíomh Gréasáin LookWest.ie
Priontáil
Dé Domhnaigh, 28 Feabhra 2010 13:34
 

Tá LookWest.ie ar an bhfód nach mór le sé bliana anois agus is mór an t-ábhar bróid atá aige. Tháinig méadú faoi dheich ar a laghad ar an líon cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin gach bliain le linn an ama seo, agus trí choimeád chun tosaigh maidir leis an dul chun cinn sna meáin shóisialta, tá lucht leanta idirnáisiúnta ag LookWest.ie anois le sár-scéal Réigiún Iarthar na hÉireann a insint.  Fíorshampla atá in LookWest.ie de leas a bhaint as an teicneolaíocht is nuaí le scéal réigiúin ag a bhfuil áilleacht uathúil ina dtagann cruthaitheacht, cáilíocht beatha agus fiontraíocht le chéile a chur ar shúile an phobail.  

 
  • Cás-staidéir: Cuireadh mír nua cás-staidéar fístéipe san áireamh ina bhfuil sraith d’agallaimh mhacánta agus spéisiúla le daoine a thapaigh an deis agus a bhog go dtí Iarthar na hÉireann.  Déantar plé iontu ar na tairbhí, na dúshláin, an cháilíocht beatha, an tacaíocht ghnó agus ar a gcinneadh pearsanta féin. >> Téigh chuig na Cás-staidéir
  • Leas a bhaint as na Meáin Shóisialta: Cuireadh le chéile próifílí  FacebookTwitterLinkedIn agus  YouTube le ligean d’úsáideoirí rochtain a bheith acu ar theachtaireacht agus ar fhaisnéis LookWest.ie ar an mbealach is mó a oireann dóibh.
  • Nuacht agus Imeachtaí: Tugadh an mhír Nuachta agus an mhír Imeachtaí chuig leathanach baile an tsuímh ghréasáin d’fhonn úsáideoirí a choimeád ar an eolas faoina mbeidh ar siúl i dtaobh na nuachta, na bhfoilseachán, na n-imeachtaí, na seimineár agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis an réigiún.
  • Ábhar a Nuashonraíodh agus a Fairsingíodh: Rinneadh ábhar a nuashonrú agus a fhairsingiú d’fhonn léargas níos cuimsithí den réigiún a chruthú. Cuireadh ‘Naisc Áisiúla’ ina bhfuil ábhar leochaileach le gach leathanach d’fhonn a chinntiú go mbíonn teacht ag úsáideoirí an tsuímh ar an uile fhaisnéis a theastaíonn uatha.  Cuireadh mír nua san áireamh lena mbaineann an earnáil Éiceolaíochta agus Nithe In-athnuaite atá ag teacht chun cinn.
  • Nascleanúint Níos Fusa:  De bharr gurb ann do struchtúr níos iomasaí roghchláir, is fusa d’úsáideoirí an mhír a theastaíonn uathu a bhaint amach.

Trí ghluaiseacht le dul chun cinn na teicneolaíochta ar líne, tá LookWest.ie tar éis an suíomh gréasáin a mhionathrú le modhanna nua a chur ar fáil le cumarsáid a dhéanamh lenár lucht leanta.  Tá níos mó i gceist leis i láthair na huaire ná stór faisnéise; táthar tar éis acmhainn idirghníomhach, spéisiúil agus fhuinniúil a dhéanamh as a chuireann an mheanma chruthaitheach agus dhearfach i Réigiún Iarthar na hÉireann in iúl.