|
| Dé Sathairn, 27 Feabhra 2010 00:47 | |
|
Seoladh tionscnamh gréasáin LookWest.ie in 2004 chun na buntáistí a bhaineann le cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn. Is acmhainn fhíor-riachtanach atá sa suíomh gréasáin a sholáthraíonn naisc agus faisnéis do na daoine sin atá ag smaoineamh faoi bhogadh go dtí an tIarthar agus leathanach gréasáin ann do gach contae sa Réigiún.
Trí thionscnamh LookWest.ie tá EXPO LookWest.ie (2006-08) bunaithe agus reáchtáilte ag an WDC – imeacht bliantúil a bhíonn ar siúl i mBaile Átha Cliath chun gnólachtaí agus eagraíochtaí san Iarthar a éascú chun bualadh le daoine a bhfuil suim acu bogadh go dtí an réigiún. Faoi bhrat LookWest.ie, tá sraith feachtais ilmheáin eagraithe ag an WDC le gníomhaireachtaí stáit, gnólachtaí agus údaráis áitiúla chun feasacht a ardú ar an réigiún. Tá LookWest.ie ag obair faoi láthair chun naisc a fhorbairt agus dul i ngleic le pobail Diaspóra na hÉireann lena chinntiú go bhfuil Réigiún Iarthar na hÉireann lonnaithe in áit iomaíoch sa mhargadh domhanda.
|




