|
| Dé Sathairn, 27 Feabhra 2010 00:05 | |
|
Straitéisí
Tá straitéisí forbartha ag an WDC i roinnt réimsí ina bhfuil buntáiste ar leith ag Réigiún an Iarthair – táirgeadh agraibhia orgánaigh, fuinneamh in-athnuaite agus turasóireacht thuaithe. Sampla amháin d’éascú an WDC é Tionscnamh Straitéiseach Orgánach an Iarthair – tabhairt le chéile gréasán dinimiciúil grúpaí chun taighde a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh bia orgánaigh, agus ag an am céanna clár oiliúna agus comhairleach agus suíomh gréasáin le haghaidh scaipeadh trádála agus faisnéise a chur ar fáil. Déantar go leor den obair straitéiseach a bhaineann leis tríd an gCoiste Stiúrtha Orgánach Náisiúnta ar a suíonn an WDC. Le tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.
Bonneagar
Tá béim láidir ag obair an WDC ar bhonneagar – bóithre, teileachumarsáid, fuinneamh, aer agus iarnród. Tugtar moltaí soiléire don rialtas ar réitigh atá éifeachtach ó thaobh costais de a théann i ngleic leis an mbearna atá ag fás idir Réigiún an Iarthair agus an chuid eile den tír. Tá mórfheabhsúcháin agus uasghráduithe déanta ar sheirbhísí bóthair, iarnróid agus aeir le bliana beaga anuas. Táthar ag súil leis an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda a chríochnú ag deireadh 2010. Tá rath na scéimeanna agus na bhfeabhsúchán leanúnach seo ríthábhachtach chun rath an réigiúin a chinntiú agus chun poist agus infheistíocht a mhealladh ar bhonn leanúnach. Le tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.
Ciste Infheistíochta an WDC
Bhunaigh Rialtas na hÉireann Ciste Infheistíochta an WDC (WIF) agus is foinse uathúil caipiteal riosca atá ann d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (SMEanna), d’fhiontair phobail agus do thionscadail straitéiseacha i Réigiún an Iarthair. Tá dhá chuspóir aige, aisíoc airgeadais a fháil ar infheistíochtaí agus tairbhe shóisialta a chruthú don réigiún. Oibríonn an Ciste go dlúth lena gcuid cliant – tugann sé tacaíocht dóibh go fadtéarmach agus cuidíonn sé leo a spriocanna fáis a bhaint amach. Trína phunann infheistíochta atá ag méadú, cuireann an Ciste inmharthanacht na n-infheistíochtaí san Iarthar in iúl don earnáil phríobháideach.
Beartas
Mar chomhlacht a fhaigheann maoiniú poiblí, ar cheann de phríomhróil an WDC tá cinntiú go bhfuil infheistíocht phoiblí i bhforbairt Réigiún an Iarthair éifeachtach agus do gcruthaíonn sé tairbhe réigiúnach agus náisiúnta. D’fhonn é seo a chinntiú, déanann Foireann Beartais an WDC na nithe seo a leanas:
Taighde agus Foilseacháin
Tá an WDC ceannródaíoch i dtacú le agus déanamh taighde i Réigiún an Iarthair agus foilsíonn sé a réimse fairsing taighde i bprionta agus ar líne. Tig leat liosta iomlán d’fhoilseacháin an WDC a fheiceáil anseo.
LookWest.ie
Is tionscnamh de chuid WDC atá i bhfeachtas LookWest.ie. Is é an aidhm atá aige buntáistí a bhaineann le cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn. Chun obair fheachtas LookWest.ie a bhreisiú, tá tacaíocht tugtha ag an WDC d’fhorbairt:
Fuinneamh in-athnuaite – Adhmad & Gaoth
Is é fuinneamh adhmaid an fhoinse is suntasaí d’fhuinneamh in-athnuaite san Aontas Eorpach, áit a bhfuil sé ina earnáil atá aibí i dtaobh cúrsaí teicniúla agus baintear leas fairsing as agus is earnáil atá inmharthana i dtaobh na tráchtála de. Mar gheall ar fhorbairt chuí agus phleanáilte na hearnála, beidh feasacht níos mó ar iompair íogaire ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil (pearsanta agus corparáideach), lena n-áirítear úsáid níos leithne teicneolaíochtaí glasa a rachaidh chun tairbhe an gheilleagair níos leithne agus, go deimhin, an comhshaol. Tá Réigiún an Iarthair in áit uathúil chun an earnáil fuinneamh adhmaid a fhorbairt, le 41% de thalamh choilltithe an stáit ann, tá dóthain acmhainn foraoiseachta ann chun éilimh an mhargaidh a sholáthar. Sa mhullach air sin, baineann próifíl aoise le cuid mhór den fhoraoiseacht seo ina dteastaíonn tanúchán (is mórfhoinse fhéideartha de bhreosla adhmaid iad tanúchán agus iarmhair foraoiseachta). I mí na Nollag 2008, tugadh maoiniú an Aontais Eorpaigh do WDC d’fhonn comhpháirtíocht a fhorbairt le fás a spreagadh san earnáil bhithmhaise in-athnuaite. Is é aidhm an chláir seo an earnáil réigiúnach teas adhmaid a mhéadú faoi thrí agus an earnáil mhuirí bhithmhaise a fhorbairt dá réir. Seo a leanas na tairbhí réigiúnacha a thuartar maidir le teas adhmaid amháin: cóir a bheith 1,000 post sa bhreis; €15 mhilliún GVA in aghaidh na bliana; agus díothú 692,000 tona CO2 (is ionann é seo agus thart faoi 92,000 níos lú carranna ar na bóithre gach bliain). D’fhorbair agus d’fhoilsigh an WDC an méid seo a leanas:
Tá an WDC páirteach chomh maith i gcuidiú le forbairt tionscadal um fhuinneamh gaoithe ar fud an réigiúin. Cliceáil ar na tuarascálacha seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Earnáil na Cruthaitheachta
Meastar de réir taighde an WDC go bhfuil 4,800 gnólacht in earnáil na cruthaitheachta sa réigiún ag fostú 11,000 duine agus gur fiú €534 milliún sa bhliain é. Díríonn clár forbartha leantach an Iarthair Chruthaithigh ar bhorradh sa gheilleagar cruthaitheach réigiúnach a spreagadh agus baineann sé leis an WDC bheith ag obair le comhpháirtithe náisiúnta agus grúpa comhairleach tionscail. Tá tuarascáil an Iarthair Chruthaithigh ar fáil le híoslódáil anseo (PDF 1.9M).
Turasóireacht tuaithe
Ag oibriú le comhpháirtithe, bhí an WDC páirteach i dtionscnamh réigiúnach Chlár Turasóireachta Fhorbairt an Iarthair (WDTP) a bhfuil 14 fhiontar nó tháirge turasóireachta éirithe as, cosúil le Siúl san Iarthar, clár an Tourism Tastes Trail , agus tionscnamh an Green Box . Sa mhullach air sin, tá tacaíocht faighte ag na céadta fiontar beag agus micrifhiontar trí chlár an WDTP. |




