Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Ár bhfeidhm sa Réigiún
Priontáil
Dé hAoine, 26 Feabhra 2010 23:15

 

Bunaíodh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) sna 1990idí. Freagairt den rialtas a bhí ann ar dhianbhrú poiblí dul i ngleic leis an ollmheath a bhí ag teacht ar an daonra i Réigiún Iarthar na hÉireann le go leor blianta anuas. Níor mealladh ach beagán infheistíochta go dtí an tIarthar de thairbhe mhéid an mheatha seo sa mhullach ar shuíomh imeallach an réigiúin agus ar a lagbhonneagar.

Bhí an easpa deiseanna poist chomh maith le himirce fhairsing ina dtoradh ar bhunú Choimisiún Forbartha an Iarthair – comhlacht reachtúil a bunaíodh d’fhonn forbairt shóisialta agus gheilleagrach araon i gContaetha Dhún na nGall, Liatroma, Shligigh, Mhaigh Eo, Ros Comáin, na Gaillimhe agus an Chláir de Réigiún an Iarthair a chur chun cinn.

Tá feidhm uathúil ag an WDC i Réigiún an Iarthair:

  • Is é an t-aon ghníomhaireacht é leis an sainchúram straitéisí réigiúnacha a fhorbairt agus a éascú.
  • Is é an t-aon ghníomhaireacht é leis an sainchúram comhairle a chur ar an rialtas náisiúnta maidir le hathruithe beartais lena mbaineann ríthábhacht i ndáil leis an Iarthar.
  • D’éirigh leis tacú le gnólachtaí áitiúla trí shaineolas agus trí thacaíocht a thabhairt ó  Chiste uathúil Infheistíochta an WDC (WIF).
  • Tugadh tacaíocht do thionscadail agus do thionscnaimh eile chomh maith le hiad a réiteach mar chuid dá obair féin agus trí oibriú le gníomhaireachtaí eile.

Chabhraigh a thaighde ardteicneolaíochta agus cuimsitheach ar Réigiún an Iarthair gach a dteastaíonn ó ghnólachtaí agus ó dhaoine aonair a thabhairt chun solais d’fhonn bheith rathúil agus bheith ina steillbheatha i gContaetha an Iarthair.  De bharr go bhfuil an WDC ina eagraíocht bheag, sholúbtha agus dhírithe go réigiúnach, tig leis comhoibriú leis an uile earnáil (idir phoiblí, phríobháideach agus dheonach) agus teacht ar bhealaí le teorainneacha eagraíochtúla a shárú.
Déanann an WDC an méid a leanas:

  • Feidhm lárnach a bheith acu i bhforbairt réigiúnach – trí thionscnaimh straitéiseacha in earnálacha éagsúla ar nós na talmhaíochta agus na turasóireachta.
  • Comhairle a chur ar an rialtas i ndáil le beartais ag a mbíonn tionchar ar an réigiún (bunaítear an uile thogra ar thaighde cuimsitheach geilleagrach agus sóisialta).
  • Cinntiú go ndíríonn beartas rialtais ar an gcás sóisialta agus geilleagrach i Réigiún an Iarthair a fheabhsú agus go ndéantar breithniú ar leas an Iarthair i gcónaí i measc na leibhéal is airde den rialtas.
  • Bainistiú ar  Chiste Infheistíochta an WDC (WIF), a bunaíodh d’fhonn ‘bearna mhaoinithe’ a líonadh ag a raibh drochthionchar ar ghnólachtaí agus ar ghrúpaí pobail sa réigiún.
  • Tionscadail a fhorbairt ar bhonn réigiúnach in earnálacha ar nós na turasóireachta, an tionscail, na hearnála muirí, fuinneamh in-athnuaite, na teicneolaíochta agus agraibhia orgánach.

De bharr go bhfuil éiteas ag an WDC atá dírithe go réigiúnach mar aon le tréan-nós a chuid acmhainní agus faisnéise a roinnt, bhí feidhm lárnach aige maidir le borradh agus rath a thabhairt chun Réigiún Iarthar na hÉireann.