Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie An bhliain 2009 – Bliain na Meán Sóisialta
Priontáil
Déardaoin, 17 Nollaig 2009 23:52

Chinn foireann LookWest.ie in 2009 gur theastaigh uathu níos mó a chur san áireamh agus nasc a dhéanamh lena gcuid rannpháirtithe ar bhealaí úra sa bhreis ar an suíomh gréasáin.  Cuireadh straitéis agus plean feachtais i dtoll a chéile.

Ba é ba chuspóir leis an bhfeachtas úsáideoirí nach raibh feasach orainn, ach lena mbainfeadh tábhacht le teachtaireacht LookWest.ie, a chur ar an eolas.   I measc spriocanna an fheachtais bhí siad seo a leanas:

  • Tairbhe a chur ar fáil d’úsáideoirí trí iad a nascadh le faisnéis, gníomhaíochtaí, grúpaí, deontais agus le tionscnaimh a d’fhéadfadh iad a chur ar bhealach a leasa.
  • É a chur ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar na gréasáin agus ar an teacht le chéile réigiúnach a d’fhéadfadh lámh chúnta a thabhairt dóibh teagmhálaithe a chur le chéile, gníomh a bheadh cabhrach le bogadh chuig an réigiún a éascú. 
  • An mheanma dhearfach agus chruthaitheach atá sa réigiún a chur in iúl.
  • Na tairbhí lena mbaineann cónaí san Iarthar a léiriú agus dul i ngleic le saincheisteanna go hionraic i gcomhthráth.
  • Idirghníomhú lenár gcuid úsáideoirí agus cluais a thabhairt dóibh chomh maith le plé a dhéanamh ar aon smaointe nó saincheisteanna a thugann siad chun solais.


Tá dhá lucht leanta ag LookWest.ie agus tá siad thar a bheith éagsúil óna chéile. Cuirimid faisnéis agus comhairle ar fáil do dhaoine a chónaíonn i Réigiún Iarthar na hÉireann nó a bhfuil sé ar intinn acu bogadh ann.  Ina theannta sin, cuirimid faisnéis agus tacaíocht ar fáil le fiontar agus le gnó a mhealladh chun an réigiúin.  Ba ghá dúinn na bealaí atá againn cumarsáid a dhéanamh a dheighilt óna chéile le haghaidh an dá lucht éagsúla leanta atá againn bunaithe ar dhéimeagrafaic agus ar phróifíl gach bealaigh.

Ba iad na bealaí nua ar glacadh leo:

  • Nuachtlitir ar Ríomhphost: Bainimid leas as seo le faisnéis réigiúnach ábhartha agus thráthúil a chur ar fáil dár rannpháirtithe pearsanta agus fiontair araon.
  • Facebook: Bealach atá in Facebook, go príomha, le cumarsáid a dhéanamh lenár rannpháirtithe pearsanta. Díríonn Facebook ar an spraoi, agus ar nithe suimiúla agus sóisialta a bhaineann le bheith i do chónaí i Réigiún Iarthar na hÉireann.
  • Twitter: Baineann Twitter lenár dá lucht leanta agus tá faisnéis ann mar aon le naisc le hailt agus le himeachtaí. Ina theannta sin, déanaimid rath áitiúil a cheiliúradh ar Twitter.
  • LinkedIn: Dírítear go mór ar lucht leanta ár bhfiontair, agus bainimid leas as le nuacht agus le beartas ag a mbíonn tionchar ar ghnó a dhéanamh sa réigiún a thabhairt chun solais.
  • YouTube: Tá ábhar ar YouTube lena mbaineann fístéip de chás-staidéir a bhaineann leis an dá lucht leanta araon.


I ndiaidh beagán de bhreis ar shé mhí, tá 1,069 lucht leanta againn ar Facebook, 400 lucht leanta ar Twitter mar aon le 106 úsáideoir ar LinkedIn.  Bhí aiseolas ó úsáideoirí chomh maith le sonraí anailíseacha Google an-dearfach.

Is léir dúinn an méid a leanas:

  • Is iad is mó atá i ndéimeagrafach lucht leanta LookWest Bord Cósta Oirthear na hÉireann chomh maith le Diaspóra SAM/RA na hÉireann. 
  • Is iad na tíortha ina bhfuil an líon is mó lucht leanta Éire, SAM agus an RA, san ord sin. 
  • Is iad na cathracha ina bhfuil an líon is mó lucht leanta Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Manchain agus Londain.
  • Is é LinkedIn an cúigiú tagróir is mó a dhéanann daoine a atreorú chuig suíomh gréasáin LookWest i láthair na huaire
    • Caitheann na húsáideoirí seo 8.34 nóiméad ag féachaint ar an suíomh gréasáin seo ar an meán
    • Cuirtear é seo i gcomparáid le meánam 2.45 nóiméad ar an suíomh gréasáin
  • Is é Twitter an naoú tagróir is mó a dhéanann daoine a atreorú chuig suíomh gréasáin LookWest i láthair na huaire
    • Caitheann úsáideoirí Twitter fad breá 3.54 nóiméad ag féachaint ar shuíomh gréasáin LookWest.ie ar an meán
Bhíomar ar an ngearrliosta le haghaidh Dhámhachtainí Suíomh Gréasáin na hÉireann in 2009 (‘Irish Web Awards’) sa chatagóir ‘An Feachtas Meán Sóisialta is Fearr’. Táimid ríshásta le torthaí ár bhfeachtais agus leis an aiseolas a fuaireamar go dtí seo. Bhíomar dírithe go mór ar gach ar theastaigh ónár n-úsáideoirí agus a raibh ina riachtanas acu a chur ar fáil agus tá dúil againn go leanfaidh sibh ar aghaidh ag cabhrú linn é sin a chur ar fáil in 2010.