Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Tá an WDC chun Deiseanna Chluichí Oilimpeacha 2012 i Londain do SMEanna i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn
Priontáil
Dé Máirt, 01 Nollaig 2009 10:05

Tá an WDC chun Deiseanna Chluichí Oilimpeacha 2012 i Londain do SMEanna i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn.

Tá Coimisiúin Forbartha an Iarthair (WDC) ag obair i gcomhar le Gréasán Gnó Idirnáisiúnta na hÉireann (IIBN) chun gnólachtaí beaga agus meánmhéide i Réigiún an Iarthair a chur ar an eolas maidir le deiseanna gnó atá ar fáil dóibh de bharr na gCluichí Oilimpeacha i Londain in 2012.

Dúirt Joanne Grehan ón WDC, “Tá sé aitheanta ag LookWest.ie – an treoir is fearr ar líne maidir le cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh i Réigiún an Iarthair in Éirinn – go bhfuil féidearthachtaí in 2012 do ghnólachtaí Éireannacha agus dá bhrí sin táimid tagtha le chéile le IIBN chun an focal a scaipeadh i measc gnólachtaí Éireannacha.  Is é an Pobal Éireannach an grúpa eitneach is mó sa RA agus tá cáil láidir orthu as cruthaitheacht, nuálaíocht, gairmiúlacht agus obair chrua.  Beidh 7,000 conradh díreach agus 75,000 conradh slabhra soláthair i gceist leis na Cluichí Oilimpeacha agus dá bhrí sin tá go leor deiseanna ann agus theastaigh uainn gnólachtaí beaga agus meánmhéide i Réigiún an Iarthair a chur ar an eolas fúthu.”

“Is deis aonuaire atá in 2012 do go leor in earnáil na SMEanna.  Tá an-áthas ar IIBN bheith páirteach le tionscnamh 2012 agus bheith in ann obair le gréasáin chomhpháirtithe gnó agus eagraíochtaí cosúil leis an WDC agus teachtaireacht dhearfach a scaipeadh faoi na deiseanna gnó fíora atá amuigh ansin.  Tá foireann saineolaithe curtha le chéile againn le cuidiú le gnólachtaí Éireannacha deiseanna 2012 a bhaint agus táimid ag súil againn go mbainfidh na gnólachtaí seo tairbhe as an deis seo bheith rannpháirteach,” a dúirt Mary Frawley faoi cheardlanna IIBN 2012.

Dúirt an tUas. Grehan chomh maith, “Tá níos lú ná 1,000 lá le dul go dtí na Cluichí Oilimpeacha in 2012 agus is am maith atá ann do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair na hionchais a scrúdú.  Mar shampla, i rith mhí na Samhna agus mhí na Nollag cuirfear conarthaí d’ealaíontóirí agus taibheoirí do na mórimeachtaí, trealamh slándála, conraitheoirí slándála, seirbhísí lena n-áirítear dearadh grafach, aistriúchán, caidrimh phoiblí, rialuithe tógála, teicneolaíocht, iompar agus lóistíochtí ar tairiscint.

“Ba cheart do ghnólachtaí san iarthar – atá bunaithe anseo agus sa RA – ar mian leo cur isteach ar chonarthaí dul chuig www.competefor.com chun cuntas a chruthú.  Nuair a chruthaítear an cuntas, is é an chéad chéim eile próifíl an chuntais a fhoilsiú.  Ansin tig leo tosú ag cur isteach ar chonarthaí do 2012.”

Chríochnaigh an tUas. Grehan, “Tá deiseanna cinnte ann do ghnólachtaí as Réigiún Iarthar na hÉireann.  Mar shampla, chuaigh seacht gcinn de na mórchonarthaí tógála a bhronn an tÚdarás Seachadta Oilimpeach chuig gnólachtaí Éireannacha, agus ar an taobh eile den scéal, bronnadh trí ceathrú de chonarthaí 2010 ar ghnólachtaí ina bhfuil idir 1 agus 10 fostaithe san fhórsa saothair, dá bhrí sin d’fhéadfadh deiseanna iontacha bheith ann do ghnólachtaí beaga.  De bharr chruthaitheacht Réigiún an Iarthair agus an líon mór gnólachtaí atá suite anseo agus a fhreastalaíonn ar mhargaí idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gné nua bheith anseo do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide i Réigiún an Iarthair a d’fhéadfadh lucht féachana domhanda a sheachadadh agus a thabharfadh deiseanna suntasacha dóibh a ngnólacht a fhorbairt.”


Léigh tuilleadh