Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Déanann WDC urraíocht ar Chomhdháil Nasctha an Iarthuaiscirt - cur chuige úr chun cruthaitheacht áitiúil agus gréasáin réigiúnacha a nascadh
Priontáil
Dé Luain, 30 Samhain 2009 12:15

Tá cur síos déanta ag an WDC ar Chomhdháil Nasctha an Iarthuaiscirt mar dheis do ghnólachtaí tosaigh agus reatha i Réigiún an Iarthair gréasáin tacaíochta a bhunú agus úsáid cheart a bhaint as saineolas an réigiúin.  Tabharfaidh an chomhdháil deis chomh maith do bhaill an phobail foghlaim faoi na gnólachtaí nua agus nuálacha atá sa réigiún.

Beidh Nascadh an Iarthuaiscirt ar siúl in Ionad Nuálaíochta IT Shligigh Dé Sathairn an 28 Samhain agus tá sé oscailte d’fhiontraithe, do nuálaithe agus do bhaill an phobail. Cead isteach in aisce.

“Tá áthas orainn urraíocht a dhéanamh ar an imeacht mar go nascann sé go maith lenár dtionscnamh LookWest.ie, a dhéanann na buntáistí a bhaineann le cónaí, oibriú agus gnó i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn.  Seoladh LookWest.ie in 2004 agus ó shin tá úsáid bainte as an suíomh gréasáin ag beagnach 600,00 duine.  Tá sé anois ina threoir iomlánaíoch ar líne do chontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Ros Comáin, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir,” a dúirt Joanne Grehan ón WDC.

“I rith na comhdhála, léireoidh plé painéil agus seimineáir an saineolas agus an fórsa saothair ardoilte atá ar fáil sa réigiún, léireofar na buntáistí a bhaineann le gnólacht a athlonnú nó a bhunú anseo agus leagfar amach tacaíochtaí fiontair agus na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil,” a dúirt an tUas. Grehan chomh maith.

Tabharfaidh John Allen, Feidhmeannach Infheistíochta leis an WDC sonraí ar Chiste Infheistíochta an Iarthair (WIF), ciste síl agus caipiteal fiontair arna fheidhmiú ag Coimisiún Forbartha an Iarthair.  “Bhunaigh an Rialtas an WIF le dul i ngleic le teip mhargaidh na hearnála príobháidí i dtaca le soláthar caipitil riosca d’fhiontair i réigiún an iarthair.  Déantar infheistíochtaí ar bhonn tráchtála agus bíonn siad idir €100,000 agus €1 mhilliún agus faightear scairsheilbh i gcuideachta an infheistí dá bharr,” a dúirt John.  Dúirt sé freisin, “Tá suim ag an WIF i bhfiontair ardbhorrtha thar réimse leathan earnálacha.  Tá infheistíocht an WIF comhlántach do na tacaíochtaí atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí forbartha fiontar príomhshrutha agus déanaimid comhinfheistíocht le caipitlithe fiontair, infheisteoirí BES nó Angel.  Táim ag súil leis na sonraí ar fad faoin gCiste a thabhairt ag an gcomhdháil ar an 28 Samhain.” 

“Creideann an WDC go láidir i gcruthaitheacht agus is é sin an fáth ar chuireamar béim chomh mór air inár dtaighde agus inár gcláir forbartha beartais.  Is daoine an-chruthaitheach muid mar Éireannaigh agus meallann ár dtír go leor daoine cruthaitheacha eile ó gach cearn den domhain. Tá de chumas againn, leis an Idirlíon go háirithe, bheith ina ionad cruthaitheachta domhanda, agus na mílte post inbhuanaithe a thabhairt isteach,” a dúirt Grehan.