|
| Dé Sathairn, 28 Samhain 2009 14:39 | |
|
Is fíor le rá go bhfuil an uile ní san iarthar le haghaidh páistí; taobh amuigh fairsing, an dúlra, oidhreacht thraidisiúnta agus an Ghaeltacht, áit a labhraítear an Ghaeilge go fóill mar an chéad teanga. Is furasta páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar nós fánaíochta, marcaíochta ar chapall agus na hiascaireachta. Tig le teaghlaigh cuairt a thabhairt ar na tránna fíoráille brait ghoirm, dánlanna, iarsmalanna agus ar ionaid fóillíochta atá sa réigiún. Tá cumainn CLG, Sacair, Iománaíochta agus Rugbaí gníomhach ar fud an réigiúin. Ceantar iontach le haghaidh teaghlach a bhaineann aoibhneas as gníomhaíochtaí agus as bheith faoin spéir é an t-iarthar. Oireann sé go mór do theaghlaigh agus i dtaobh páistí de, tá mórán le déanamh agus le feiceáil. Is féidir leat oidhreacht thraidisiúnta na hÉireann a fhiosrú ar oileáin agus ar pháirceanna sléibhtiúla gleoite nó seal den scoth a chaitheamh i nGaillimh, ceann de na cathracha is iltírí san Eoraip. Ina theannta sin uile, bíonn tóir ar ghníomhaíochtaí i ndiaidh na scoile, ar nós spóirt, ceardaíochta, ceachtanna ceoil agus damhsa agus tá fáil fhairsing orthu sa réigiún. Seiceáil le paróistí áitiúla le heolas a fháil faoi na clubanna le haghaidh páistí ar a bhfuil fáil go háitiúil. Caithfidh tú níos lú ama ag comaitéireacht go dtí an t-ionad oibre agus abhaile uaidh i Réigiún an Iarthair agus tabharfaidh tú chun suntais go bhfuil breis ama agat le díriú ar do theaghlach agus chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí le chéile.
|




