Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Ealaíona & Siamsaíocht Bheoga
Priontáil
Dé Sathairn, 28 Samhain 2009 14:11

 

Tá imeachtaí agus féilte ar siúl i rith gach mí den bhliain san iarthar agus tá go leor díobh saor in aisce. Díríonn siad ar gach rud idir pháistí agus daoine os cionn 55 bliain, agus cheol traidisiúnta, cheol comhaimseartha, dhamhsa agus litríocht. Pé rud a bhfuil suim agat ann, tá féile ann a oirfidh duit.

Áirítear i measc na bhféilte cáiliúla idirnáisiúnta Féile Ealaíon na Gaillimhe a cheiliúraigh a 30ú féile in 2008, Féile Ealaíon Earagail a cheiliúir a 21ú féile in 2009 agus Féile Ealaíon Mhainistir na Búille atá á reáchtáil go rathúil le 20 bliain anuas.  Áirítear le móramharclanna cruthaitheacha Druid, Arcana agus Macnas. 

Tá 8 gcinn as an 20 iomaitheoir ceannais d’Ionad Ceoil Beo IMRO ar ghearrliosta rogha an léitheora in Hot Press san iarthar.  Is iad na hionaid ar an ngearrliosta:

  • Campbell’s Tavern, Áth Cinn
  • Crane Bar, Gaillimh
  • Róisín Dubh, Gaillimh
  • Royal Theatre & Event Centre, Caisleán an Bharraigh
  • Amharclann na Cathrach, Gaillimh
  • Balor Arts Centre; Bealach Féich
  • An Grianán, Leitir Ceanainn
  • McGrory’s, Cúl Dubhcha

Tá an tIarthar ag tarraingt ealaíontóirí de gach cineál le blianta fada, is breá le daoine cruthaitheacha soiléireacht an tsolais, agus an timpeallacht fháilteach a chothaíonn inspioráid. Cuireann an tIarthar nós maireachtála ar fáil a thaitníonn le daoine cruthaitheacha, mar aon leis na buntáistí a theastaíonn óna ngnólachtaí.

Cuireann earnáil na cruthaitheachta go mór le geilleagar Réigiún an Iarthair mar go bhfuil beagnach 5,000 gnólacht cruthaitheacha ag feidhmiú ansin.  Is gnólachtaí beaga go leor díobh agus cuideachtaí idirnáisiúnta cuid eile cosúil le hAmharclann Druid as Gaillimh, an bhraisle cuideachtaí closamhairc atá tagtha chun cinn i gConamara agus an stór scríbhneoirí, ceoltóirí agus drámadóirí.

Ba bhliain iontach a bhí in 2009 do Ghaillimh agus do Réigiún an Iarthair nuair a tháinig Aigéanrás Volvo go Gaillimh, agus bhí féile choicíse ar siúl a tharraing 650,000 duine go Gaillimh chun taitneamh a bhaint as seónna aeir, ceolchoirmeacha, siúlóidí ealaíne, comórtais ghrianghraf agus cairdeas, spraoi agus fáilteachas Iarthar na hÉireann.

Tá liosta de na himeachtaí agus féilte a bheidh ar siúl ar fáil ón Association of Irish Festival Events (AOIFE).