Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Saibhreas Oidhreachta agus Cultúir
Priontáil
Dé Sathairn, 28 Samhain 2009 13:32

 

Tá muintir Chontaetha an Iarthair crioslaithe leis an oiread sin de shaibhreas stairiúil agus gnéithe áille cultúrtha gur fusa gan an aird cheart a thabhairt orthu.  Bhain Aillte fíor-áille an Mhothair áit amach i measc an 28 iomaitheoir oifigiúil sa phobalbhreith ar líne lena mbaineann Seacht nIontas Nua an Domhain.

D’éirigh le hAillte an Mhothair áit a bhaint amach i measc an 28 iomaitheoir oifigiúil sa phobalbhreith ar líne lena mbaineann Seacht nIontas Nua an Domhain Nádúrtha.  Is féidir leat an 28 iomaitheoir uile a fheiceáil chomh maith le vóta a chaitheamh anseo

Tá rogha fhairsing de radharc tíre againn ar fud an réigiúin, ar nós Bhoirne, Chonamara agus Aillte an Mhothair, faoi mar a luadh cheana.  Tá bailte gleoite oidhreachta againn atá beo bríomhar agus tá rogha fhairsing againn maidir le caisleáin, dolmainí, oileáin agus le séadchomharthaí agus le suíomhanna ársa a shiúl.  Is féidir na deirí seachtaine a chaitheamh ag dul timpeall an réigiúin agus bíonn rud éigin le feiceáil ann i gcónaí.  

Tá ceithre cinn de na sé Pháirc Náisiúnta lonnaithe i Réigiún an Iarthair. Is iad seo Páirceanna Náisiúnta Ghleann Bheatha, Bhaile Chruaich, Chonamara agus Bhoirne.  Is dócha gurb í Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich an pháirc náisiúnta ar a bhfuil a laghad cur amach agus is í an ceann is déanaí a bunaíodh í.  Rinne Robert Llyod an cur síos a leanas ar an gceantar seo a fhad siar le 1937 sa leabhar cáiliúil taistil dá chuid, ‘The Way that I Went’ – “Ceapaim gurb é sliabhraon Néifinn Bheag, go deimhin, an áit is uaigní sa tír seo, óir tá na cnoic iad féin crioslaithe ag an gceantar fairsing seo de phortach gan chonair... Admhaím nach mbraithim go bhfuil áit den tsamhail seo uaigneach agus ní thitim i lionn dubh ann ach tugann sé spreagadh dom.  Baineann rúndiamhracht agus maorgacht an dúlra staonadh asam agus cuireann siad tiomáint fúm i gcomhthráth.”

Tá Portach na hAbhann Duibhe sa Pháirc atá ar cheann de na córais dheireanacha ghníomhacha bhratphortaigh atá fós slán inniu in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa.  Tagtar ar fhána andúchasach, lena n-áirítear géanna bánéadanacha, cearca fraoigh, feadóga buí agus madraí uisce laistigh den pháirc. Tá an pháirc féin mar chuid de Limistéar Caomhantais Speisialta (SAC) na hAbhann Duibhe/Néifinne ag a bhfuil achar i bhfad níos mó ná an pháirc.  Is cuid iontach í seo dár réigiún agus d’Éirinn a imreoidh tionchar orthu siúd a bhíonn ag iarraidh cuairt a thabhairt ar shuíomhanna inspéise agus orthu siúd a bhíonn ag iarraidh an cultúr a bhlaiseadh, amhail a rinne Praeger, breis agus 70 bliain ó shin.

Cuireann na Páirceanna Céide ‘eispéireas uathúil’ ar fáil atá suite i dTuaisceart Mhaigh Eo. Is beoshampla iad dár ré chaite stairiúil agus de shaol na haimsire sin chomh maith leis an streachailt a bhí sa mhullach ar ár sinsir.  Is féidir le cuairteoirí a thagann anseo aoibhneas a bhaint as an tírdhreach fairsing réamhstairiúil – éiceolaíocht nádúrtha fhiáin de bhratphortaigh, aillte agus imeallbhord mórthaibhseach, agus as foirgneamh a bhfuil an-chuid molta faighte aige, ar ar bronnadh an dámhachtain ailtireachta is mó gradam in Éirinn.

Má tá spreagadh uait, tá míreanna fairsinge lena mbaineann gníomhaíochtaí sa réigiún agus rudaí le déanamh a oireann do pháistí ag Suíomh Gréasáin Thurasóireacht Éireann agus sa Treoir Lonely Planet