Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht LookWest.ie Taispeántas SAOR IN AISCE ó Chomórtas Grianghraf Fhéile Aigéanrás Volvo LookWest.ie & Pix.ie
Priontáil
Dé hAoine, 14 Lúnasa 2009 16:05

Taispeántas SAOR IN AISCE ó Chomórtas Grianghraf Fhéile Aigéanrás Volvo LookWest.ie & Pix.ie

Taispeánfar 100 de na grianghraif is fearr ó Chomórtas Grianghraf Aigéanrás Volvo LookWest.ie & Pix.ie ar feadh an deiridh sheachtaine ó Dé hAoine an 21 go dtí Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa ag Halla na gCeannaithe, 1 Bóthar na gCeannaithe, Gaillimh.  Tá cead isteach saor in aisce agus beidh sé oscailte don phobal ó 10.00am go 6.00pm gach lá.

Reáchtáladh an comórtas grianghraf, arna urrú ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) agus á eagrú i gcomhar leis an suíomh gréasáin um roinnt grianghraif Pix.ie, thar choicís Fhéile Aigéanrás Volvo agus bhuail sé an curiarracht de ghrianghraif uaslódáilte roimhe sin d’imeacht in Éirinn.  Tá an WDC ag reáchtáil an taispeántais ghrianghraif i gcomhoibriú le Let’s Do It Galway.

Dúirt Joanne Grehan ón WDC, “D’éirigh go maith leis an gcomórtas agus bhíomar an-áthasach leis an bhfreagra ón bpobal.  Bhí sé éagsúil ó chomórtais ghrianghraf thraidisiúnta mar gur uaslódáladh na grianghraif ar fad chuig an suíomh gréasáin um roinnt grianghraif Pix.ie.  Ba é an churiarracht de ghrianghraif uaslódáilte in Éirinn roimhe seo 8,000 grianghraif ach leagadh sprioc 10,00 amach chun é seo a shárú agus thaitin sé seo le muintir na Gaillimhe agus leis na cuairteoirí chuig an chathair don fhéile.  Ba é an toradh a bhí leis seo gur uaslódáladh os cionn 17,000 grianghraf de Ghaillimh, agus dá bharr sin bhí sé ar an tionscadal is mó de roinnt grianghraf in Éirinn riamh.

“Cinnte bhí sé níos deacra gearrliosta a chur le chéile de bharr an líon mór iontrálaithe, ach roghnaigh an Grianghrafadóir Spóirt Mara, David Branigan an 100 grianghraf is fearr.  Cuimsíonn na grianghraif go léir dath agus spleodar na féile agus beidh siad ar taispeáint ó Dé hAoine an 21 go dtí Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa ó 10.00am go 6.00pm.  Ba imeacht a bhí san fhéile a gcuimhneofar air ar feadh i bhfad agus mar sin is deis atá sa taispeántas cuimhneamh air agus cuairt a thabhairt in athuair ar an gcoicís iontach a bhí san fhéile.”

Roghnaíodh na pictiúir ar fad ar an ngearrliosta chun téamaí chuairt Aigéanrás Volvo chun na Gaillimhe a léiriú agus an chaoi a ndeachaigh an imeacht uathúil seo i ngleic leis an gcathair, a daoine agus a cuairteoirí.  Cuimsíonn na grianghraif an searmanas oscailte, na báid, an seó aeir, an tsiamsaíocht agus spleodar agus spraoi shráidbhaile an rása.

Bhí eagraithe an chomórtais an-sásta chomh maith leis na seachtháirgí bolscaireachta don chathair; mar gheall gur comórtas ar líne a bhí ann osclaíodh Gaillimh agus Réigiún an Iarthair chuig lucht féachana domhanda.

D’urraigh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) an comórtas grianghraif mar chuid den obair atá ar siúl aige chun ‘an tIarthar Cruthaitheach’ a chur chun cinn agus Réigiún an Iarthair ag fás go tapa mar mhol na hÉireann do na tionscail chruthaitheacha.

Críoch

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Joanne Grehan, Coimisiún Forbartha an Iarthair, 086 856 5802

Angela Bane, Bane Mullarkey, 087 286 5217

Nótaí do na heagarthóirí ar Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC)
Is comhlacht reachtúil atá san WDC a chuireann forbairt gheilleagrach agus shóisialta chun cinn i gcontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Ros Comáin, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir.
Is iad aidhmeanna straitéiseacha WDC:
1. Cur le forbairt réigiúnach chothromaithe trína chinntiú go mbaineann Réigiún an Iarthair tairbhe iomlán as a chumas d’fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta.
2. Buntáistí a bhaineann le cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh i Réigiún an Iarthair a chur chun cinn.
3. Tacú le forbairt inbhuanaithe gheilleagrach agus shóisialta an geilleagar tuaithe.
4. Caipitil riosca a chur ar fáil do SMEanna agus d’fhiontair shóisialta.
www.wdc.ie agus www.lookwest.ie