|
Is sraith teilifíse thráthúil sé pháirt é Living Lightly a chruthaigh Gillian Marsh atá bunaithe i Maigh Eo a thosóidh i Meán Fómhair. Sa chlár seo, leantar trí theaghlach Éireannacha agus iad ag iarraidh costas agus caighdeán a saoil a bhunathrú. An sprioc atá acu: dearmad a dhéanamh ar an rud atá ag teastáil uathu agus díriú ar an rud a theastaíonn uathu.
Laghdaigh, athúsáid, faigh ar iasacht, babhtáil, roghnaigh malairtí níos saoire, bris drochnósanna, fás do bhia féin nó déan dá uireasa. Caith níos lú. Bíodh saol níos fearr agat.
Tá na trí theaghlach ag caitheamh níos mó airgid ná mar atá acu, ach tá siad tógtha le nithe ‘a chaithfidh bheith acu’, sónna beaga, patrúin chaiteachais agus nósanna maireachtála a fheileann do 2006 níos mó ná 2009. Agus anois, tá dúshlán roimh na trí theaghlach.
Ar feadh 90 lá, cuirfear comhairle orthu, agus déanfaidh beirt mháistirí monatóireacht agus meantóireacht orthu: saineolaí tomhaltóra Conor Pope, a dhéanfaidh iniúchadh ar a gcaiteachas agus a leagfaidh spriocanna amach chun é a laghdú, agus ‘díograiseoir eacnamaíochais’ Ella McSweeney a mholfaidh malairtí dóibh agus a thabharfaidh cabhair phraiticiúil dóibh. Ar an gclár: gach rud ó bhillí breosla agus iompair a laghdú go bíogcheannaitheoirí, daoine a dtaitníonn bia mear leo agus daoine atá tógtha le milseáin a leigheas.
Ní bheidh sé éasca cuidiú leo - agus níos deacra fós, lena leanaí - chun dul ar bhóthar a leasa. Beidh ar Conor, Ella agus na teaghlaigh iad féin bheith nuálach, seiftiúil agus an-fhoighneach. Beidh teip chomh maith le rath i gceist, gan trácht ar fhrustrachas, séanadh, mearbhall agus corr throid.
Ach is fiú é. Mar ní sábháil airgid amháin atá sa phlean.
Mar a fheicfimid, is féidir an-tairbhe a bhaint as costas maireachtála a ghearradh, i dtéarmaí cáilíocht beatha.
|