|
Tugann rannán na bPost faoi Thrácht sonraí faoi roinnt fostóirí ag a bhfuil folúntais faoi láthair
Post a hAon:
Earcaitheoir HR – Lionbridge Technologies Tá foireann GSS Recruitment in Lionbridge Technologies ag iarraidh Earcaitheoir HR, a bheidh ina s(h)aorearcaitheoir le láithreacht i mbreis agus 100 tír ar fud an domhain, a earcú le bheith mar bhall dá bhfoireann. Tá an fheidhm seo bunaithe ar an suíomh i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo agus beidh na nithe a leanas á mbainistiú ag an té a cheapfar: píblínte pobail, fógraíocht dhomhanda, spriocanna custaiméara agus ionchais seachadta, bailiú agus cur i láthair sonraí faoi earcaíocht chlár. Is iad seo a leanas na dualgais laethúla agus tréimhsiúla don phost seo Dualgais agus Freagrachtaí: - Bheith freagrach as iarrthóirí a aimsiú trí líonrú, trí phostáil ar an idirlíon, agus trí chaidreamh ollscoile, etc. Meantóireacht a dhéanamh mar aon le treoir agus stiúradh a thabhairt do chomhordaitheoirí earcaithe.
- Spéis mhór in eispéireas na gcustaiméirí a fheabhsú. (Sainmhínítear custaiméirí go ginearálta mar iarrthóirí, fostaithe nua, bainisteoirí earcaithe agus mar earcaitheoirí). Caidreamh leanúnach le cliaint le pleananna soláthair foirne a chinntiú chomh maith lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais iarrthóirí.
- Tuarascálacha a chur le chéile agus a nuashonrú le haghaidh folúntais poist, fostaithe mar aon le hachoimrí iarfhostaithe le haghaidh bainisteoirí fostaithe.
- An cumas tosaíocht a dhéanamh d’fheidhmeanna agus de thascanna iomadúla chomh maith le ham oibre a bhainistiú go héifeachtúil.
- Cumas a chruthaítear cur go comhsheasmhach agus go dearfach le cúrsaí i dtimpeallacht ardluais agus athraitheach oibre.
- Duine atá féintreoraithe, a thugann aird nach beag ar shonraí, ar féidir leis/léi réiteach a fháil ar dheacrachtaí agus ag a bhfuil ardmhian cur le cáil agus le rath na heagraíochta.
- Tabhairt faoi thaighde go réamhghníomhach agus smaointe nua a fhiosrú d’fhonn straitéisí nuálacha foinsithe a chruthú.
- Iarrthóirí atá ann faoi láthair a aimsiú ó bhunachair shonraí ar líne, liostaí teagmhálaithe, bunachair inmheánacha shonraí agus ó atreoruithe fostaithe.
- Boird phoist a riar: Poist a fhógairt ar gach díoltóir seachtrach bord post agus ionaid ghairmeacha ollscoile, nuachtlitreacha, grúp-ríomhphoist, boird phost, fógairtí comhlachais, alumni agus grúpaí comhairlithe.
- Gníomhú mar shaineolaí taighde le haghaidh limistéar/limistéir feidhme trí riachtanais fheidhmeacha fostaíochta, trí shonraíochtaí poist agus trí riachtanais chuardaigh a thuiscint.
- Iarrthóirí a scagadh de réir infhaighteachta, leibhéal suime, stádas víosa, réimse tuarastail, riachtanais athlonnaithe agus cáilíochtaí bunúsacha.
- Cumas lucht bainistíochta caidreamh custaiméara a láimhseáil, tréanscileanna comhairliúchán custaiméara a chur ar fáil mar aon le hoibriú i dtimpeallacht foirne móire.
- Scileanna cruthaithe eagraithe chomh maith le haird ar shonraí agus an cumas tosaíocht a dhéanamh de nithe agus oibriú go maith i dtimpeallacht ina bhfuil éilimh iomaíocha.
- Bheadh go leor fuinnimh ag an iarrthóir is fearr, bheadh sé/sí an-spreagtha, féintreoraithe mar aon le bheith solúbtha.
- Cumas oibriú i dtimpeallacht foirne ina bhfuil braistint ghéar phráinne.
- Sárscileanna cumarsáide ó bhéil agus scríofa le béim ar dheastuiscint agus ar thaidhleoireacht. Sa mhullach air sin, tá géarghá le scileanna obair bhuíne mar aon leis an gcumas dul i ngleic le teicneolaíochtaí nua.
- Ní mór bheith oilte sa ríomhchlár MS Office, lena n-áirítear Word agus Excel.
Ní mór go mbeadh na nithe a leanas ag iarrthóirí: - An cumas idirghníomhú ag an uile leibhéal d’eagraíocht.
- An cumas tionscnaimh spriocdhírithe foinsithe a chur i bhfeidhm.
- Scuaine fhada ardmhéide d’iarrthóirí ardchaighdeáin a chruthú agus amlínte an-ghearra i gceist.
- Solúbthacht agus toilteanas tacú le feidhmeanna iomadúla/aonaid ghnó.
- Sárscileanna cumarsáide agus scileanna idirphearsanta agus an cumas cruthaithe oibriú as a stuaim féin agus tréanchaidreamh táirgiúil a chruthú.
- Baineann ríthábhacht le tréanchumais eagraíochtúla agus le cumais iltascála i dtaca leis an bpost seo.
Riachtanais: - Dírithe ar shonraí agus ar sheirbhís do chustaiméirí.
- Tréanscileanna cumarsáide agus eagraíochtúla.
- Scileanna maithe le réiteach a fháil ar dheacracht.
- Teastaíonn tréanscileanna sa ríomhchlár Microsoft Office (leibhéal meánach in Excel, in Word agus in Powerpoint).
- Solúbthacht thart ar ghlaonna agus ar chruinnithe atá sceidealaithe le Custaiméir ó SAM.
- Buntáiste atá i dtaithí SAP.
- Cáilíocht in HR nó i ndisciplín lena mbaineann gnó. Tá cáilíocht CIPD inmhianaithe.
- B’fhearr cúlra a bheith ag an iarrthóir in HR/Earcú (2-3 bliana i dtimpeallacht dhomhanda oibre).
An Próiseas Iarratais: Seol do CV agus litir chumhdaigh ar aghaidh chuig
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil
Fostóir Comhdheiseanna Fostaíochta is iad Lionbridge. Post a Dó:
An bhfuil tú sa tóir ar Thús Nua? Folúntais nua i nDíolacháin agus i Margaíocht!
Is Cuideachta Díolacháin Dhírigh agus Margaíochta iad Flawless Marketing a osclaíodh le déanaí atá bunaithe i Sligeach. Táimid sa tóir ar thallann nua i gCeantar Shligigh agus an Iarthuaiscirt. De bharr ardéilimh chliaint tá deich bhfolúntas díolacháin ag leibhéal iontrála ar a laghad againn faoi láthair, agus cuirfimid oiliúint ort le feidhm níos sinsearaí a dhéanamh ina mbeidh tú inniúil i ndíolachán, margaíocht, cur chun cinn, earcaíocht, bainistíocht láithreach agus i gcur i bhfeidhm feachtas. - Scileanna/Cáilíochtaí/Taithí
- Scileanna Iontacha Cumarsáide
- Féinspreagtha
- Taithí bheith ag déileáil leis an bpobal mór/taithí Sheirbhíse do Chustaiméirí.
- Uaillmhianach
- Toilteanas bheith ag foghlaim
Tairgimid an méid a leanas d’iarrthóirí rathúla: - Oiliúint iomlán táirge
- Timpeallacht dhearfach spraíúil
- Deiseanna taistil
- Tuillimh gan srian
- Meantóireacht fhairsing inár gclár uathúil forbartha gnó.
Má cheapann tú go n-oirfeá don phost agus má tá post lánaimseartha de dhíth ort, seol do CV go díreach chuig ár mBainisteoir HR ag:
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil
nó glaoigh ar ár bhfoireann HR inár n-oifig i Sligeach ar 071-9146466.
Post a Trí
Post: Ionadaí Seirbhíse do Chustaiméirí Stádas: Lánaimseartha Láthair: Cathair na Gaillimhe, Éire Oideachas: Céimí Ollscoile (inmhianaithe) Teastaíonn duine solúbtha agus fuinniúil, atá líofa sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis le haghaidh cuideachta nua-thionscanta ar a bhfuil mearbhorradh ag teacht atá bunaithe amach ó Chathair na Gaillimhe. Tá CSN Stores Ltd ar cheann de na miondíoltóirí nideoige ar líne is fearr dá bhfuil ann in SAM. Bunaíodh iad in 2002 i mBostún, Massachusetts. Bhí CSN Stores faoi thrácht go rímhinic i measc na mórábhar meán idir chéadrogha Chlár Maidine Mheiriceá, ‘The Today Show’, agus an t-irisleabhar, ‘Men’s Health’ níos déanaí sa RA. Tairgimid rogha de dheiseanna gairme ag CSN Stores Ltd chomh maith le timpeallacht ina spreagtar fostaithe bheith ag foghlaim agus ag forbairt. Bí línn san eispéireas uathúil seo agus bí lenár bhfoireann i nGaillimh atá dírithe go sonrach ar ár bhfairsingiú chuig an RA agus chuig an Eoraip. Freagrachtaí: Freagair ceisteanna custaiméara ar an nguthán agus trí ríomhphost Glac le cur chuige atá dírithe ar an gcustaiméir agus eispéireas an chustaiméara a fheabhsú Úsáid scileanna le réiteach a fháil ar dheacrachtaí le déileáil le saincheisteanna custaiméara Labhair le tuin chairdiúil agus mhealltach ghutha le dáimhiúlacht a fhorbairt Úsáid treoirlínte CSN maidir le cúrsaí scripte lena chinntiú go mbíonn eispéireas comhsheasmhach agus ardchaighdeáin ag custaiméirí a chuireann Branda CSN chun cinn Dul i ngleic le fadhbanna le meon dearfach cabhrach ionas go dtuigeann custaiméirí gurb é freastal ar a gcuid riachtanas ár bpríomhsprioc le hardráta sásaimh Na bealaí is éifeachtúla a fhoghlaim le suíomhanna CSN a sheoladh d’fhonn cabhrú le custaiméirí ar bhealach tráthúil Cumas iltascála a léiriú mar aon leis an gcumas athrú idir tascanna agus fós bheith dírithe ar an gcustaiméir/cás atá idir lámha Cabhrú le custaiméirí i ndáil le treoir shuíomh idirlín agus le hordú a dhéanamh (a thaispeáint don chustaiméir conas “siopadóireacht CSN” a dhéanamh) Cabhrú le Margaíocht agus le tionscadail eile idir-rannacha
Riachtanais: Labhairt agus scileanna scríofa líofa sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis Sceideal Oibre: Seachtain oibre cúig lá (áirítear deirí seachtaine) Eolas ar ríomhairí agus ar an idirlíon (ní mór bheith in ann na huirlisí seo a úsáid go pras agus gan stró) A bheith in ann smaoineamh go mear (anailís bhunchúise a dhéanamh chomh maith le freagairt phras a thabhairt do chustaiméir) Duine a léiríonn spéis i nithe seachtracha, díograiseoir – an cumas le dáimhiúlacht a fhorbairt go tapa le custaiméirí (bheith gealgháireach, cabhrach agus comhbhách) An cumas cuimhneamh ar eolas faoi tháirgí (le trasdeiseanna a chruthú chomh maith le deiseanna cur leis an méid a dhíoltar) Spreagadh le freastal ar riachtanais chustaiméirí Tréaneitic oibre Matamaitic bhunúsach – lascainí a ríomh agus comhphraghsanna a chur i gcrích Taithí/Oideachas: Céimithe ollscoile (is fearr); Céimithe Ardscoile le Taithí Lárionad Glaonna
Tairbhí Cumhdach sláinte faoi urraíocht na Cuideachta i ndiaidh na Tréimhse Promhaidh Rochtain ar PRSA ceadaithe Clár Dámhachtainí Tarchuir Limistéar ceaintín Láthair inrochtana agus an-oiriúnach le haghaidh mhuintir na Gaillimhe Tá fáil ar pháirceáil
Iarratas a chur isteach: Más duine díograiseach, spreagtha thú ag a bhfuil spéis bheith ag oibriú i gcuideachta ar a bhfuil mearbhorradh ag teacht, seol do CV ar aghaidh chuig
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil
.
<< Siar go dtí Cuardach Post agus Réadmhaoine
|