Sligeach |
|
|
Cathair thairsí is ea Sligeach agus is é an lárionad is mó san iarthuaisceart é. Tá sé lonnaithe go straitéiseach idir Gaillimh agus Doire. Tá sé mar bhaile ag roinnt cuideachtaí ilnáisiúnta agus gnólachtaí áitiúla atá faoi bhláth agus cuireann sé gréasán iontach gníomhaireachtaí tacaíochta ar fáil le haghaidh fiontair nua agus fiontar atá ag fás.
Is féidir rochtain a fháil ar Shligeach tríd an Aerfort ag an Leathros, a chuireann eitiltí ar fáil chuig Baile Átha Cliath agus an RA, aerfoirt idirnáisiúnta ag Cnoc Mhuire, Béal Feirste agus Doire agus naisc iontacha iarnróid agus bhóithre, a chinntíonn turas tapa chuig áiteanna ar fud na tíre. Cinntíonn bonneagar láidir oideachais ag an dara agus tríú leibhéal bunús ardchaighdeán lucht saothair a bhfuil céimithe cáilithe, oilte ann i réimse disciplíní ó IT Shligigh, Coláiste Naomh Angela agus institiúidí tríú leibhéil eile in aice láimhe. Is Gorlann Ghnó agus Taighde atá in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh chun a hIonad Nuálaíochta Taighde, atá an-rathúil, a mhéadú, áit a gcuirtear tacaíocht ar fáil do mhicreafhiontair nua agus do mhicreafhiontair atá i mbéal forbartha. Tá Contae Shligigh suite go mórthaibhseach idir sléibhte, loch agus an fharraige agus spreag a áilleacht scríbhneoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí. Beidh Oileán Loch Inis Fraoigh agus Binn Ghulbain i gcuimhne dhaoine go deo mar gheall ar shaothar an té is cáiliúla díobh seo, an file WB Yeats. Tá saol fairsing cultúrtha ag Sligeach atá bunaithe ar litríocht, amharclannaíocht agus gach cineál ceoil agus ealaíne. Táthar ag dul ar aghaidh le pleananna do Cheathrú Chultúrtha Shligigh agus áirítear iontu músaem nua agus athchóiriú agus síneadh Dhánlann Ealaíon agus Chnuasach Uí Nialláin. Tá cuid de na tránna tonnmharcaíochta is áille san Eoraip le fáil ag díograiseoirí spóirt uisce ar chósta an Atlantaigh i dtuaisceart Shligigh, agus tá áiseanna taitneamhachta fóillíochta agus nós maireachtála atá thar cionn i Sligeach, a bhfuil rogha leathan imeachtaí ar fáil ann i dtimpeallacht fhíorghlan agus cáilíocht beatha an-ard. Fíricí faoi Shligeach
|






