Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Contaetha Ros Comáin



Ros Comáin

Is minic a dhéantar trácht ar Ros Comáin mar ‘chroí na hÉireann gan nochtadh’. Rogha iontach é Ros Comáin le cónaí nó le hoibriú ann nó le hinfheistíocht a dhéanamh ann. Tá stair thaitneamhach, taitneamhachtaí agus bialanna iontacha aige mar aon le mórmhéid spás glas agus daoine cairdiúla.

trí íomhá de chontae ros comáin
Tá an t-ionchas saoil is faide i bPoblacht na hÉireann ag muintir Ros Comáin, dar le suirbhé ar thug an Institiúid um Shláinte Phoiblí faoi le déanaí.

Contae bríomhar é Ros Comáin ag a bhfuil daonra ar a bhfuil borradh ag teacht, cáilíocht fheabhsaithe beatha, borradh ar fhostaíocht, bonneagar ardchaighdeáin agus tréanmheanma fiontraíochta. Tá comhshaol sábháilte glan, réimse gníomhaíochtaí áineasa agus áiseanna den scoth sláinte agus oideachais ag an gcontae, a chuireann comhdheiseanna ar fáil do chách.

Tá naisc an-mhaithe bhóithre agus iarnróid i Ros Comáin de thairbhe a láithreach agus is fusa príomhionaid iomadúla a bhaint amach. Is sár-rogha é Ros Comáin, ar an ábhar sin, le cónaí ann nó le tús a chur le gnólacht ann. Cruthaíonn uiscebhealach na Sionainne teorainn thoir Ros Comáin, agus is ann do dhá phríomhloch – Loch Aillionn i dtuaisceart an chontae agus Loch Rí i ndeisceart an chontae. Tá prasbhorradh tagtha ar Ros Comáin le blianta beaga anuas agus tá nach mór an uile ilaonaid idirnáisiúnta miondíola, go leor ionaid siopadóireachta, ionaid fóillíochta agus páirceanna poiblí ann anois. Chruthaigh an contae poist nua i bpríomhearnálacha ar nós cógaisíochta, feistí leighis, innealtóireachta, seirbhísí gairmiúla agus poiblí (Roinn Chlárlann na Talún, Oifig An Ard-Chláraitheora).

Agus sult á bhaint agat as croíúlacht Iarthar na hÉireann, bain ardsult as na taibheoirí ag Ionad Ealaíon Ros Comáin, lig do scíth ag na Cúrsaí Gailf chraobhchluiche 18 bpoll, bain taitneamh as bheith faoin spéir i bPáirc Foraoise Loch Cé, scaoil leat féin ag Rásaí Ros Comáin, déan d’oidhreacht a fhiosrú ag Teach Pháirc Bhéal na mBuillí, ag Teach King nó ag Mianach na hAirgní.

Fíricí faoi Ros Comáin

  • Daonra (2006) 58,768
  • Fás an Daonra (2002-2006) 9.3%
  • Daonra faoi 25 bliana (2006) 33%
  • Cóimheas Dalta-Múinteora (2004/2005) 16.4


Teil: 090-6637100
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil
Suíomh Gréasáin: www.roscommoncoco.ie