|
Is é Maigh Eo an tríú contae is mo in Éirinn agus tá tírdhreach álainn ann idir imeallbhord álainn an tuaiscirt agus an iarthair agus tírdhreacha mórthaibhseacha agus éagsúla lochanna agus sléibhte. Tá comhshaol glan agus mealltach ann chomh maith le tuath shábháilte, fholláin ag a bhfuil tréangheilleagar áitiúil.
Tá bonn éagsúil tionsclaíoch ag Contae Mhaigh Eo ina bhfuil fiontair rathúla dhúchais agus cuid de na cuideachtaí ilnáisiúnta is tábhachtaí araon, e.g. Allergan, Hollister, Ballina Beverages, Lionbridge Technologies etc. Tháinig prasbhorradh ar Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire le blianta beaga anuas agus tá sé lonnaithe in oirthear an chontae agus cuireann sé ceann den bhonneagar iompair is tábhachtaí ar fáil sa réigiún. Baineann breis agus leathmhilliún paisinéir leas as an aerfort ar bhonn bliantúil, déanann sé freastal ar réimse ceann scríbe, ar a bhfuil síorbhorradh ag teacht, go dtí an RA, an Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá campas ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, GMIT, a ainmníodh mar Institiúid Teicneolaíochta na bliana (2004 agus 2007), i gCaisleán an Bharraigh agus cuireann sí móracmhainn oideachasúil ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal i Maigh Eo, a bhfuil an líon a théann ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal ard de réir caighdeáin náisiúnta. Is ann d’áiseanna ardchaighdeáin Cúram Leanaí in go leor de na bailte agus de na ceantair thuaithe i gContae Mhaigh Eo, agus tá Coiste Cúram Leanaí Chontae Mhaigh Eo ann lena chinntiú go ndéantar forbairt ar áiseanna ardchaighdeáin cúram leanaí i gceantair thuaithe.
Déanann na nithe a leanas láthair chruthaithe le haghaidh cuideachtaí ilnáisiúnta agus dúchasacha de Mhaigh Eo: láthair inacmhainne, bonneagar ardchaighdeáin, tacaíochtaí iontacha gnó mar aon le fórsa saothair ar a bhfuil fáil agus oideachas maith. Fíricí faoi Mhaigh Eo - Daonra (2006) 123,839
- Fás an Daonra (2002-2006) 5.4%
- Daonra faoi 25 bliana (2006) 33.8%
- Cóimheas Dalta-Múinteora (2004/2005) 16.4
Teil: 094 90 24444 Suíomh Gréasáin: www.mayococo.ie
|