Liatroim |
|
|
Liatroim... bí páirteach i bpobal fáilteach ag a bhfuil an meon “is féidir linn” le cabhrú leat taitneamh a bhaint as pé nós maireachtála is mian leat leanúint mar aon leis an timpeallacht ghnó is iomaíche ina ndéanfar gníomh rathúil de do smaoineamh gnó! Is fíor le rá nach bhfuil sárú cáilíocht beatha Chontae Liatroma le fáil! Ní bhíonn aon bhrú tráchta ann; bíonn breis ama agat féin; bíonn níos lú struis ann; tá cósta an Atlantaigh ann; tá breis agus 40 loch ann mar aon le beatha ghnó, chultúrtha agus shóisialta faoi bhláth.
Is álainn an tuath i gContae Liatroma – na sléibhte, lochanna agus aibhneacha – agus is contae intíre den chuid is mó í, seachas imeallbhord an Atlantaigh ag an Tulachán, áit ar a bhfuil an-tóir i measc lucht na tonnmharcaíochta. Sníonn Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne, an t-uiscebhealach inseolta intíre is faide san Eoraip, tríd an gcontae. Tá cáil ar Chontae Liatroma as ucht na meanman cruthaithí, bríomhaire atá ann, agus tá go leor daoine ag athlonnú i Liatroim le gnólacht a bhunú agus le taitneamh a bhaint as an gcáilíocht iontach beatha atá ar fáil ann. Is é Cora Droma Rúisc, an baile fuinniúil contae, croí Liatroma. Tá sé ar cheann de na láithreacha is mó ar a bhfuil tóir san iarthar de bharr a shuímh, a láithreach, a gheilleagair fholláin agus a shaoil bhríomhair shóisialta. Chruthaigh Liatroim poist nua i bpríomhearnálacha ar nós Seirbhísí Idirnáisiúnta, feistí leighis, innealtóireachta, déantúsaíochta, seirbhísí gairmiúla agus seirbhísí poiblí (tá nach mór 200 duine fostaithe idir an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus an Príomh-Bhord Iascaigh). Sa mhullach air sin, tháinig fairsingiú ar earnáil seirbhísí agus miondíola Liatroma agus cuireann sé seo rogha ar fáil ar a bhfuil síorbhorradh ag teacht. Tá gach rud ann i gContae Liatroma a bheadh de dhíth ar ghnólacht a bheadh ag bunú sa chontae. Tá fáil gan stró ar fhórsa óg saothair ar a bhfuil ardoideachas, ar ghréasán iontach de ghníomhaireachtaí tacaíochta le haghaidh fiontair nua agus iad sin atá i mbun fairsingiú, ar leorsholáthar de spás tionsclaíoch agus tráchtála ar fud an chontae ar chostais atá i bhfad níos ísle ná mar atá i mBaile Átha Cliath agus ar Chósta an Oirthir, ar fháil ar Leathanbhanda Snáithínbhunaithe sna príomhbhailte agus ar sheirbhísí leathanbhanda gan sreang i gceantair thuaithe. Sa mhullach air sin, is ann d’áis nuálach Tríú Leibhéal ina mbíonn cúrsaí ó réimse coláistí ar siúl le freastal ar riachtanais fostóirí chomh maith le bheith suite i ngar do IT Shligigh, do IT Bhaile Átha Luain agus do Choláiste Fhear Manach. Cruthaíonn a ghaire atá Liatroim don Teorainn deiseanna ar mhargadh Thuaisceart Éireann agus na RA chomh maith le tairbhí i dtaobh iompair go dtí na margaí seo. Fíricí faoi Liatroim
|






