Cathair na Gaillimhe |
|
|
Ceartlár bríomhar, beoga Réigiún an Iarthair í Cathair na Gaillimhe agus tá an lárionad is mó daonra ar Chósta Thiar na hÉireann inti. Is láthair an-oiriúnach í le haghaidh daoine aonair gnó nó gnólachtaí de bharr go bhfuil traidisiún fairsing agus ilghnéitheach sna healaíona agus sa chultúr inti, chomh maith le pobal cairdiúil fáilteach agus bonneagar iontach tacaíochta le haghaidh gnólachtaí.
Tá dhá institiúid tríú leibhéil, OÉ Gaillimh agus GMIT, ag an gCathair agus tá bonn suntasach de chéimithe ardcháilithe a bhaineann cáilíochtaí amach sna coláistí seo agus cinn eile in aice láimhe inti. Meallann an nós beoga maireachtála mar aon le deiseanna iontacha oibre agus gnó an fórsa oilte agus taithíoch saothair ar a bhfuil fáil sa Chathair. Tá seirbhísí maithe ar fáil sa Chathair do ghnólachtaí nua agus iad sin atá i mbun fairsingiú trí ghréasán de ghníomhaireachtaí tacaíochta gnólachtaí agus fiontar, lena n-áirítear Fiontraíocht Éireann, IDA Éireann, Bord Fiontair Contae agus Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, Webworks agus go leor eile nach iad. Réimse aitheanta saineolais iad taighde agus forbairt agus cinntíonn na hionaid taighde ag OÉ Gaillimh, ag GMIT agus ag Foras na Mara atá lonnaithe i gcóngar na cathrach mar aon le gnólachtaí aonair go mbíonn an Chathair chun tosaigh i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta agus ghnó. Is í Cathair na Gaillimhe an rogha chathrach le haghaidh nós maireachtála, fóillíochta, cultúir agus cáilíocht beatha in Éirinn, agus bíonn féilte ar siúl nach mór an t-am go léir ina ndéantar ceiliúradh ar na healaíona, ceol, scannáin, bia, cultúr agus spórt, ar nós Rásaí na Gaillimhe ar a bhfuil cáil dhomhanda. Tá rochtain ar Chathair na Gaillimhe trí eitiltí díreacha laethúla go dtí Baile Átha Cliath, an RA agus an Eoraip agus uatha trí Aerfort na Gaillimhe, trí naisc iontacha bhóithre agus iarnróid chomh maith lena ghaire atá sí d’aerfoirt idirnáisiúnta, i.e. Aerfort na Sionainne agus Aerfort Iarthar na hÉireann Cnoc Mhuire. Tá mearbhorradh ag teacht ar an mbonneagar iompair, leathanbhanda agus teileachumarsáide sa Chathair agus cuireann siad tairbhí iomadúla ar fáil do chúrsaí gnó sa Chathair.
|






