Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Contaetha Dún na nGall
Meáin Dhún na nGall



Dún na nGall

Priontáil

Tá Dún na nGall ar cheann de na contaetha is mó in Éirinn agus tá daonra 150,000 aige. Cuirtear grúpaí móra margaidh shaothair ar fáil ann le haghaidh fostóirí féideartha agus fiontair nua.

trí íomhá de Chontae Dhún na nGall

Tá fáil ar fud an cheantair ar fhórsa saothair atá ardoilte agus ardtaithíoch a bhaineann leas as na hollscoileanna agus as na coláistí – IT Leitir Ceanainn, Ollscoil Uladh ag Magee (Doire) agus ag Cúil Raithin sa mhullach ar thacaíocht leanúnach le haghaidh oiliúna agus forbartha ó na gníomhaireachtaí um thacaíocht ghnólachtaí seo agus eile.

Tá sárcháilíocht beatha ar fáil don té a chónaíonn sa chuid seo den tír – tá tithe inacmhainne agus tá cáil ar an gceantar as ucht na dtírdhreacha fíor-áille cósta agus intíre atá ann ina bhfuil tránna bána chomh maith le radharc tíre den scoth. Áirítear ina measc seo Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Aillte Shliabh Liag chomh maith le Leithinis Inis Eoghain. Tá cósta Dhún na nGall ag teacht chun cinn go pras mar cheann de na cinn scríbe idirnáisiúnta tonnmharcaíochta is mó. I measc nithe eile is díol spéise sa réigiún tá cathair mhúrtha Dhoire. Tá oidhreacht fhairsing agus ilghnéitheach chultúrtha ag an Iarthuaisceart leis, agus tá cáil mhór air as ucht an oiread amhránaithe, rinceoirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí arb as an gceantar seo dóibh.

Tá meascán ar leith agus saintréitheach de ghnólachtaí agus de sheirbhísí ag Leitir Ceanainn, an baile contae. Is ann atá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chomh maith le roinnt cuideachtaí ilnáisiúnta ceannródaíocha ón earnáil seirbhísí idirnáisiúnta.

Tá siopadóireacht den scoth ag an gceantar chomh maith le meascán de shreanga siopaí mar aon le hionaid díola atá faoi úinéireacht áitiúil.

Tá Leitir Ceanainn sainithe mar Thairseach nasctha faoin Straitéis Spáis Náisiúnta. Ní raibh a shárú ann riamh de naisc leis an iarthuaisceart faoi láthair agus glacann sé 40 nóiméad eitilt go dtí Baile Átha Cliath ó Aerfort Dhún na nGall (Carraig Fhiáin) agus ó Aerfort Chathair Dhoire agus tá dhá aerfort idirnáisiúnta i mBéal Feirste.

Tionscadal comhoibritheach idir Comhairle Cathrach Dhoire, Comhairle Contae Dhún na nGall, Bord Fiontar Contae Dhún na nGall agus North West Marketing é ‘Iarthuaisceart na hÉireann – Tiomáint a chur faoi Ghnó’ (‘Making Business Happen’). Tá na gníomhaireachtaí seo ag oibriú i dteannta a chéile leis an Iarthuaisceart a fhorbairt mar an rogha láithreach le haghaidh gnó ar an oileán. Tá an tionscadal seo páirtmhaoinithe ag an Aontas Eorpach faoi Chlár Interreg IIIA.

3 Lógó: An tAE, InterregIIA, Grúpa Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt

 

 


Fíricí faoi Dhún na nGall

  • Daonra (2006) 147,264
  • Fás an daonra (2002-2006) 7%
  • Daonra faoi 25 bliain (2006) 36.7%
  • Cóimheas Dalta-Múinteora (2004/2005) 17.9


Teil: 074 9172222
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil
Suíomh Gréasáin: www.donegalcoco.ie