An Clár |
|
|
Contae ina bhfuil an-chuid áilleacht nádúrtha is ea an Clár – is é an tAtlantach an ní is suntasaí in iarthar an chontae i dteannta thrá-bhailte Chill Chaoi agus Leacht Uí Chonchubhair, Aillte an Mhothair agus Pháirc Náisiúnta Bhoirne.
Tá tréantionchar ag an tSionainn agus ag Loch álainn Deirgeirt lena shuíomhanna ársa mainistreach ar oirthear an chontae. Is í Inis an baile contae – Baile d’Aois na Faisnéise atá ina lárionad beoga. Tá gníomhaíocht gheilleagrach sa réigiún dírithe ar an tSionna agus ar Aerfort na Sionainne le daichead bliain anuas. Ba thionscnamh uathúil cruthú Limistéar Neamhchustaim na Sionainne agus rinneadh a shamhail de thionscnamh ar fud an domhain dá éis. Lonnaigh an bhraisle de ghnólachtaí ilnáisiúnta a bhí ina thoradh air seo sa tSionna agus thart uirthi agus bhrúigh sé seo infheistíocht i mbonneagar an chontae chun cinn le himeacht na mblianta. Tá cáil ar Iarthar an Chláir go háirithe mar lárionad le haghaidh cultúr Éireannach – go háirithe i dtaobh ceoil agus damhsa – agus bíonn roinnt féilte ceoil agus liteartha ar siúl ann gach bliain. Fíricí faoin gClár
|






