Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Cónaí san Iarthar Maigh Eo – Tommy Morahan

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Mhaigh Eo: Tommy Morahan

D’éirigh Tommy Morahan as a phost mar léachtóir sa Roinn Ealaíon Cumarsáide Craoltóireachta Leictrí in Ollscoil Stát San Francisco, agus d’fhill sé ar a fhód dúchais, Cluain Cearbán i gContae Mhaigh Eo

“Bhí mé ag smaoineamh faoi fhilleadh ar an Iarthar le tamall anuas agus tá ríméad orm anois go ndearna mé amhlaidh,” a dúirt Tommy. “Nílim ag oibriú i láthair na huaire, agus mar thoradh air sin, bainim tairbhe as na tarraingtí cáilíocht beatha a mheall abhaile mé. Níl an radharc tíre le sárú, is cúnamh mór mó mhuintir agus mo chairde agus táim ag baint earraíochta as na taitneamhachtaí uile atá ar leac an dorais agam – an giomnáisiam i gCluain Cearbán, rothaíocht, siúl, dreapadóireacht sléibhte – an fhéile, Sonas, do pháistí, cóisir Oíche Shamhna do pháistí, díolachán cácaí ar son na bunscoile agus bualadh le seanchairde agus cairde nua a dhéanamh sna tithe tábhairne áitiúla!”

Tommy MorahanTá Tommy, atá cáilithe leis an gCraoltóireacht agus na Meáin Leictreonacha a mhúineadh in institiúid tríú leibhéal, ag cuardach poist faoi láthair, “Tá caint ar chiorruithe sna meáin uile, ach cloisim faoi dheiseanna poist fós agus coinním súil ar an idirlíon le haghaidh fógraí faoi phoist mhúinteoireachta. Choimisiúnaigh Ionad Oideachais Mhaigh Eo mé faoi choinne cúpla uair an chloig mar chomhairleoir ilmheáin d’Aonach Eolaíochta Mhaigh Eo. Mar sin de, is cinnte go bhfuil obair le fáil amuigh ansin,” a dúirt sé.

Tá rochtain ar an idirlíon an-tábhachtach do Tommy. Coinníonn sé cairde i SAM ar an eolas faoina bhogadh abhaile trína bhlag. Agus é ag caint ar rochtain idirlín san Iarthar, mhaígh Tommy, “Féadaim a rá gurb iontach an leathanbhanda gan sreang sa cheantar. Thóg sé roinnt ama orm an nasc a dhéanamh i gceart i dtús báire, ach tá sé ar fheabhas anois.

“Is é an t-aon mhíbhuntáiste i ndáiríre ná go bhfuil carranna agus peitreal níos saoire i Meiriceá, ach san iomlán, táim an-sásta go bhfuil ag cur fúm i gCluain Cearbán arís.”

Tá Tommy agus a chlann ag socrú síos fós, ach tá siad ag baint sult as na tairbhí i Maigh Eo cheana féin agus tá níos mó ama acu le caitheamh lena chéile.

“Is dócha gurb é an rud is fearr faoin mbogadh abhaile an tionchar a bhí ar mo mhac atá dhá bhliain d’aois,” a dúirt Tommy. “Tá sé chomh sásta le diúc leis an oiread ‘spáis’ atá thart air. Is deacair é a mhíniú, ach is breá leis dul ag siúl cois trá agus ag tabhairt cuairte ar a mhamó, gan trácht ar na col ceathracha agus na cairde. Tá saoirse aige san áit a bhfuil cónaí orainn faoin tuath. Chuala mé daoine eile ag caint faoin mothú sin, ach níor shíl mé féin riamh go bhfeicfinn é. Is deacair a shamhlú go bhfuil a mhacasamhail de mhothú le fáil in áit ar bith eile taobh amuigh d’Iarthar na hÉireann.”

 

Breis Nasc le haghaidh Tommy Morahan:

Website: http://morahan.blogspot.com/


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo