Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar
Cás-staidéar ó Dhún na nGall: Sean O'Rourke
Chuaigh sé ar imirce ó Éirinn go dtí Nua-Eabhrac agus chruthaigh sé saol deas dó féin as ar bhain sé taitneamh agus is iomaí scéal den tsamhail a bhí ag na mílte Éireannach.
|
Chabhraigh an borradh ar gheilleagar na hÉireann as ar bhain Éire tairbhe le deich mbliana anuas le go leor daoine filleadh ar Éirinn le gnólachtaí rathúla a fhorbairt chomh maith le taitneamh a bhaint as cáilíocht níos fearr beatha. Agus is amhlaidh atá á dhéanamh ag líon Éireannach ar a bhfuil síorbhorradh ag teacht. A shamhail de scéal is ea eispéireas Sheáin O'Rourke. Cé gurbh aoibhinn le Seán agus a bhean chéile Nua-Eabhrac, chinn siad ar bhogadh ar ais go hÉirinn agus iad den tuairim go mbeadh cáilíocht níos fearr beatha i ndán dá gclann i dtimpeallacht níos sábháilte le cur chuige réidh i leith an tsaoil, braistint níos mó de mhuintearas mar aon le meanma níos fearr pobail. Tá Seán ina úinéir ar chuideachta rathúil anois, Maisiú Urláir Teo., a dhéanann urlárlach maisiúil crua-adhmaid a sholáthar agus a dhéanamh. Dúirt Seán an méid a leanas agus é ag labhairt faoin mbogadh ar ais go Dún na nGall, “Is linne ár mbaile féin agus bhí costas air atá i bhfad níos saoire ná rud ar bith dá shamhail i Nua-Eabhrac nó ar chósta thoir na hÉireann. Sa mhullach air sin, tugaimid faoi deara go bhfuil an costas maireachtála níos lú. Tá costas níos lú ar chomaitéireacht, ar chúram leanaí agus ar an saol sóisialta ná mar atá cúrsaí i Nua-Eabhrac nó ar chósta thoir na hÉireann.” “Bhaineamar sult as roinnt buntáistí, lena n-áirítear níos lú comaitéireachta go dtí an t-ionad oibre agus abhaile uaidh, luas níos moille saoil, níos mó spás pearsanta chomh maith le dlúthghaireacht do thránna agus gníomhaíochtaí lasmuigh den scoth,” ar sé. “Is ann do roinnt míbhuntáistí, áfach, lena n-áirítear rochtain ar chúram sláinte agus ar áiseanna chomh maith leis an bhfad ó aerfoirt idirnáisiúnta agus oideachas tríú leibhéal, ach tá feabhas mór tagtha ar na bóithre i gContae Dhún na nGall le blianta beaga anuas agus bainim leas as aerfort na Carraige Finn nuair is gá,” a dúirt sé. “Ina theannta sin, is deas linn bheith níos gaire dár ngaolta agus bheith in ann casadh le seanchairde arís. Tá leanbh againn ag a bhfuil riachtanais speisialta, agus ar an ábhar sin, is lámh mhór chúnta í an tacaíocht a thugann gréasán ár dteaghlaigh shínte. Is buntáiste, leis, é na méideanna níos lú ranga i scoileanna agus is ann d’áiseanna maithe le haghaidh cúram leanaí agus naíolanna thart faoin gceantar." Tríd is trí, tá Seán agus a bhean chéile sásta gur bhog siad ar ais go Contae Dhún na nGall agus go deimhin, mholfaidís bogadh ar ais do dhaoine eile a chuaigh ar imirce ó Éirinn. Chónaigh Dónal Cannon, comhpháirtí gnó Sheáin, i mBaile Átha Cliath ar feadh seal fada ach bhog sé ar ais go Dún na nGall chuig fód a dhúchais, an áit chéanna arb as a bhean chéile. Tugann Dónal agus a bhean chéile faoi deara gur fusa taisteal chuig an ionad oibre agus nach dteastaíonn an oiread céanna slándála. Tá siad níos gaire do ghréasáin a dteaghlaigh shínte agus tá breis spásanna fairsinge ann dá bpáistí. Cé go dtuigeann sé gurb ann do thuilleadh deiseanna poist ar an gcósta thoir, is deas leis an chomaitéireacht nach bhfuil chomh strusmhar céanna mar aon leis an rochtain níos fusa ar an saol faoin spéir. Is fusa rochtain a fháil ar ghalf agus ar iascaireacht sa cheantar agus is áisiúla do Dhónal teacht orthu i nDún na nGall ná mar a bheidís i mBaile Átha Cliath. Ar chuma Sheáin, tá Dónal an-sásta gur fhill sé ar Dhún na nGall, agus níl rún ar bith aige filleadh ar Bhaile Átha Cliath agus mholfadh sé go hard bogadh ann. |



