Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar
Cás-staidéar ó Mhaigh Eo: Séamus Moran
Príomhchócaire oilte é Séamus Moran. Bhunaigh sé Lotide Fine Foods ina bhaile dúchais, Cill Mhíona i gCathair na Mart, in 2004. “Rugadh agus tógadh anseo i gCill Mhíona mé agus an fharraige ar leac mo dhorais, áit ar chónaigh cúig ghlúin de mo theaghlach ó na 1840idí i leith,” a mhíníonn Séamus.
|
“I ndiaidh dom staidéar a dhéanamh ar lónadóireacht in IT na gCeall Beag, d’oibrigh mé in éineacht le cuideachta feidhmiúcháin lónadóireachta i Londain le haghaidh roinnt blianta agus d’fhill mé ar Iarthar na hÉireann le hoibriú mar ard-phríomhchócaire in óstán i Ros Comáin. Um an dtaca sin, bhí mo bhean chéile Carmel ag oibriú i mBéal Feirste agus bhíomar beirt ag taisteal 100 míle sa lá agus chasaimis le chéile ag na deirí seachtaine – b’eol dom go bhféadfaimis maireachtáil ar an leath den mhéid a bhí á thuilleadh againn i gCathair na Mart, agus thapaíomar an deis agus d’fhilleamar abhaile.”
“Rinneamar an branda ‘Lo-Tide Fine Foods’ a fhorbairt le cur in iúl go ndéantar feamainn a bhaint fad a bhíonn sé ina lag trá,” a deir Séamus. “Chreid mé go daingean go raibh margadh nideoige ann le haghaidh táirgí ardchaighdeáin nádúrtha bia agus ba dhealraitheach dom go raibh treocht ann i measc na ndaoine dul sa tóir ar bhianna ina bhfuil luach slán cothaithe chomh maith le tairbhí ardchaighdeáin sláinte. Oireann feamainn go hiontach dó seo – cabhraíonn sé le díthocsainiú sa chorp, is rí-fhusa í a ionsú sa chorp agus tá sí nádúrtha amach is amach – mar sin, b’eol dom go bhféadfaimis gnólacht inmharthana a chruthú bunaithe i gCathair na Mart, an áit arbh ansa liom bheith.”
“Déantar táirgí de chuid Lo-tide Fine Foods a dháileadh in ardbhialanna ar fud na tíre,” a deir Séamus. “Tá fáil orthu trí asraonta miondíola agus asraonta áirithe beadaí ar fud na hÉireann, na RA agus codanna de mhórthír na hEorpa – tá inrianaitheacht iomlán againn agus is fíorbhuntáiste iomaíoch é agus bíonn dlúthchaidreamh agam le mo chuid custaiméirí. Má bhíonn gá le ceannaitheoir sa RA casadh liom deirim leis nach ábhar faidhbe sin agus go gcasfaidh mé leis sa tráthnóna agus is eol dom gur féidir liom eitilt a fháil ó Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire, nach bhfuil ach 25 míle uaim.”
“Tá meon thar a bheith dearfach againn i leith thodhchaí an ghnólachta. Creidimid gurb é an bealach is fearr le gluaiseacht ar aghaidh réimse táirgí a fhorbairt a aithnítear láithreach, atá ar ardchaighdeán agus áisiúil, agus ar a bhfuil blas iontach – agus táimid ag dréim leis an méid seo uile a dhéanamh anseo ar chladaí Chuan Mó.
“Rugadh anseo mé, d’fhág mé agus d’fhill mé; tá mó thriúr páistí ag fás aníos anseo agus níl sé de rún agam an áit a fhágáil go brách na breithe arís,” arsa Séamus mar chonclúid. |




Fad a bhí Séamus ag oibriú leis mar phríomhchócaire, bhain sé leas as feamainn ar nós caonach carraigín agus duilisc. Thug sé faoi deara gur thaitin an blas le daoine, a fhad agus a chuirtear i láthair é i gceart agus b’eol dó gurb é Cuan Mó an áit is fearr le tionscal feamainne agus glasraí farraige a fhorbairt.
Cuireann an chuideachta réimse d’fheamainn nádúrtha aerthriomaithe ar fáil, ar nós Duileasc Nádúrtha agus Caonach Carraigín agus baineann an chuideachta leas, leis, as an bhfeamainn seo mar bhonn le haghaidh pasta orgánach beadaí agus ispíní feoilbhunacha feamainne. Ina theannta sin, díolann Séamus táirgí le bácúis a úsáideann an fheamainn le haghaidh aráin sláinte agus mar fheabhsaitheoir plúir.
Tá beirt bhall foirne fostaithe go lánaimseartha ag Lo-Tide Fine Foods chomh maith le cúigear ball foirne shéasúracha agus níor tugadh aon tionchar diúltach faoi deara mar thoradh ar an gcor ginearálta chun donais sa gheilleagar.