Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar
Cás-staidéar ó Ghaillimh: Reg Gordon
“Gnólacht Gairmiúil Grianghrafadóireachta lena mbaineann Obair Thráchtála, Chaidrimh Phoiblí agus Phreasa” – is amhlaidh a dhéanann Reg Gordon cur síos ar an ngnólacht a bhunaigh sé i nGaillimh in 2003 i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh i Nua-Eabhrac.
|
I dtosach báire, fuair an gnólacht tacaíocht airgeadais ó Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus tháinig fás faoi gach bliain ó bunaíodh é. Tá sé ar intinn ag Reg anois Reg Gordon Photography a fhairsingiú le gnéithe breise den ghrianghrafadóireacht a chur san áireamh agus le seirbhís tráchtála stiúideo a sholáthar sna dhá mhí dhéag amach romhainn. Tugann sé deiseanna faoi deara freisin chun níos mó conarthaí ardleibhéil a chinntiú. “Fearacht gnó ar bith eile, bliain dheacair ba ea seo do thionscal na grianghrafadóireachta agus bíonn cliaint ag súil le níos mó luacha ar a gcuid airgid,” arsa Reg, “ach sílim go bhfuil an chuid is measa tharam anseo i nGaillimh, mar ó bheith ag comhrá le grianghrafadóirí eile, creidim go bhfuil cúrsaí gnó níos measa san Oirthear agus sna cathracha móra. Chomh maith leis sin, tugann an t-am fóillíochta deis dom scileanna eile a fhoghlaim.”
“Maidir le borradh an ghnólachta agus le fairsingiú mo chuid scileanna féin, bíonn tromlach na hoiliúna a theastaíonn uaim ar siúl ar an idirlíon agus is beag difear a dhéanann cúrsaí suímh domsa dá thoradh,” ar sé freisin. Shocraigh Reg, ar Baile Átha Cliathach é atá pósta le bean Mheiriceánach, bogadh go Gaillimh nuair a chuir sé tús lena chlann. “I ndiaidh bhreith ár gcéad pháiste in 2000 bhogamar ar ais ó Nua-Eabhrac agus rinneamar iarracht socrú síos i mBaile Átha Cliath. B’éigean dúinn bogadh amach, áfach, toisc an luais agus an chíosa ródhaoir. Bhí aird agam ar Ghaillimh riamh anuas mar go mbíodh deirí seachtaine den scoth agam ansin i gcuideachta mo chairde nuair a bhí mé i m’aosach óg – mar sin de, chinneamar triail a bhaint aisti!” Agus é ag moladh an Iarthair go hard, mhínigh Reg, “ní raibh sé ar intinn againn riamh socrú síos i nGaillimh nuair a bhogamar anseo a chéaduair; is éard a bhí ann clochán i dtreo mhórthír na hEorpa. Nuair a chaitheamar sé mhí anseo, áfach, ba léir gur rinneadh ár mbaile di, níos mó ná áit ar bith eile ar chónaigh mé inti le cúig bliana déag anuas. Is breá liom luas an tsaoil anseo agus is bónas é gur féidir linn bheith amuigh faoin tuath i gcúig nóiméad déag cé go bhfuilimid inár gcónaí sa chathair. Déarfainn go mbogfaimid níos faide amach i dtreo na tuaithe i gContae na Gaillimhe amach anseo.” Ós rud é go bhfuil Reg agus a chlann lonnaithe sa chathair agus nach bhfuil siad ach ceathrú uaire ar shiúl ón tuath, tig leo rochtain a fháil ar gach cineál taitneamhachta nádúrtha agus tógtha le linn a n-ama fóillíochta. Is é comhairle Reg do dhaoine atá ag beartú faoi theacht go Gaillimh “bí réidh don mhoilliú! Bain earraíocht as an bhfoisceacht don dúlra, as spiorad an phobail agus as an ngaireacht do mholbhailte móra.” Dúirt sé ag an deireadh, “níl cuid mhór de na nithe a ndéantar talamh slán díobh i gcathair mhór ar fáil chomh flúirseach anseo; tá siad ann, ach caithfidh tú iad a aimsiú!” |




Agus é ag caint ar fhás an gheilleagair chruthaithigh san Iarthar, deir Reg, “is spreagthach an ceantar ar fad. Is éasca léim isteach sa charr ar dhrochlá agus tiomáint trasna na tuaithe le d’aigne a réiteach. Ina theannta sin, baineann cíos i bhfad níos ísle agus costas níos ísle maireachtála cuid mhór brú díot ionas gur féidir leat díriú ar an gcruthaitheacht in áit a bheith buartha faoi bhillí, etc.