Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Cónaí san Iarthar Dún na nGall – Mary Howick

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Dhún na nGall: Mary Howick

Cónaíonn Mary Howick i Ráth Mealtain i gContae Dhún na nGall agus bhíodh cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath roimhe seo. Oibríonn sí anois mar an Stiúrthóir Acmhainní Daonna ag Pramerica Systems Ireland (www.pramerica.ie) i Leitir Ceanainn.

Chinn Mary athlonnú san Iarthuaisceart mar gur theastaigh uaithi imeacht ón trácht i mBaile Átha Cliath, theastaigh uaithi timpeallacht níos fearr bheith aici dá mac, áit a mbeadh sé ábalta foghlaim i ranganna agus scoileanna níos lú, agus áit a mbeadh sé níos saoire teach a cheannach, ithe i mbialanna agus taitneamh a bhaint as gnéithe eile den saol.

Mary Howick“Is breá liom an tuath, ag siúl agus ag caitheamh ama ag an trá.    Níor chreid mé chomh réasúnach is a bhí praghas na réadmhaoine anseo!  Cheannaigh mé teach feirme 400 bliain d’aois i suíomh álainn suaimhneach ar leath an chostais a bheadh ar theach oiriúnach i mBaile Átha Cliath. Tá gairdín mór agam agus páirceáil phríobháideach nach raibh agam i mBaile Átha Cliath,” a deir Mary. “Cosnaíonn ithe amach, ól, sóisialú, ballraíocht i ngiomnáisiam agus gníomhaíochtaí a mbíonn mo mhac páirteach iontu níos lú ná a chosnaíonn siad i mBaile Átha Cliath.”

Buntáiste eile a bhaineann le bogadh dar le Mary is ea nach bhfuil aon trácht dá turas comaitéireachta 10 nóiméad idir an obair agus a teach faoin tuath.  “Mothaím gurb é seo an chothromaíocht oibre is saol fhoirfe; gairm bheatha thaitneamhach agus dhúshlánach le cuideachta ilnáisiúnta mar aon le comhshaol cónaithe suaimhneach agus síochánta.

“Nuair a bhog mé anseo, d’airigh mé uaim roinnt de mo chairde i mBaile Átha Cliath, agus thóg sé roinnt ama ar mo mhac dul i dtaithí ar na ba agus ar na caoirigh a bheith béal dorais in áit a chairde.  Úsáideann mo chairde as Baile Átha Cliath aerfort Dhún na nGall uaireanta chun cuairt a thabhairt orm.  Chomh maith leis sin, tá feabhas mór tagtha ar bhóithre chuig Baile Átha Cliath agus Gaillimh le naoi mbliana anuas agus anois níl an dá chathair ach beagán os cionn trí huaire an chloig ó bhaile,” a deir Mary.

Tá a mac 17 mbliana anois agus braitheann Mary go bhfuil cáilíocht beatha níos fearr aige ná a bheadh i mBaile Átha Cliath. “Téann sé chuig scoil iontach agus faigheann sé an bus gar don teach.  Tá sé seo an-áisiúil don bheirt againn,” a deir Mary.

“Tá go leor áiteanna áille le siúl agus le picnic a bheith agat timpeall m’áit chónaithe, agus bainimid taitneamh astu sa samhradh. Tig liom siúl amach an doras tosaigh agus dul ag scódaíocht trí chosáin bheaga tuaithe,” a dhearbhaíonn sí fosta.  

Maidir le cúram leanaí, deir Mary, “Ní raibh deacracht ar bith agam.  Nuair a bhog mé anseo naoi mbliana ó shin, thosaigh mo mhac ag freastal ar an toirt ar an mbunscoil. Bhí an scoil suite thart faoi mhíle ó mo theach.  Scoil bheag iontach atá ann faoin tuath agus níl inti ach triúr múinteoirí. Tá sé sa bhliain dheireanach i bPobalscoil Loreto i mBaile na nGallóglach anois, agus tá lúcháir orm leis an oideachas atá á chur air agus le héiteas na scoile.  Tá sí ar cheann de na scoileanna is nua-aimseartha sa tír. Faightear an teicneolaíocht is nua inti, chomh maith le ceaintín ina ndíoltar lónta sláintiúla. Táim fíorshásta leis na háiseanna, leis an gcaighdeán oideachais agus le tiomantas na múinteoirí.”

Baineann Mary agus a mac sult as mórán taitneamhachtaí fóillíochta agus sóisialta, lena n-áirítear an phictiúrlann, babhláil, an amharclann, bialanna, tithe tábhairne, ionaid fóillíochta, cumainn spóirt, linn snámha, clubanna oíche, etc. Faightear taitneamhachtaí eile taobh amuigh den bhaile, lena n-áirítear rásaíocht chapall, scoileanna marcaíochta, spóirt uisce, cnocadóireacht, galf, etc., agus tá Mary den bharúil go bhfuil siad níos áisiúla ná mar atá siad i mBaile Átha Cliath.

Mar fhocail scoir, deir Mary, “Tá an-áthas orm gur bhog mé. Ceapaim go bhfuil cáilíocht beatha i bhfad níos fearr agam dá thoradh. Bhain mé taitneamh as am a chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus níl aon aiféala orm ina thaobh, ach bhí an chathair ag éirí ródhaor agus róghnóthach dom.”

 

Breis Nasc le haghaidh Mary Howick:

Website: http://www.pramerica.ie


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo