Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Cónaí san Iarthar Liatroim – Laura Jenkins

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Liatroim: Laura Jenkins

Bhíodh Laura, atá bunaithe anois i Mainistir na Búille, i gContae Ros Comáin, lonnaithe in Wrexham, i dTuaisceart na Breataine Bige agus ní raibh aon ghaol muintire aici leis an Réigiún sular bhog sí ann.

“Nuair a d’oscail MBNA a n-oifigí anseo tugadh deis dom féin agus do m’fhear céile saol nua a thosú. Tá mé anois ag obair mar chomhordaitheoir earcaíochta do MBNA/Bank of America.

“Tá ár dteach féin againn faoin tuath agus ní bheadh an réadmhaoin i réimse inacmhainne ar chósta Thoir na hÉireann, ná in aon cheantar a bheadh i gcóngaracht comaitéireachta do cheannoifig MBNA Bank of America in Chester."

Is iad na buntáistí a fheiceann Laura praghsanna tí iontacha, dea-chothromaíocht oibre is saol, fad gearr chuig an gcósta ag an Leathros i Sligeach, níos mó ama le chéile, agus níos lú ama ag taisteal chuig an obair agus abhaile. Ceapann sí go bhfuil bia beagán níos daoire ná sa Bhreatain Bheag ach braitheann sí go gcothromaítear é seo de bharr nach n-íocann tú cáin chomhairle ná rátaí uisce a bheadh le híoc aici sa Bhreatain Bheag.

Tá bóithre ar ghearrliosta Laura de mhíbhuntáistí an Iarthair ach taitníonn sé léi go bhfuil feabhas ag teacht ar roghanna siopadóireachta i gcónaí. “Mar aon leis na háiseanna taitneamhachta fóillíochta agus sóisialta i mo cheantar áitiúil, tá suim mhór agam i dtonnmharcaíocht agus tá sé iontach bheith chomh gar seo don Leathros. Ó bhogamar chuig Iarthar na hÉireann, tá seanteach álainn ceannaithe againn agus neart talún, rud a theastaigh uainn le fada. Is rud é seo nach mbeimis in ann a dhéanamh dá bhfanfaimis sa Bhreatain Mhór.

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis ach, ina iomláine, tá an saol san Iarthar i bhfad níos réchúisí agus níl mórán strus ann, ní dóigh linn go bhfágfaimid riamh.”

 

Breis Nasc le haghaidh Laura Jenkins:

Website:


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo