Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Shligeach: Jeff Kay

Sular bhog sé go Tobar an Choire i gContae Shligigh, bhí Jeff Kay bunaithe sa RA in Bolton, Lancashire. Déanann Jeff, i dteannta a mhná céile, arb as Sligeach a teaghlach, a ghnólacht féin a reáchtáil, JDK Design.

Cuireann an gnó réimse iomlán seirbhísí sainchomhairliúcháin deartha ar fáil do phrionta agus don ghréasán. Áirítear i measc cliaint JDK Design fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuideachtaí ilnáisiúnta agus an earnáil phoiblí.

Jeff Kay – JDK DesignI measc na bpríomhchúiseanna gur bhog Jeff agus gur thosaigh sé gnó nua bhí an gá le níos mó spáis, níos lú torainn, níos lú tráchta, aer glan, tránna iontacha, luas níos moille, teaghlach agus eachtraí nua!

Ag labhairt faoi rath an ghnólachta, deir Jeff, “Buntáiste mór a bhaineann le bheith bunaithe san Iarthar is ea go gcoinnítear ár gcostais fógraíochta síos mar gheall ar scaipeadh focal ó bhéal iontach, agus an ghné atreoraithe – molann cliaint muid do dhaoine eile, rud atá iontach.” Maidir leis na buntáistí pearsanta, deir Jeff “Cónaím 10 nóiméad tiomána ón oifig agus ní bac atá sa láthair thuaithe mar gheall ar chúrsaí cumarsáide an 21ú hAois. Is aoibhinn liom bheith ag obair i dTobar an Choire. Is baile beag é a bhfuil croí mór agus pobal uathúil ann a thugann an-aire duit.

“Tá tairbhe faighte agam as mo thaithí bheith ag déanamh gnó san Iarthar, tá ár gcliaint sách réchúiseach agus tá meon cairdiúil acu – tá súil agam go bhfuil siad mar sin mar go bhfuil muinín acu asainn! Le blianta beaga anuas, thug mé méadú faoi deara in ionchais chaighdeáin agus amanna tosaigh níos giorra, de bharr iomaíocht níos mó thar gach earnáil den tionscal agus an réabhlóid idirlín.  Ar aon chuma, feicim go sreabhann caidrimh ghnó go maith – agus creidim gur mar gheall ar chomh sásta is atá mise i mo chuid oibre é sin!”

Measann JDK Design gurb iad oiliúint intí agus ar an jab is fearr chun breisoiliúint a chur ar fhostaithe. “Gan ach roghanna teoranta d’ardleibhéal oideachais i ndearadh grafach ar fáil i gContae Shligigh, bhí roinnt deacrachtaí agam céimithe nua agus fostaithe a bhfuil taithí acu a earcú ón margadh áitiúil.  Ar a shon sin, bhí me in ann earcaíocht a dhéanamh ó bheagán níos faide ó bhaile agus tá oiliúint intí curtha ar fáil agam a d’oibrigh go maith – is é sin an t-aon bhealach le foghlaim i ndáiríre,” a mhíníonn sé.

“Tá sé tugtha faoi deara agam chomh maith go bhfuil an tIarthar ag tarraingt roinnt mhaith dearthóirí a bhfuil taithí acu a fuair a gcuid ‘taithí tosaigh’ i ngníomhaireachtaí móra i mBaile Átha Cliath agus tá siad ag tabhairt iomaíochas mór dúinn anois!  Breathnaím air seo mar fhorbairt dhearfach do thodhchaí an deartha sa réigiún, mar go léiríonn sé go bhfuil an geilleagar san Iarthar ag fás, agus go bhfuil seirbhísí deartha lárnach don bhealach a bhfuil cuideachtaí agus eagraíochtaí á scaradh féin óna n-iomaitheoirí,” a deir sé.

Tá gnó Jeff ag dul go maith agus tá sé ag súil le níos mó daoine a fhostú sa dá bhliain amach romhainn.

Ag labhairt faoi bhonneagar iompair, deir Jeff, “Ta Aerfort Iarthar na hÉireann ag Cnoc Mhuire 20 nóiméad tiomána feadh bhóithre nach bhfuil róghnóthach, agus bhí an t-aerfort, lena sheirbhísí chuig an RA, ina fhachtóir sa chinneadh a rinneamar lonnú anseo.  Tá sé an-áisiúil le dul anonn is anall ar cuairt ag gaolta agus ag cairde agus dóibh siúd le cuairt a thabhairt orainn. Táimid tar éis áis saoire a thabhairt dóibh i ndáiríre.”

Pictiúr de Chnoc na Sí Contae ShligighLabhraíonn Jeff go dearfach faoi na hathruithe ar shaol a theaghlaigh ó tháinig sé go dtí an tIarthar, “Mar gheall go bhfuilim ag obair chomh gar sin do bhaile, tá níos mó ama agam le caitheamh le mo theaghlach óg agus dul ar ais go dtí mo phaisean don phéinteáil.”

Braitheann Jeff nach bhfuil áiseanna taitneamhachta fóillíochta agus sóisialta sa cheantar áitiúil chomh forbartha is atá i láithreacha cathrach, ach baineann muintir Kay taitneamh as bheith ag siúl ar raonta siúil tuaithe, tránna áille agus gairdín cúil mór. Bíonn Jeff páirteach chomh maith i ngníomhaíochtaí áitiúla spóirt agus fóillíochta, lena n-áirítear badmantan, leadóg, siúlóid sléibhe, ióga agus taidhtí. Níl bialanna agus saol sóisialta ach 20 nóiméad ar shiúl.

Pictiúr de Tree of Life le Jeff KayAgus coimre á thabhairt aige ar a mhothúcháin faoin mbogadh, deir Jeff “Táimid anois mar chuid den phobal san Iarthar; tá go leor cairdis agus flaithiúlachta anseo. Dóibh siúd ar mian leo bheith páirteach agus cur leis an bpobal ina bhfuil siad, beidh taithí dhearfach acu.

Blackbird le Jeff KayNí raibh an saol chomh gnóthach seo riamh dúinn, ach ag deireadh an lae cuireann an radharc tíre álainn, aer úr agus teach síochánta suaimhneas ar an intinn a chuireann lenár saol agus ár sásamh poist.  Ní fhéadfaí ár leanaí a thógáil i gceantar níos deise agus ní rabhamar in amhras riamh faoin gcinneadh!”

Gliogáil thíos le héisteacht leis an agallamh le Jeff Kay agus Joanne Grehan ó LookWest.ie i mBealtaine 2010 ag plé rathúlacht LookWest.ie le Tommy Marren ó Midwest Radio.  Pléann Joanne an tábhacht a bhaineann le Gradam eRialtas Chumann Idirlín na hÉireann a bhuachan do shuíomh gréasáin LookWest.ie.

 

Breis Nasc le haghaidh Jeff Kay:

Website: http://www.jdkdesign.net


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo