Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Liatroim: Erika Marks

Bhíodh Erika Marks bunaithe ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath 2 sular bhog sí go dtí Cora Droma Rúisc i gContae Liatroma in 2003.

“Dearaim agus déanaim seodra do choimisiún príobháideach den chuid is mó, agus cuirim bailiúcháin teoranta seodra ar fáil do roinnt gailearaithe agus asraonta,” a deir Erika.  “Tá bac curtha ag an gcostas maireachtála i mBaile Átha Cliath orm, agus ar mhaithe lenár sláinte meabhrach agus colainne theastaigh uainn cónaí in áit éigin níos ciúine,” a deir sí maidir leis an mbogadh siar.

Erika Marks“Thug me cuairt ar an áit i dtosach báire mar ghasúr nuair a bhí mé ag seoltóireacht ar an tSionainn, agus b’as Béal na mBuillí m’athair.  Tá cónaí ar leasdeirfiúr m’fhir chéile go háitiúil agus nuair a rinneamar an cinneadh Baile Átha Cliath a fhágáil, theastaigh uainn go mbeadh duine teagmhála againn go háitiúil, pé áit a bhogfaimis, le go mbeadh saghas aithne againn ar an gceantar.”

Ceapann Erika go bhfuil a láthair i Liatroim ag cuidiú leis an ngnólacht ar roinnt bealaí, “Tá cíos i bhfad níos saoire agus tá níos mó spás ar fáil.  Níl na costais taistil ró-ard in ainneoin na dturas fada, tá an bóthar chuig Baile Átha Cliath agus uaidh iontach, agus fiú ó bhíomar anseo, tá laghdú 30 nóiméad tagtha ar fhad an turais,” a deir sí chomh maith.

Níl taithí Erika ar rochtain idirlín chomh dearfach sin, “Tá an tseirbhís i bhfad níos moille ná mar ba mhaith liom agus, in ainneoin go bhfuil leathanbhanda faighte agam faoi dheireadh, bíonn bristeacha agus moill ann go minic – bheinn ag súil, áfach, go bhfeabhsódh sé faoin scéim náisiúnta leathanbhanda,” a deir sí.

Nuair a bhunaigh sí í féin i Liatroim, fuair Erika tacaíocht airgeadais agus spreagtha ó Bhord Fiontar Liatroma i dtreo freastal ar mhórthaispeántas Ceardaíochta.  Tá an gnólacht imithe ó neart go neart ó shin agus nuair a iarradh uirthi an raibh tionchar diúltach ag na fadhbanna geilleagracha ar a gnólacht d’fhreagair sí “níl ar chor ar bith go dtí seo – déanann daoine coimisiúnú ar phíosaí aonair go fóill.  Mar gheall ar an gcostas maireachtála ard i mBaile Átha Cliath ceapaim go mbeadh sé an-deacair teacht as aon ísliú – mar sin tá mé i bhfad níos sásta go bhfuil an gnólacht bunaithe anseo i Liatroim.”

Síleann Erika go bhfeileann Liatroim dá cuid oibre in earnáil na cruthaitheachta “Is timpeallacht nádúrtha an-spreagúil agus síochánta atá ann a chuireann le hobair agus smaointeoireacht. Tá mé i bhfad níos suaimhní agus níos sásta ná mar a bhí mé i mBaile Átha Cliath agus tá tionchar aige sin ar mo chuid oibre – braitheann sé cosúil le tús nua gach lá,” a mhíníonn sí.

“D’fhéadfadh na fadhbanna céanna bheith agat is atá ag aon duine atá ina gcónaí i gcathair/ar an gcósta thoir, ach ní cheapaim go mbíonn daoine chomh buartha anseo – tá sé níos éasca déileáil le gach rud.”

Tá lear mór daoine cruthaitheacha ina gcónaí i gceantar Liatroma, ó gach cearn den domhan “agus dá bhrí sin is áit ata ag féachaint amach atá ann d’áit atá chomh tuaithe agus cuireann sí comhluadar spreagúil ar fáil le bheith ag obair leo,” a deir Erika.

Cuidíonn níos lú ama sa charr, praghsanna tithe níos inacmhainne, costais mhaireachtála níos saoire agus níos mó ama teaghlaigh le Erika buntáiste a bhaint as na háiseanna taitneamhachta ina ceantar áitiúil, lena n-áirítear siúlóidí faoin tír agus páirceanna, iascaireacht agus bádóireacht, pictiúrlann, tithe tábhairne, gailearaithe, siopaí físeáin, amharclann agus imeachtaí pobail.  Ag trácht ar a haistriú chuig Iarthar na hÉireann, deir Erika “Is é an rud is fearr a ndearna mé asam féin riamh é! Mholfainn d’aon duine é a dhéanamh mar gheall ar an luas saoil, ach déarfainn chomh maith – bí cinnte go dtabharfaidh tú péire buataisí rubair leat!”

 

Breis Nasc le haghaidh Erika Marks:

Website: http://www.erikamarks.com


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo