Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Cónaí san Iarthar Ros Comáin – Deirdre Cunningham

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Ros Comáin: Deirdre Cunningham

Is í Deirdre Cunningham Úinéir, Bainisteoir agus Teagascóir Coothehall Adventure, a bhunaigh sí in 2000 atá suite díreach lasmuigh de Mhainistir na Búille, i gContae Ros Comáin.

Deir Deirdre, ar as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas í, “ní raibh aon cheangal agam leis an gceantar, ach bhí nós maireachtála níos fearr á lorg agam agus tá sé sin faighte agam anseo i Ros Comáin.  Tá go leor ealaíontóirí tar éis lonnú anseo.  Tá an costas maireachtála níos lú; tá an saol níos moille.  Tig leat imeacht ó fhógraíocht uirbeach agus tá an intinn saor le smaointe neamhspleácha bheith agat.”

Deirdre Cunningham“Rithim an cúrsa Oiliúna do Theagascóirí Gníomhaíochta Taobh Amuigh agus cuirim oiliúint ar mhic léinn cáilíochtaí a fháil le bheith ag obair in Ionaid Eachtraíochta agus dul ar aghaidh chun cúrsaí céime a dhéanamh ag Coláistí Tríú Leibhéal.  Gach bliain, cloiseann níos mó daoine faoina bhfuil ar siúl agam agus bíonn siad ag iarraidh oiliúint a fháil liom; baineann na mic léinn taitneamh as an gcúrsa mar léiríonn sé nós maireachtála iomlán nua dóibh,” a mhíníonn sí.  

Tá fás feicthe ag Deirdre i ngnó corparáideach le blianta beaga anuas; “Tá fás ag teacht ar an líon grúpaí atá ag dul ar eachtraí ag fás mar gheall ar dhaoine ag scaipeadh an fhocail ó bhéal.  Tá roinnt tionscadal tógtha agam do chuideachtaí eile, grúpaí spóirt, gasóga agus Comhlachtaí Rialachais Náisiúnta chun eachtraíocht lasmuigh a chur chun cinn i scoileanna agus grúpaí óige.  Ó na teagmhálacha seo agus an gá réigiúnach leis na gníomhaíochtaí seo – leanann daoine ag scaipeadh an fhocail.  Ní chuimhním ar airgead; cuimhním ar an nós maireachtála iontach, teagasc den scoth agus bainim taitneamh as an obair.  Téim i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis seo agus tagann an t-airgead níos déanaí!” a deir Deirdre go fealsúnach.

Tá ceathrar fostaithe ag Deirdre faoi láthair ar bhonn páirtaimseartha agus tá sí an-dearfach faoi na hionchais borrtha don ghnólacht sna blianta amach romhainn. “Ceapaim go mbeadh mo thaithí difriúil dá mbeinn lonnaithe in áit eile,” a mhíníonn sí.  “Creidim go mairfidh gnó má bhíonn gá leis an rud atá á chur ar fáil agat sa cheantar agus, anseo i Ros Comáin, shainaithin mé an gá le gnólacht eachtraíochta lasmuigh agus tá mé ag freastal ar an ngá sin anois.

“Agus mé ag obair ón mbaile, tá forchostais inláimhsithe agus níl go leor airgid ag teastáil uaim chun iad a chlúdach.  Tá an costas ginearálta a bhaineann le gnó a dhéanamh – rudaí cosúil le slándáil, seirbhísí, bailiú dramhaíola etc. – níos ísle anseo agus cé gur gá dúinn bheith níos cúramaí faoi chaiteachas cosúil le gach duine eile san am i láthair, níl aon drochthionchar ar an ngnólacht.   Mar gheall go bhfuil mo chuid forchostas níos ísle, tá me in acmhainn praghas níos fearr a thabhairt do chustaiméirí agus bíonn siad buíoch as an luach ar airgead!” a deir Deirdre.

Tá an bonneagar áitiúil foirfe do riachtanais Dheirdre agus do riachtanais an ghnólachta.  “Cuireann an gréasán bus poiblí iompar an-saor ar fáil chuig Baile Átha Cliath agus gach áit – rud atá tábhachtach do go leor de mo chustaiméirí óga,” a deir sí.  “Tá na traenacha níos compordaí anois agus cé nach n-úsáidimid aerfort Shligigh, atá 45 nóiméad uainn sa charr, mórán anois, creidim go mbeidh sé ina bhuntáiste dúinn i dtéarmaí am a shábháil amach anseo.”

Cónaíonn Deirdre faoin tuath, 3 mhíle ón mbaile is cóngaraí agus taistealaíonn a cuid mic léinn ó achar suas le 30 míle.  I measc na bpríomhbhuntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí i Ros Comáin, luann Deirdre an pobal áitiúil.  “Tá muintir an iarthair cabhrach agus macánta. Bhogamar siar gan aon teagmhálacha bheith againn agus mheascamar go breá leis an bpobal áitiúil.  Tá daoine tíriúil agus tá fiosracht nádúrtha ag baint leo agus iad ag iarraidh aithne a chur ort.”

Molann Deirdre go hard bogadh chuig Iarthar na hÉireann agus is í taighde an chomhairle a chuirfeadh sí ar aon duine atá ag smaoineamh ar theacht; “Déan taighde ar an aistriú.  Is pleanáil atá i 99% d’aistriú rathúil.  Tá go leor réimsí nideoige gnó a bhainfeadh tairbhe as an iarthar agus mar thoradh bheadh borradh fúthu anseo.  Beidh seans maireachtála níos fearr ag gnólacht atá bunaithe ar éileamh custaiméara.  Tosaigh beag. Déan do chuid oibre ón mbaile.  Bí sóisialta.

 

Breis Nasc le haghaidh Deirdre Cunningham:

Website: http://www.cootehalladventure.com


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo