Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Cónaí san Iarthar Maigh Eo – Alex Blackwell

Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar

Cás-staidéar ó Mhaigh Eo: Alex Blackwell

An chaoi ar eascair seal 20 bliain i SAM a chríochnaigh le turas maoithneach seoltóireachta ar ais abhaile trasna an Atlantaigh go dtí Contae Mhaigh Eo as tionscadal sé mhí...

Fiche bliain ó shin, bhailigh Alex Blackwell leis ar feadh tréimhse shé mhí le hoibriú ar thionscadal taighde i SAM. Ba bheag ab eol dó nach bhfillfeadh sé don chuid eile dá shaol nó go mbeadh 2008 ann agus go mbeadh a luamh á sheoladh aige an babhta seo, in éineacht lena bhean chéile, Daria, trasna an Atlantaigh.

Alex BlackwellAch cé gur scéal ar leith é scéal Alex agus Daria, tagann Coimisiún Forbartha an Iarthair agus tionscnamh LookWest.ie ar scéalta iomadúla dá shamhail. Seoladh LookWest.ie in 2004, mar phointe faisnéise le haghaidh daoine ag bhí i mbun machnaimh faoi bhogadh go dtí Iarthar na hÉireann le cónaí, le hoibriú agus le gnó a dhéanamh ann. Acmhainn bheoga ar líne atá sa shuíomh gréasáin dóibh siúd ar mian leo bogadh go dtí an réigiún agus chaith 150,000 duine súil ar an suíomh gréasáin in 2008.

Dúirt Lisa McAllister, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ag an WDC an méid a leanas, “Tá Clár Scileanna againn ar an suíomh leis, a spreagann daoine insint dúinn faoina scileanna agus faoina dtaithí. Baineann ríthábhacht leis an bhfaisnéis sin i ndáil leis an réigiún agus lenár gcuid iarrachtaí chun infheistíocht agus deiseanna fostaíochta a mhealladh ann. Baineann mórchuid tairbhí le cónaí san iarthar agus is gnách go mbíonn réimse cúiseanna ag daoine le bogadh ann – bíodh breis am teaghlaigh i gceist, níos lú tráchta, costas níos ísle maireachtála, nó an rogha fhairsing atá ann san iarthar d’áiteanna uirbeacha agus tuaithe le cónaí iontu.”

Chuaigh go leor rudaí i gcion ar Alex agus ar Daria maidir lena mbogadh, agus d’éirigh leo ceann de na chéad ghorlanna oisrí i gCuan Mó a reáchtáil. Maidir le Alex, bhí áilleacht mhaorga Chuan Mó ar cheann de na nithe ba mhealltaí. Tugann Daria an míniú a leanas, “Tá radharc fada againn ó mhullach ár réadmhaoine trasna chuig oileáin Chuan Mó. Téimid ann le haghaidh picnicí in aimsir an tsamhraidh.” “Ní bheadh sé d’acmhainn againn go brách na breithe cónaí cois trá san áit a raibh cónaí orainn i Meiriceá.

“A bhuíochas le leathanbhanda níl le déanamh againn ach cliceáil agus tá nasc idir sinne agus ár gcairde chomh maith lenár gcomhpháirtithe trasna na mara. Iriseoir í Daria agus tá an-spéis againn sa tseoltóireacht, mar sin, bímid ag scríobh go díocasach le haghaidh foilseacháin seoltóireachta agus tá smaointe á gcruthú againn dár gcéad leabhair eile,” arsa Alex, “agus is é an t-iarthar an áit is fearr leis an gcruthaitheacht a spreagadh agus go deimhin, le cónaí ann.”

 

Breis Nasc le haghaidh Alex Blackwell:

Website:


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo