Cás-staidéir ar Chónaí san Iarthar
Cás-staidéar ó Ghaillimh: Adrian Lynch
Bhunaigh Adrian Lynch Westwind Alternative Risk (Ire) Ltd in 2005 atá bunaithe i nGaillimh. D’oibrigh agus chónaigh Adrian ar Oileáin Cayman agus i Nua-Eabhrac roimhe seo.
|
“Bhogamar go Gaillimh ó Nua-Eabhrac go mall sa bhliain 2006. Chaitheamar ceithre bliana ansin agus chaitheamar ceithre bliana roimhe sin ar Oileáin Cayman. Leas-Uachtarán Sinsearach a bhí ionam an t-am sin go léir leis na bróicéirí idirnáisiúnta árachais, AON. Roghnaíomar Gaillimh ar chúiseanna nós maireachtála den chuid is mó agus ar chumhacht ceannaigh maoine faoin tuath i gcomparáid le Baile Átha Cliath nó Londain. Theastaigh uainn ár bpáistí a thógáil faoin tuath, ach a bheith inár gcuid de chathair chultúrtha bheoga ag an am céanna. Is breá liom bheith i mbun flaidireachta ar bháidín ar Abhainn na Gaillimhe agus dul sa tóir ar bhradáin aníos agus anuas an chora. Táim i mo bhall de Chumann Gailf na Creige Móire le bualadh le níos mó daoine nua agus táim i mo bhall de Chumann CLG Eanach Dhúin freisin. “Táim i mo Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus i mo Stiúrthóir Bainistíochta le Westwind Alternative Risk (Ire) Ltd. Cuirimid Seirbhísí Straitéiseacha Comhairliúcháin ar fáil do Chliaint Idirnáisiúnta Ard-ghlanfhiúchas a bhíonn ag iarraidh Cuideachtaí Athárachais agus Árachais a bhunú le haghaidh iarchur cánach agus pleanáil cáin eastáit. “Ní raibh sé deacair oifigí a fháil in ionad an IDA i Muirbheach, i dteannta rochtana ar leathanbhanda agus ar líonrú agus taobh amuigh gairmiúil le haghaidh cliant ar cuairt, etc. Is fearr i bhfad an spás oifige a sholáthair an IDA i gcomparáid le Baile Átha Cliath ó thaobh na gcostas de. Is fearr saincheisteanna imeallacha ar nós oifigí, tráchta, rochtana ar bhonneagar agus dhearcadh dearfach na gcliant ar Ghaillimh agus ar an Iarthar i gcomórtas le Baile Átha Cliath, le Nua-Eabhrac agus le Londain.” “Bhain mé féin céim amach in Ollscoil Luimnigh agus bhain mo bhean chéile céim amach in OÉ Gaillimh, agus tá an-mheas againn ar chaighdeán na gcéimithe atá ar fáil. Is buntáiste cinnte Clár Socrúchán Oibre Ollscoil Luimnigh le haghaidh na gcineálacha oibríochta a bhíonn ar bun agamsa. Is saoire Gaillimh ó thaobh na gcostas fostaíochta, etc. de bharr go bhfuil tithe/cíos níos saoire ná mar atá siad i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin, faightear nós maireachtála níos mealltaí agus níos dearfaí san Iarthar; is tairbhe í seo maidir le hearcú, agus níos tábhachtaí arís, le coinneáil foirne ardchaighdeáin.” “Níl Aerfort na Gaillimhe ach cúig mhíle ar shiúl agus is furasta dúinne agus do chliaint bualadh lena chéile de bharr na n-eitiltí go Baile Átha Cliath (atá níos saoire agus níos éifeachtúla ná tiomáint go Baile Átha Cliath mar nach mbítear buartha faoin trácht, faoi pháirceáil ná faoi dholaí) agus a fhurasta atá sé Baile Átha Cliath agus an Eoraip a bhaint amach.” “Táimid inár gcónaí i gCor an Dola, 20 nóiméad tiomána ó oifig na Gaillimhe. Tá sé faoin tuath, álainn, tá go leor spáis ann, tá comharsana iontacha ann a bhreathnaíonn amach duit, cumhacht ceannaigh níos fearr ná aon chathair eile i dtéarmaí méide, chaighdeán an tí agus acraíochta, sábháilteacht páistí, ball de phobal áitiúil, cúlú agus dí-chomhbhrú iontach ó strus agus taisteal an phoist, flaidireacht iontach, galf thar barr agus rochtain éasca ar chathair na Gaillimhe agus ar an gcuid eile den iarthar!" |



