Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Ros Comáin: Lake Recording Studio
Stiúideo compordach agus fairsing a tógadh agus a dearadh go speisialta is ea Lake Recording Studio. Tá an trealamh ann le tabhairt faoi aon saghas seisiún taifeadta.
|
Níl an stiúideo úrscothach seo suite i lár mórchathrach; tá sé suite díreach ar chladaí Loch Drumharlow i ngar do Mhainistir na Búille i gContae Ros Comáin. “Ceoltóir gairmiúil a bhíodh ionaim ar feadh fiche bliain sular chinn mé an stiúideo taifeadta a bhunú i 1990,” a deir Liam Cunningham, Innealtóir Fuaime agus Stiúrthóir Bainistíochta Lake Recording Studio. “Is é Droichead Átha i gContae Lú m’fhód dúchais agus níl oiread agus nasc gaolta teaghlaigh amháin agam le Ros Comáin, ach ba mhinic dom teacht go dtí Iarthar na hÉireann le mo scíth a ligean agus le sosanna a bheith agam tráth a bhíodh camchuairt á déanamh agam mar cheoltóir traidisiúnta. Ba é luas níos moille an tsaoil anseo ba mhó a chuaigh i gcion orm mo bhaile a dhéanamh as,” arsa Liam.
“Níor bhain suíomh iartharach an ghnólachta de rud ar bith i dtaobh bonneagair – mar shampla, tá rochtain an-mhaith againn ar leathanbhanda anseo agus rinneadh mórfheabhsú ar rochtain ar bhóithre le blianta beaga anuas. Déanaim daoine ó gach áit ar fud na tíre, na RA, SAM agus na hEorpa a thaifead. Is deas le go leor díobh an t-atmaisféar gan strus anseo chomh maith leis an deis bheith ag fánaíocht a fhad leis an loch nuair is gá sos spreagtha a ghlacadh. Dá mbeadh an stiúideo lonnaithe i mBaile Átha Cliath, bheadh orainn cloí go docht le dlúthsceideal.” An t-aon rud diúltach a bhí le tabhairt le fios aige go bhfuil beagán de mheath tagtha ar ghnó a ghnólachta le sé mhí anuas – “ach is é an cor chun donais geilleagrach ginearálta is cúis leis seo, agus is dóigh liom go mbeadh a shamhail i gceist pé áit a mbeimis lonnaithe,” arsa Liam. Cuireann cónaí faoin tuath in Uachtar Tíre líon buntáistí ar fáil do Liam, lena n-áirítear níos lú am comaitéireachta go dtí an t-ionad oibre agus abhaile, praghsanna níos saoire tithíochta agus maireachtála go ginearálta, chomh maith le breis am teaghlaigh agus saol, os a chionn sin, nach bhfuil chomh strusmhar céanna. Molann Liam go hard an saol atá ann in Iarthar na hÉireann. “Is spéis liom eachtraíocht faoin spéir agus is aoibhinn liom dreapadh sléibhte agus carraigí – tá an uile rud ann in Iarthar na hÉireann; tá gach a dteastaíonn uaim ann,” a deir sé mar chonclúid. |




Nuair a bunaíodh an gnólacht i dtús aimsire, fuair Liam roinnt maoinithe ó Bhord Fiontar Contae Ros Comáin agus ón Roscommon Leader agus bhí an dá eagraíocht seo cabhrach i luathchéimeanna an ghnólachta.