Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Shligeach: The Cat & The Moon
Branda bunaithe idirnáisiúnta seodra is ea The Cat & The Moon. Déanann siad táirgí a dhíol le hasraonta áirithe in Éirinn, i SAM, sa RA agus tríd an suíomh gréasáin www.thecatandthemoon.com agus www.martinahamilton.ie.
|
Tá asraon miondíola á fheidhmiú ag an gcuideachta freisin i Sligeach ina bhfuil dánlann ina dtaispeántar ealaín, dealbhóireacht, priontaí mínealaíne mar aon le grianghrafadóireacht na hÉireann. Bhunaigh Martina Gillan, de bhunadh Shligigh, an chuideachta tráth a bhain sí cáilíocht amach in IT Shligigh go déanach sna 1980idí. I measc na bpríomhchúiseanna leis an gcuideachta a bhunú luann Martina “aos óg foghlamtha Shligigh ag a bhfuil spéis mór sna healaíona, san fhilíocht agus sa cheol.” Tá 14 dhuine fostaithe ag The Cat & The Moon ar an iomlán, agus bhain 90% díobh siúd cáilíochtaí tríú leibhéal amach, bíodh dioplóma nó céim i gceist. Earcaíonn Martina foireann ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí bainte amach gan stró agus deir sí, “Bíonn na tairbhí lena mbaineann bheith i do chónaí san iarthar ina n-ábhar cainte ag ár bhfostaithe – níos lú ama a chaitheamh le comaitéireacht, costais níos saoire mhaireachtála, praghsanna níos réasúnta tithíochta, go leor ama le caitheamh leis an teaghlach mar aon le braistint níos suntasaí den mhuintearas, níos lú struis chomh maith le níos lú daltaí sa seomra ranga i scoileanna.” Cónaíonn cuid de na fostaithe i mbaile Shligigh agus is fearr le fostaithe eile bheith ina gcónaí i gceantair níos tuaithe. Rud eile mealltach is ea an réimse fairsing de ghníomhaíochtaí fóillíochta ar a bhfuil rochtain gan stró le haghaidh foirne ar spéis leo na nithe a leanas: snámh, seoltóireacht, tonnmharcaíocht, ióga, damhsa, amharclannaíocht, seisiúin cheoil (lena n-áirítear snagcheol, ceol traidisiúnta agus ceol indie), pictiúrlanna, oideachas páirtaimseartha, ranganna oíche mar aon le spórt. Déanann Martina infheistíocht leanúnach in oiliúint foirne lena chinntiú go ndéantar nuashonrú ar an mbonn scileanna agus eolais go minic. Fuair an chuideachta maoiniú ó Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann, FÁS, Fiontraíocht Éireann, Bord Fiontar Contae Shligigh agus Leader leis seo a thacú. Áit mhaith í IT Shligigh faoi choinne daoine tallannacha le haghaidh an bhúitíc ceardaíochta agus na dánlainne, ó thaobh ceardaithe nua, ealaíontóirí cáilithe agus foirne eile de. Tá Martina den bharúil go bhfuil stiúradh gnólachta in Iarthar na hÉireann ag éirí níos fusa i rith an ama de bharr na bhfeabhsúchán ar chúrsaí teileachumarsáide agus rochtana le blianta beaga anuas. Tá an t-aerfort is gaire suite sa Leathros, Sligeach; tá an t-aerfort seo an-áisiúil faoi choinne eitiltí chuig custaiméirí i mBaile Átha Cliath agus is féidir eitiltí idirnáisiúnta a fháil ó Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire nach bhfuil ach uair an chloig ar shiúl. Níor tháinig Martina ar aon teorainneacha leis an mbonneagar fuinnimh ná teileachumarsáide. Deir sí, “is iontach an áis é an leathanbhanda don Iarthar; déanaimid anrud gnó lenár gcustaiméirí idirnáisiúnta trí ríomhphoist agus trínar suíomh gréasáin agus táimid ag tnúth go mór le leas a bhaint a bhaint as na deiseanna sna meáin shóisialta atá ann anois.” Nuair a chuir sí The Cat & The Moon i mbun gnó, fuair Martina maoiniú stáit ón mBord Fiontar Contae le haghaidh trealaimh agus fuair sí deontais oiliúna ó Fhiontraíocht Éireann le haghaidh cúinsí margaíochta agus oiliúna. Is le Martina féin áitreabh gnó a bhí ní ba shaoire i Sligeach ná mar a bheadh sé áit ar bith in Oirthear na hÉireann. Tá an chuideachta ag súil go mór le todhchaí rathúil agus creideann siad “go mbainfimid tairbhe as an oiread daoine dóchasacha óga atá ann, agus ag méadú i rith an ama, ar spéis leo an caighdeán agus an áilleacht agus go mbeidh fás fúinn amach anseo.” Ní chuireann drochstaid an gheilleagair faoi láthair isteach ar fhís Martina don todhchaí fiú; “Bhí ár gcuid custaiméirí eolach riamh anuas ar a thábhachtaí atá sé ceannach ó na healaíontóirí agus ó na ceardaithe áitiúla agus tuigeann siad sin níos mó anois de thairbhe an chúlaithe eacnamaíochta. Tá na custaiméirí an-dílis ar fad agus is maith leo tacaíocht a thabhairt d’éagsúlacht agus do chruthaitheacht an réigiúin seo. Is dual do dhaoine bheith cúramach tráth na linne seo, ach is fearr leo caighdeán a fháil ar a gcuid airgid.” |



