Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Shligeach: Logis Media
D’oibrigh Debbie Woodward sa RA mar Bhainisteoir Tionscadal Conartha um Fhorbairt IT ar feadh seacht mbliana sular bhog sí ar ais go Sligeach sa bhliain 2007. Chuir sí bun faoin gcuideachta Logis Media anuraidh.
|
“Tá cónaí ar mo thuismitheoirí i Sligeach agus d’fhás mé aníos anseo go dtí gur bhog mé chuig an RA le mo chéim ollscoile san IT a chur i gcrích agus le tosú ag oibriú le Oracle Corporation mar shainchomhairleoir gnó. Nuair a chuir mé féin agus m’fhear céile tús lenár gclann, b’eol dúinn gur dheas linn ár bpáistí a thógáil in Iarthar na hÉireann. Tá mo theaghlach anseo in aice láimhe agus bíonn siad ar fáil i gcónaí le haghaidh tacaíochta, agus mheall sé sin muid filleadh ar Shligeach,” a deir Debbie. Tairgeann cuideachta Debbie, Logis Media, seirbhísí sainchomhairliúcháin maidir le margaíocht na meán sóisialta agus le dearadh gréasáin. Cuireann sí oiliúint na meán sóisialta ar fáil leis. “Sílim gur seo an t-am is fearr riamh leis an gcineál seo gnólachta a bhunú de thoradh go mbaineann cuideachtaí leas as gréasáin shóisialta lena ngnó a chur chun cinn,” arsa Debbie. Ba cúnamh mór cúrsa Bhord Fiontar Contae Shligigh, ‘Do Ghnólacht Féin a Bhunú’, dar le Debbie. “Bhí sé thar a bheith éasca dom mo ghnólacht a bhunú – ba mhór an cuidiú iad Bord Fiontar Contae Shligigh agus maidir leis an líonrú, d’éirigh mé i mo bhall de chúpla grúpa ban um líonrú gnó agus chuidigh sé sin le mo chuid gnó freisin,” ar sí. Ní hé an sásamh a mhothaíonn Debbie tar éis di a gnólacht féin a bhunú an t-aon bhuntáiste a ghabhann lena mbogadh ar ais go Sligeach. “Tá cáilíocht beatha den chéad scoth againn anois. Caitheann na páistí anrud ama amuigh faoin aer. Tá fíorchomharsanacht le sonrú san áit a bhfuil cónaí orainn – tá scoil bheag tuaithe ann agus tá aithne ag gach duine ar a chéile.” Tá triúr páistí óga ag Debbie agus ag a fear chéile James – duine atá sé bliana d’aois agus cúpla atá ceithre bliana d’aois. “Thosaigh an páiste ba shine ag freastal ar an mbunscoil áitiúil trí mhí i ndiaidh dúinn teacht go Sligeach agus thosaigh an cúpla ag freastal ar naíonra bliain ina dhiaidh sin; Sligeach a bheidh mar bhaile acu choíche.” Tá cónaí ar mhuintir Woodward cúpla míle taobh amuigh de bhaile Shligigh agus cúpla míle ó thrá an Leathrois agus is annamh nach mbíonn rud ar bith le déanamh acu. Agus í ag caint ar a nós maireachtála, deir Debbie, “Tá gach rud le fáil i Sligeach – pictiúrlann, bialanna, leabharlann, linn snámha poiblí, ionaid siopadóireachta, agus ó thaobh an spóirt de tá tonnmharcaíocht, gailf, marcaíocht ar chapall, CLG, leadóg, etc. Nuair a d’fhilleamar a chéaduair, thugamar faoi deara gur bheag faisnéis a bhí le fáil ar líne faoi na rudaí uile a d’fhéadfadh an chlann a dhéanamh i Sligeach. Mar sin, bhunaigh mé suíomh gréasáin do thuismitheoirí dar theideal www.kidsinsligo.ie agus tá ag éirí go dianmhaith leis.” |




