Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Liatroim: Merenda Ltd
D’fhág Ronan Haslette a phost sa tionscal FMCG i mBaile Átha Cliath le filleadh ar Liatroim chun ceannas a ghlacadh ar ghnólacht a theaghlaigh, Merenda Ltd.
|
Déanann Merenda Ltd táirgí veinír adhmaid a dhearadh agus a dhéanamh lena n-úsáid i dtroscán agus taobh istigh. Ina theannta sin, soláthraíonn siad sainghabhálais ar nós saothair láithreoireachta agus taispeána chomh maith le greamacháin. Tá lámh ag muintir Haslette i gcúrsaí gnó i Liatroim le fada an lá agus bhunaigh tuismitheoirí Ronan Merenda Ltd. Ghlac Ronan le feidhm an Stiúrthóra Bainistíochta le déanaí agus ceapann sé go bhfuil bonnra daingean faoin gcuideachta, “Tá cumas faoi leith againn an chuideachta a reáchtáil agus leas á bhaint as bonn de luachanna lárnacha teaghlaigh trí stíl chuimsitheach bhainistíochta a úsáid mar aon le hidirghníomhaíocht fostaithe. Creidim go docht daingean nach mbainfimis an idirghníomhaíocht foirne agus an chroíchobhsaíocht chuideachta seo amach in áit ar bith eile seachas in Iarthar na hÉireann.”
Tá dlúthnaisc ag Merenda Ltd le roinnt institiúidí tríú leibhéal sa réigiún, lena n-áirítear IT Shligigh, ag a bhfuil Roinn Deartha Thionsclaíoch. Tá céimithe den IT ag oibriú le Merenda Ltd faoi láthair ar thionscnaimh forbartha táirge agus ar Dhearadh atá dírithe ar Úsáideoirí tríd an Roinn Deartha agus Nuálaíochta. Cuireann Coláiste Troscán GMIT i Leitir Fraic gréasán tionscail ar fáil a bhfuil Merenda Ltd ina gcuid de agus bhí Ronan ina aoi-léachtóir do na mic léinn Mháistreachta i gCleachtas Margaíochta in IT Leitir Ceanainn. Chuir Merenda Ltd tús le déanaí le clár nua nuálaíochta a ndéanann Fiontraíocht Éireann cistiú dó le hInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus le hInstitiúid Teicneolaíochta Shligigh. Leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh ar feadh 12 mhí agus is é an sprioc straitéiseach roinnt táirgí nua a sheoladh de thairbhe an taighde seo a thabharfaidh tacaíocht don straitéis atá ag Merenda Ltd breis luacha a chur ar a gcuid táirgí. Is cuid de shamhail ghnó Merenda Ltd leis na cianta a gcur chuige i leith forbairt agus nuálaíocht táirge agus is ní ríthábhachtach é seo ina bPlean Straitéiseach Gnó aníos go dtí an bhliain 2011. Caitheadh go leor airgid le croí-inniúlacht Merenda Ltd bheith ag oibriú le veinír adhmaid a uasmhéadú agus le táirgí nuálacha faoi chinnireacht an deartha a chruthú lena mbonn grinn custaiméirí a shásamh. Maidir le cur chuige eile nuálach a ghlac an chuideachta, dúirt Ronan, “Déanaimid 90% dár ndramhaíl adhmaid a athchúrsáil agus déanaimid ár mbreosla soladach adhmaid ‘Manorbloc’ as seo. Rinneadh an chuid chomhtháite seo dár monarcha táirgthe a nuashonrú nuair a d’aistríomar go dtí ár monarcha nua agus cabhraíonn sé linn ár gcuid costas dramhaíola a laghdú go mór agus ní breise a thabhairt dúinn lena chur lenár bpunann táirgí i gcomhthráth.” Bhí an meon seo ‘is féidir linn’ ina lámh chúnta maidir leis an lámh in uachtar a fháil ar dhúshláin ghnó agus chabhraigh sé le Merenda Ltd bheith rathúil agus forbairt ar fud an domhain óna gCeanncheathrú Dhomhanda i gCluainín. Ba é an cor chun donais geilleagrach ba chúis le go leor de na dúshláin le déanaí. “Tháinig laghdú suntasach ar dhíolacháin, go háirithe in Éirinn agus tá laghdú suntasach tagtha ar luach gach ordaithe a fhaighimid faoi láthair,” a mhíníonn Ronan. “Ach ar ábharaí an tsaoil, cé gur dealraitheach go bhfuil gach tionscal thíos leis na ceisteanna atá ag goilleadh orainn, buntáiste atá ann bheith lonnaithe san iarthar le linn na haimsire seo, de bharr gur tréan é meanma an phobail inár bhfórsa saothair chun poist a choimeád, chun oibriú as lámh a chéile agus chun tacú leis an gcuideachta.” Ina theannta sin, rinne Merenda Ltd mórinfheistíocht i spás gnó i gCluainín agus in oiliúint daoine agus i nuálaíocht táirge chomh maith. Thóg siad áis nua mhonarchan ocht mbliana ó shin, agus chuir sé seo coigilteas suntasach ar fáil sa chéim cheannaigh agus thógála agus bheadh dhá oiread an chostais air seo i láithreacha eile. Cé go mbraitheann Ronan nach dócha go mbeadh costais ghnó ó lá go lá i bhfad ní ba dhifriúla ná mar atá siad i láithreacha eile, is cinnte nár chuir suíomh na cuideachta i gCluainín isteach ar bhorradh Merenda Ltd. “A luaithe a bhunaítear tréanainm branda mar aon le cáil, a ndéantar rialuithe dochta bainistíochta a choimeád agus a gcuirtear seirbhís do chustaiméirí den chéad scoth ar fáil, is cuma cén áit a bhfuil tú lonnaithe,” a dúirt sé. “Maidir lenár gcás féin, is mórbhuntáiste é bheith lonnaithe i gcóngar le Tuaisceart Éireann de bharr go bhfuil líon mór custaiméirí againn ann agus gur féidir linn leas a bhaint as an ngréasán iompair atá ann le táirgí a sheachadadh chuig custaiméirí faoi 10am an lá i ndiaidh dóibh a n-ordú a dhéanamh,” a mhíníonn Ronan. “Is sa Ríocht Aontaithe atá ár margadh is mó easpórtála agus is mórbhuntáiste é leas a bhaint as Royal Mail i gcás seachadtaí lá arna mhárach. Ina theannta sin, déanaimid orduithe easpórtála a sheachadadh ar eitleáin go dtí custaiméirí atá sa Mheánoirthear agus san Astráil roinnt uaireanta sa bhliain trí leas a bhaint as Aerfort Bhaile Átha Cliath.” Is sócmhainn iontach iad aerfoirt sa réigiún do Merenda Ltd, ar nós Aerfort Shligigh agus Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire. Cé gur dheas le Ronan breis eitiltí ó Bhaile Átha Cliath i rith an lae go dtí Aerfort Shligigh agus amach uaidh, tugann an tseirbhís lámh chúnta don ghnó, “Bíonn ceangal idir soláthróirí agus custaiméirí trí Bhaile Átha Cliath go Sligeach. Cuireann sé seo laghdú suntasach ama ar fáil dóibh agus déanann sé nascacht Merenda Ltd leis an domhan mór a threisiú.” Cuireann Liatroim timpeallacht den scoth ar fáil le haghaidh foirne leis, agus ní ghlacann sé ach roinnt bheag ama le comaitéireacht a dhéanamh chuici agus ní bhíonn ach fíorbheagán brú tráchta i gceist i gcomparáid le láithreacha eile. Cuireann an ceantar réimse fairsing de roghanna fóillíochta idir CLG agus leadóg, agus idir chnocadóireacht agus damhsa, ar fáil. Deir Ronan, “Tá páistí ag go leor dár bhfoireann agus tá siad an-sásta leis na háiseanna agus leis an gcaighdeán cúram leanaí atá ar fáil. Cruthaíonn a ghaire atá an fhoireann dá dteaghlaigh shínte mórtas mór groí pobail agus ina theannta sin, is ann do thaitneamhachtaí lasmuigh den scoth le haghaidh páistí.” “Dúirt custaiméir dár gcuid le déanaí gurb ann go fóill do ‘Ghné Ghaelach na hÉireann san Iarthar’, agus is éard a bhí i gceist aige traidisiúin, cultúr agus ómós áite. Tá pleananna againn leis an sciar den mhargadh atá ag Merenda Ltd a fhairsingiú agus a bhreisiú amach anseo agus beidh orainn nuálaíochtaí nua táirge agus margaí nua a fhorbairt mar aon le hoiliúint agus le hinniúlachtaí ár bhfoirne a uasmhéadú. Cuireann ár láthair i Liatroim cáilíocht iontach beatha, rochtain agus tacaíocht den scoth ar fáil agus is deas gnó a dhéanamh le fórsa dílis machnamhach dúthrachtach saothair.” |




Tá 20 duine fostaithe ag an gcuideachta ag an áis shaincheaptha i gCluainín agus maíonn Ronan go bhfuil ag an bhfórsa saothair “meascán den óige agus de thaithí, bonn daingean oideachais, éagsúlacht chultúir chomh maith le dílseacht chuideachta.” Déantar ionadaíocht do chúig náisiúntacht éagsúla san fhórsa saothair agus tá 70% den fhoireann ag oibriú le Merenda Ltd le breis agus cúig bliana anuas. Faoi Chiste Feabhsaithe Táirgiúlachta Fhiontraíocht Éireann, mhéadaigh an chuideachta éifeachtacht iomlán a gcuid oibríochtaí agus baineann siad leas as speisialtóirí creidiúnaithe le scileanna nua a thabhairt don fhoireann ar bhonn leanúnach. Sa mhullach air sin, rinne siad infheistíocht in oiliúint bhainistíochta tríd an IMI agus baineann siad leas go minic as seimineáir agus as oiliúint ó chomhlachtaí ar nós IBEC, Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga chomh maith le coláistí áitiúla tríú leibhéal.