Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ón gClár: Magico
Bhunaigh Paul Montwill Magico, cuideachta ríomhthráchtála Díolachán agus Margaíochta Ar Líne atá bunaithe in Inis, i mBaile Átha Cliath ach bhog sé an gnólacht go dtí Inis ag luathchéim.
|
Thug Paul mar chúis lena ghnólacht a athlonnú san Iarthar an cháilíocht beatha agus na costais níos ísle, chomh maith le rochtain ar dhaoine gairmiúla ag a bhfuil oiliúint agus taithí mar aon le tosaíochtaí agus le meonta cosúla. “D’fhás mo bhean chéile aníos lasmuigh de Luimneach, ach amach uaidh sin, a dheamhan nasc a bhí idir mé féin agus Réigiún an Iarthair. Ba léir go raibh ár láthair ina ní thar a bheith mealltach don saghas áirithe fostaí ag a bhfuil oiliúint agus taithí ar a bhfuil síorbhorradh ag teacht i margadh saothair na hÉireann. Tá borradh ag teacht ar dhaoine mar seo a bhí ag oibriú go hidirnáisiúnta nó i mBaile Átha Cliath, daoine lena mbaineann breis tábhachta le cáilíocht beatha agus le hobair ná tuarastail mhóra,” arsa Paul. “Tá ár n-áitribh ligthe ar cíos faoi láthair ach tá machnamh á dhéanamh againn ar cibé acu an t-áitreabh a cheannach nó a mhalairt. Beidh costas ceannaigh na roghanna, lena bhfuil coinne, atá á measúnú againn, ina lámh chabhrach foirgneamh níos mó agus níos fearr a bheith againn i láthair níos fearr ná mar a d’fhéadfadh bheith againn i mBaile Átha Cliath.”
Tháinig borradh leanúnach ar an gcuideachta le deich mbliana anuas agus tá coinne leis go leanfaidh an borradh chomh fada agus is intuartha. “Ó choláistí agus ollscoileanna áitiúla a tháinig tromlach ár n-earcaíochta céimithe. Nílimid ar an ngannchuid i dtaobh iarrthóirí cáilithe ar mian leo fanacht sa cheantar inar fhás siad aníos nó ina ndeachaigh siad ar choláiste. “Baineann an-tábhacht le bonneagar teicneolaíochta inár n-earnáil. Is ann do dhea-áiseanna leathanbhanda inár láthair reatha ach is ann do roinnt láithreacha atá gar go leor d’Inis agus tá sé ina iontas nach bhfuil malartáin DSL-chumasaithe acu,” ar sé. Níl Aerfort na Sionainne ach 16 mhíle ó oifigí na cuideachta agus is léir go mbíonn sé an-áisiúil nuair a bhíonn cliaint idirnáisiúnta ag an gcuideachta agus dá bhfoireann idirnáisiúnta nuair a théann siad abhaile. Buntáistí breise ar a raibh fáil ag an gcuideachta iad oiliúint trí nascadh le Skillsnet ICT an Iarthair agus trí mhaoiniú ó Fhorbairt Shionainne le haghaidh taighde margaidh agus forbairt táirge. “Don uile rún agus cuspóir, bhí an gnólacht de shíor in Inis. Nuair a bunaíodh i mBaile Átha Cliath é, ba léir go raibh an bonn costais, i dtaobh daoine oilte agus spás oiriúnach oifige, ina chosc ar an ngnólacht agus chuir saincheisteanna bonneagair leis na gnéithe diúltacha. “Bhog cuid dár bhfoireann ar ais go hInis i ndiaidh bheith ag cónaí as baile – ach ní fusa de shíor post oiriúnach a aimsiú do chách de bharr nach ann don oiread sin deiseanna poist san Iarthar i gcomparáid le cathair mhór. Mar shampla, bhog duine dár bhfoireann ar ais go hInis i ndiaidh bheith ag oibriú i mBaile Átha Cliath le haghaidh cúig bliana agus tá an té seo socraithe síos go maith anseo anois. I dteannta an mhéid sin, bhog ball foirne eile ar ais go hInis i ndiaidh bheith ag oibriú i Meiriceá ar feadh cúig bliana. Ar a shon sin, bhí air bogadh ar ais go Meiriceá óir theip ar a bhean chéile post oiriúnach a aimsiú a d’oir dá réimse scileanna. “Cónaíonn ár bhfoireann i mbailte fearainn tuaithe, i sráidbhailte beaga, i mbruachbhailte Inse, in Inis féin agus sa tSionna. I ndáil le cúrsaí fóillíochta agus taitneamhachta, níl an tAtlantach ach 30 nóiméad ar shiúl (díol mór spéise atá sa tonnmharcaíocht i Leacht Uí Chonchubhair), is ann do lochanna, coillearnacha, linn iontach snámha agus an t-ionad fóillíochta in Inis, galf, amharclann den scoth in Inis (Glór), scoileanna maithe, etc. – tá siad uile áisiúil nuair a theastaíonn siad uait,” a dúirt sé. |



