Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Ghaillimh: JFC Manufacturing
Bhunaigh John Concannon, fear as Cill Chonla, JFC Manufacturing i 1987. “Is sinne anois an táirgeoir is mó de tháirgí plaisteacha a dhéantar a mhúnlú go rothlach in Éirinn. Tá láimhdeachas de bhreis agus €40 milliún againn, agus déanaimid táirgí a easpórtáil chuig 40 ceann scríbe agus chuig 250 ball foirne ar fud na cruinne,” a deir John. I dTuaim i gContae na Gaillimhe atá an cheannoifig agus tá ionaid fochuideachta eile sa RA, san Ollainn, sa Pholainn agus san Afraic Theas.
|
Bunaíodh JFC le saintáirgí plaisteacha a sholáthar don tionscal talmhaíochta. Míníonn John, “Ag tús na mílaoise, thugamar faoi deara go raibh gá leis an réimse táirgí a bhí ar fáil agus leis na margaí a raibh freastal á dhéanamh orthu a éagsúlú agus a leathnú. Sa lá atá inniu ann, tá réimse fairsing táirgí againn i mórán earnálacha, lena n-áirítear bainistíocht uisce, táirgí muirí agus deiceáil. Áirítear lenár bpunann bhainistíocht uisce córais bhainistíochta uisce stoirme, sábháil uisce báistí agus córais chóireála fuíolluisce. Sa mhullach air sin, tá punann láidir againn maidir le táirgí muirí, lena n-áirítear snámháin diúilicíní agus baoithe marcála.
“Tá nócha duine againn ar fhoireann den scoth JFC inár gceanncheathrúna anseo i dTuaim, áit a dtugtar faoi oibríochtaí bainistíochta, taighde agus forbartha, díolachán agus margaíochta agus faoin táirgeadh féin. Tá áis iomlán taighde agus forbartha intí againn; tá dháréag fostaithe le teicneolaíochtaí nua agus le réimsí táirge nua a dhearadh agus a fhorbairt. Daoine ardoilte iad na hoibrithe sna poist thábhachtacha seo agus ba bheag lucht bainistíochta agus foireann taighde agus forbartha a athraíodh.” Deir John freisin, “Ar na baill foirne eile tá oibrithe ar urlár na monarchan agus oibrithe ginearálta. Oibríonn idir Éireannaigh agus Pholannaigh le JFC agus tá cairdeas iontach le sonrú inár bhfoireann uile. Tá an chuid is mó de na hoibrithe Polannacha ag JFC óg agus tá dea-scileanna teanga acu. Tá bainisteoir táirgthe Polannach againn anseo sa mhonarcha i dTuaim, áfach, chun na dúshláin chumarsáide a laghdú a mhéid agus is féidir. Baineann an-tábhacht le taighde agus forbairt le haghaidh fáis amach anseo agus beidh sé tábhachtach maidir le forbairt na cuideachta agus muid ag díriú ar mhargaí nua freisin. “B’iontach an rud í an infheistíocht darbh fhiú €2.5 milliún a rinneadh in 2006 sa taighde agus forbairt. Fuaireamar cuidiú ó Fhiontraíocht Éireann agus bhí an-rath faoin infheistíocht sin go deimhin. Oibrímid le comhpháirtithe taighde freisin, lena n-áirítear OÉ Gaillimh agus BIM i mórán tionscadail eile a bhaineann leis na margaí a bpléann JFC leo. Le blianta beaga anuas, rinneamar forbairt ar réimse snámháin diúilicíní agus baoithe marcála le haghaidh na dtionscal muirí agus dobharshaothraithe. Tá ag éirí go maith leis na táirgí seo agus tá siad á n-easpórtáil chun na hEorpa agus níos faide i gcéin,” a deir John. “D’éirigh linn freisin maidir le heaspórtáil chuig na margaí móra san Eoraip, lena n-áirítear na margaí nua in Oirthear na hEorpa, go háirithe an Rúis agus an Úcráin. Teastaíonn an teicneolaíocht is nuaí uainn má tá le héirí linn sna margaí seo. Fágfar ar chúl sinn mura gcoinnímid le teicneolaíocht na haimsire seo,” a dhearbhaíonn John. Rinneadh forbairt ar cúrsaí easpórtála go straitéiseach; bhunaíodh fo-ionaid díolachán agus dáilte sa RA, san Ísiltír agus sa Pholainn. Is ionann na heaspórtálacha go 40 ceann scríbe agus 60% d’iomlán na ndíolachán sa mhonarcha i dTuaim. Dá bhrí sin, is fíorthábhachtach rochtain aeir idirnáisiúnta faoi choinne foirne díolachán agus margaíochta, agus is tábhachtach an nascacht leathanbhanda freisin le díolacháin ar líne a éascú. Tá cúrsaí rochtain aeir san Iarthar an-mhaith ar fad. Bíonn eitiltí amach as Aerfort na Sionainne, as Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire agus as Aerfort na Gaillimhe. Is maith is eol do John na tairbhí a bhaineann le forbairt ar an rochtain aeir, “Nuair a chuireamar bun faoin ngnólacht thiar sa bhliain 1987, chosain eitiltí go dtí an RA timpeall £350 seanphunt, ach sa lá atá inniu ann tig leat eitilt a fháil ar dhornán euro agus tá méadú ag teacht ar líon na gceann scríbe i rith an ama. Tá muintir na Gaillimhe go mór faoi chomaoin ag Pádraic Ó Céide agus ag Aer Arann as a ndearna siad don Iarthar trí eitiltí laethúla chuig an margadh an-mhór sa RA a sholáthar.” Tá iomaíochas costais ina dhúshlán mór roimh an bhfás leanúnach. Cuir i gcás an Pholainn agus Poblacht na Seice – dhá thír ina bhfuil an-iomaíochas costais toisc na gcostas i bhfad níos saoire táirgthe atá iontu. Is cúinse domhanda an t-iomaíochas, áfach, agus tá tionchar mór ag na tíortha ísealchostais san Áise ar an margadh freisin. Mar sin de, ní mór do JFC oibriú san uile mhargadh in aghaidh iomaíochas crua. Ní dual do John luí siar agus sásamh air faoinar bhain sé amach go nuige seo, áfach. Deir John, “Sa saol seo, is ag dul i bhfeabhas nó ag dul in olcas atá tú – níl seasamh gan bhogadh ina rogha. Caithfidh tú bheith úr má tá tú le coinneáil ag gabháil ar aghaidh. I gcás JFC, ní mór dúinn ár ngnó a leathnú go margaí nua agus go láithreacha nua. Dá bhrí sin, is ré nua spreagúil i bhforbairt JFC ár bhfairsingiú a fhad leis an Afraic Theas.” Bíonn John in ann sult a bhaint as na tairbhí uile sóisialta agus nós maireachtála a bhaineann leis an saol san Iarthar toisc go bhfuil sé lonnaithe i dTuaim. Ag an am céanna, tá sé in ann oibríocht ghnó, atá ag éirí níos idirnáisiúnta an t-am ar fad, a stiúradh. “Áit dheas le cónaí agus le páistí a thógáil ann é Iarthar na hÉireann. Faightear tuath agus taitneamhachtaí den scoth ann. Chomh maith leis sin, is féidir leat am a thabhairt duit féin le do scíth a ligean má theastaíonn sé. Fiú na mórathruithe a rinneadh air le blianta beaga anuas, tá na saintréithe seo le sonrú ann go tréan go fóill,” a mhaíonn sé. Tá dúil aige sa ghalf agus tá rogha mhaith clubanna aige i dTuaim, i gClár Chlainne Mhuiris agus i mBaile an Róba. Ní ag teastáil uaidh anois ach am imeartha! |




“Anuas air sin, baineadh úsáid as deiceáil JFC Earth-wood leis an muiríne a thógáil le haghaidh stad na Gaillimhe in Aigéanrás Volvo 2009. Breiseanna straitéiseacha na réimsí nua táirge seo i bpunann JFC, ach is tábhachtach céanna ár dtáirgí bunaithe fearacht agra-tháirgí, táirgí sibhialta agus táirgí comhshaoil. Baineadh leas as ceann amháin dár dtáirgí eiseamláireacha, JFC CorriPipe (píopa draenála débhalla) i mórán mórthionscadail tógála bóthair in Éirinn agus sa RA,” ar sé.