Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ón gClár: Interventions/Execpass
Thapaigh Adam Coleman deis in 2004 a shílfeadh go leor daoine a bheith misniúil, i ndiaidh breis agus deich mbliana a chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus i Londain agus post slán aige.
|
Chinn sé é féin, a ghairm agus a chlann a bhogadh go Contae an Chláir agus bun a chur faoi Interventions, cuideachta Ghnó/Bhainistíocht Acmhainní Daonna/Mheasúnaithe Shíciméadraigh www.interventions.ie Deir Adam, “Tá seisear ar fostú againn anois agus déanaimid freastal ar chliaint in Éirinn agus thar lear sna hearnálacha SME, Poiblí agus Corparáideacha Ilnáisiúnta. Sheolamar ár seirbhís eiseamláireach www.execpass.com le gairid freisin; seirbhís ghnó le gnó agus ghnó le líonrú feidhmiúcháin/forbairt gnó í seo. Cuireann an tseirbhís seo feidhmiúlachtaí ar fáil atá cosúil leis na cinn atá ar fáil le LinkedIn, fóraim, blaganna, físeáin, agus le boird phoist, ach is í an ghné ar leith tharraingteach dhíola atá againne ná go mbailíochtaítear na húsáideoirí uile sula bhfaigheann siad rochtain. Chomh maith leis sin, coinnítear an tseirbhís ar leataobh faoi choinne gnólachtaí forásacha (úsáideoirí cuideachta) agus lucht déanta cinnte i gcúrsaí gnó (úsáideoirí feidhmiúcháin). Ní thugtar rochtain ar bith do thríú páirtithe fearacht margóirí il-leibhéil nó earcaitheoirí. Mar sin, is caidreamh eisiach a bhíonn idir an Lucht Feidhmiúcháin ar mhaith leo a ngairm a fhorbairt agus na Gnólachtaí ar mhaith leo a ngnólacht a phróifíliú nó a bhfiontair ghnó a leathnú. I ndiaidh an tseolta a rinneamar in Éirinn agus i gCeanada le gairid, beimid ag seoladh go foirmiúil sa RA in 2010.”
Ní chreideann Adam go raibh tionchar diúltach ag a láithreacht san Iarthar ar fhorbairt an ghnó, áfach, “Dearfach a bhí sé is dóigh, mar go bhfuil an cíos agus an costas maireachtála níos saoire in Iarthar na hÉireann, agus cé gur éirigh cúrsaí gnó ní ba dhoichte, b’fhurasta a bhí sé ár gcostais a bhainistiú,” a mhíníonn sé. Bhí roinnt fáthanna le cinneadh Coleman athshuí go hIarthar an Chláir – nós maireachtála níos cothromaithe, bheith gar don fharraige agus a chlann a thógáil i dtimpeallacht saor ó stró. Is saoire i bhfad an mhaoin anseo ná ar an gcósta thoir dar le Adam agus toisc go bhfuil clann óg aige, bhí áthas air nuair a thug sé faoi deara go raibh cúram leanaí agus an saol sóisialta i bhfad níos saoire leis. Sa bhreis air sin, taibhsíonn sé do chlann Coleman go bhfuil dearcadh úr ag bunadh na háite ar an saol agus go mbíonn níos mó foinn orthu cuidiú lena chéile. Ar ndóigh, gabhann roinnt buntáistí le cónaí i Leacht Uí Chonchubhair, atá ar cheann de na príomhionaid spóirt amuigh in Éirinn, agus tá an fiuchadh foinn áitiúil bheith amuigh faoin aer tar éis clann Coleman a spreagadh. Bíonn níos lú tráchta ar na bóithre san Iarthar freisin. Fiú má chuireann na bóithre casta tuaithe moill air, bíonn áthas air nach dtagann stad iomlán ar an trácht! Ar an drochuair, bíonn cuid mhór tiomána le déanamh ós rud é go bhfuil na cliaint scaipthe sna ceithre hairde, ach ar an taobh eile den phingin, is iontach an rud é nach bhfuil Aerfort na Sionainne ach 40 ciliméadar ar shiúl agus nach bhfuil Aerfort na Gaillimhe ach 60 ciliméadar ar shiúl mar go gcuidíonn siad go mór leis freastal ar chliaint taobh amuigh den tír. “Tá Aerfoirt na Sionainne agus na Gaillimhe ar fheabhas – bainim úsáid astu go minic,” a deir sé. Bíonn níos mó ama ag Adam agus ag a bhean chéile lena gclann de bharr go gcaitear níos lú ama i mbun comaitéireachta. Is breá leo na tránna áitiúla agus na háiseanna eile fóillíochta. Tá siad sásta go bhfuil níos mó saoirse ag a bpáistí anois ná mar a bhí acu roimhe seo agus go bhfuil rochtain níos fearr acu ar an oideachas; tá níos lú daltaí sna ranganna ná mar a bhí ar an gcósta thoir.
Ghlac clann Coleman a gcuid ama leis an gcinneadh a dhéanamh i leith bogadh siar, ach is cinnte go bhfuil lúcháir orthu go ndearna siad é. “Nuair a chinneamar teacht ar ais ón RA, b’éasca a bheadh sé dul ar ais go Baile Átha Cliath go dtí an teach a bhí againn ansin go fóill, ach rinneamar an cinneadh d’aon turas bogadh siar ar son na cáilíochta beatha. Teastaíonn misneach pearsanta chun a leithéid d’athshuíomh a dhéanamh ag brath ar do ghairm, ach is treise i bhfad na buntáistí ná na míbhuntáistí.” |




Agus é ag caint ar na hathruithe a tharla de thoradh staid an gheilleagair i láthair na huaire, maíonn Adam “go bhfuil cúrsaí gnó i bhfad níos doichte agus táimid i bhfad níos cúramaí faoi leathnú an ghnó dá dheasca. Tá ár ngnólacht réidh faoi choinne infheisteoirí anois agus beimid ag lorg caipiteal fiontair i mí Eanáir 2010 chun