Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Ghaillimh: Eo Teilifís
Baineann ríthábhacht le fórsa ardoilte saothair Eo Teilifís i dtaca leis an mborradh agus leis an rath a bhí orthu. Tá an chuideachta bunaithe sa Ghaeltacht.
|
Bhunaigh Máire Ní Thuathail Eo Teilifís sa bhliain 1989. Cuideachta léirithe teilifíse agus soláthróir áiseanna meán atá iontu. Tá clú agus cáil orthu as an sobaldráma Gaeilge Ros na Rún, atá ar an teilifís le fada, a léiriú. Ina theannta sin, léiríonn siad cláir faisnéise agus cláir eile do RTÉ, do TG4 agus do stáisiúin eile chraolta. “Bhain mé dhá uaillmhian amach nuair a bhunaigh mé an chuideachta sa Spidéal – bogadh ar ais chuig an Iarthar agus bheith ag plé leis an nGaeilge,” a dúirt Máire Ní Thuathail. “Is é an fáth is mó a bhfuil ag éirí go maith sin leis an tionscal closamhairc an líon daoine éirimiúla atá sa réigiún a bhfuil an taithí chuí acu, agus ba thábhachtach an oiliúint nuálach maidir leis an bhfás a tháinig fúinn,” arsa Máire. “Táimid an-tiomanta do chur chun cinn na tallainne anseo go hinmheánach, agus tugaimid tacaíocht do thionscnaimh sheachtracha oiliúna. B’fhostaithe inmheánacha cuid mhór dár scríbhneoirí a spreagadh le triail a bhaint as toise na cruthaitheachta. Tá beartas againn a chuirimid i bhfeidhm gach bliain chun oiliúint a chur ar stiúrthóir nó dhó ón gceantar áitiúil.” “Tá dlúthbhaint againn le hionad na meán in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo (GMIT) freisin. Cuireann siad cúrsaí iontacha sna meáin ar bun agus is gnách linn mic léinn tríú leibhéal agus daltaí meánscoile a fháil ar thaithí oibre.” Molann an gnólacht an tionscnamh, Skillnets, go hard; is iad Eo Teilifís an chuideachta um chur chun cinn le haghaidh chlár Skillnets, Gréasán na Meán, a chuireann oiliúint ar fáil do 40 cuideachta meán atá bunaithe sa Ghaeltacht. Tá Máire ag súil leis an méid seo, “Cuideoidh an dúrud cuideachtaí beaga atá ar mhullach a chéile i gceantar na Gaillimhe linn dul i ngleic le dúshlán na treochta ginearálta idirnáisiúnta maidir le daingniú san earnáil chlosamhairc.” Fuair Eo Teilifís deontas fostaíochta ó Údarás na Gaeltachta ag an tús agus bhain siad leas as maoiniú agus as oiliúint an AE agus Údarás na Gaeltachta sna luathbhlianta freisin. Le himeacht na mblianta, fuarthas caipiteal ó infheistíocht phríobháideach agus ó scéim BES. Tá Fiontraíocht Éireann ag déanamh scrúdú ar dheiseanna féideartha easpórtála faoi láthair le haghaidh earnáil chlosamhairc na hÉireann. Sa bhliain 1996, chomhoibrigh Eo Teilifís le Tyrone Productions leis an gconradh a ghnóthú le haghaidh léiriú an tsobaldráma Gaeilge, Ros na Rún. Tá an clár seo á léiriú don deichiú bliain anois. Mar gheall ar an bhfás a tháinig faoin gcuideachta, tá siad in ann infheistíocht a dhéanamh ina stiúideonna féin, agus tá siad ar cheann de na príomhsholáthróirí áiseanna stiúideo agus léirithe in Éirinn. Tá dhá stiúideo, áiseanna eagarthóireachta agus iarléirithe fuaime, chomh maith le hoifigí acu san áit a bhfuil siad lonnaithe sa Spidéal. Tá 14 dhuine á fhostú go lánaimseartha agus bíonn suas le 120 duine ar chonarthaí a mhaireann idir seacht mí agus dhá mhí dhéag gach bliain faoi choinne Ros na Rún agus cláir eile a léiriú. Deir Máire faoina cuid fostaithe, “Is fearr i bhfad an cháilíocht beatha i gConamara ná sna cathracha de thairbhe na dtréanluachanna pobail, na dtairbhí praiticiúla a ghabhann le tithíocht níos fearr agus le níos lú ama a chaitheamh i mbun comaitéireachta. Táimid in ann freastal ar shaoririseoirí ar mian leo oibriú ón mbaile a bhuíochas le nádúr an tionscail, agus táimid ábalta freastal ar phostroinnt freisin do na daoine a dteastaíonn sin uathu.” Baineann an-tábhacht leis an dúrud cuideachtaí atá sa cheantar dar le Eo Teilifís, a bhfuil siad féin ina gcuid de, maidir le leas a gcuid comhfhiontar agus bhí páirt lárnach ag an líonrú riamh anuas i gcúrsaí oibríochta a chuidigh leis an gcuideachta cur lena saineolas. Tá an chuideachta sásta le cúrsaí bonneagair agus rochtana an réigiúin agus déanann siad fónamh ar a gcuid riachtanas. Tá an leathanbhanda ardluais acu a dteastaíonn uathu agus tá rochtain aeir acu ar Albain agus ar an RA go sciobtha agus go héasca. Tá beartas acu seirbhísí gnó sa Ghaeltacht a úsáid más féidir agus is sách saor é a gcuid gnó a dhéanamh ansin dar leo. |



