Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Fiontar an Iarthair Dún na nGall – E&I Engineering

Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair

Cás-staidéar ó Dhún na nGall: E&I Engineering

Déanann E&I Engineering i mBun na hAbhann i gContae Dhún na nGall lascthrealamh agus táirgí leictreacha dáilte a dhéanamh, faoi mar a luadh cheana, le haghaidh an mhargaidh idirnáisiúnta.

Faoin mbranda PowerBar, déanann an chuideachta réimse táirgí busbarra agus seoltóirí leictreacha atá ina rogha eile maidir le húsáid cáblaithe leictrigh faoi choinne tarchur srutha leictrigh in áitribh thráchtála agus chónaithe. Tá custaiméirí acu ar fud na hEorpa agus bhog siad a n-áis déantúsaíochta ó Dhoire le gairid.

Déanann E&I réimse mór táirgí dáilte cumhachta a fhorbairt agus a sholáthar. Déantar iad a dhearadh agus a thástáil go docht d’fhonn réitigh shaincheaptha a chur ar fáil do chliaint. Baintear úsáid as a dtáirgí i mórán tionscal, lena n-áirítear teileachumarsáid, fóntais, gléasanna leighis, seirbhísí airgeadais agus tionscal mara.

Tá 280 duine ar fostú ag an gcuideachta ó cheantar leathan, lena n-áirítear Doire in aice láimhe agus ó leithinis Inis Eoghain.  D’oibríodh cuid mhór de na fostaithe i dtionscal teicstíle an cheantair agus cuireadh oiliúint úr orthu le go mbeidís ábalta oibriú le E&I.  Deir Philip O’Doherty, bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta E&I, go bhfuil siad tiomanta don oiliúint go leanúnach, “Tá ceangail againn le hIT Leitir Ceanainn maidir le socrúcháin tríú leibhéal. Bainimid leas as FÁS le haghaidh fhormhór na hoiliúna agus is mór an chabhair an méid sin.”

Is iomaí mórthairbhe i nDún na nGall dá ghnólacht dar le Philip. Deir sé, “Tá ardchaighdeán oibreoirí i nDún na nGall agus táimid ábalta sochar a bhaint as sin. Tá daoine ag bogadh anseo ó Shasana, ó Albain agus ó áiteanna eile in Éirinn.  Rud amháin a chuireann an-bhród orm ná go bhfuilimid ag mealladh mórán céimithe óga a bhí i mbun staidéir i mBaile Átha Cliath agus ar mian leo filleadh ar Dún na nGall le cur fúthu anseo.” Táthar ag dréim le níos mó fáis faoin gcuideachta sa bhliain amach romhainn agus is mian le daoine teacht go Dún na nGall faoi choinne na dtairbhí uile, macasamhail taitneamhachtaí sóisialta den chéad scoth agus an easpa plódú tráchta.

Níl sé doiligh an domhan mór a bhaint amach, na príomh-mhargaí i Londain go háirithe a bhuíochas le hAerfort Chathair Dhoire nach bhfuil ach deich míle ar shiúl ó Bhun na hAbhann.  Tá feabhas ag teacht ar na bóithre idir Baile Átha Cliath agus Doire, ach ba mhaith le Philip tuilleadh infheistíochta sna bóithre agus i seirbhísí iarnróid a fheiceáil amach anseo.

Níl E&I Engineering slán ó dhrochstaid an gheilleagair faoi láthair, ach ba é an tionchar ba mhó orthu ráta malairte an euro/na steirlinge agus ní laghdú ar dhíolacháin.

Rinne E&I infheistíocht i dtaighde agus forbairt le gairid a bhuíochas le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus bhí an méid seo a leanas le rá ag Philip O’Doherty ina thaobh, “Féadfaidh an rath bheith faoi chuideachtaí Éireannacha, macasamhail E&I, ach straitéis uaillmhianach fáis a ghlacadh bunaithe ar an easpórtáil, arna tacú ag fócas ar leith ar an nuálaíocht.  Cuideoidh Ionad nua Taighde agus Forbartha, mar aon le foireann dhílis taighde agus forbartha, lenár n-iomaíochas idirnáisiúnta a chur chun cinn agus le fás a chur fúinn amach anseo.”

 

Breis Nasc le haghaidh E&I Engineering:

Website: http://www.e-i-eng.com


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo