Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair
Cás-staidéar ó Ghaillimh: Crospon Ltd
Cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach atá in Crospon Limited agus tá sí bunaithe i nGaillimh. Bunaíodh an chuideachta ag deireadh 2006 le feistí íosionracha leighis faoi choinne monatóireacht, diagnóis agus teiripe a fhorbairt i limistéir na hinchríneolaíochta agus na gaistreintreolaíochta.
|
Tá cuntas bunaithe teiste ag an Stiúrthóir Bainistíochta, John O’Dea, a chomhbhunaigh an chuideachta, i dtaca le forbairt na ngléasanna leighis is nua-aimseartha. Roimhe seo, bhí sé ar fostú i gcuideachtaí ilnáisiúnta i nGaillimh sa réimse céanna.
Is ríthábhachtach an fhoireann cháilithe a bhfuil taithí acu do Crospon. Tá 16 dhuine ar fostú ag an gcuideachta ina n-áis sa Daingean. Céimithe san innealtóireacht iad bunús na foirne, ach is tábhachtach scileanna gnó freisin agus tá cáilíochtaí an réimse seo i measc na mball foirne. Go dtí seo, ní raibh deacracht ag Crospon baill foirne a earcú. Tá cónaí ar 75% dá gcuid oibrithe laistigh de chúig mhíle den áis agus bíonn an chuid eile i mbun comaitéireachta ó Chontae an Chláir agus ó Chontae Mhaigh Eo. Is iomaí taitneamhacht agus gníomhaíocht fóillíochta i nGaillimh agus bíonn níos mó ama ag daoine sult a bhaint astu. As Baile Átha Cliath ó dhúchas do John agus tá an-dul chun cinn feicthe aige i dtionscail atá bunaithe ar Thaighde agus Forbairt, agus bhí toradh iarmhartach aige seo ar thionscail eile a mhíníonn John. “Tháinig méadú mór ar na seirbhísí atá ar fáil do chuideachtaí taighde agus forbartha le blianta beaga anuas, go háirithe i ndáil le sain-saotharlanna tástála. Tá an dúrud gnólachtaí nua um ghléasanna leighis i réigiún na Gaillimhe go háirithe, agus tá a líon ag méadú an t-am ar fad. Cuireann gréasáin amhail Cumann Gléasanna Leighis na hÉireann (‘Irish Medical Devices Association’) fóram iontach ar fáil le bualadh le chéile.” Níl an bonneagar sa chathair ina shaincheist mhór do Crospon, ach ba bhreá le John dá gcuirfí níos mó eitiltí agus spás rúidbhealaigh ar fáil in Aerfort na Gaillimhe. Caithfidh na bóithre chun na cathrach ó Luimneach agus ó Ghaillimh bheith níos fearr agus tá an cuarbhóthar timpeall na cathrach ina ‘ábhar práinne’ dar leis. Fuair Crospon cuid mhór tacaíochta ó Chiste Infheistíochta Choimisiún Forbartha an Iarthair agus ó Fhiontraíocht Éireann agus creideann John go ndéanann an bheirt acu seo an réigiún níos tarraingtí do chuideachtaí nua teicneolaíochta. Tá cainteanna luathchéime ar bun freisin le hOÉ Gaillimh agus le dreamanna eile i dtaobh Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta i ndáil le táirgí eile Crospon atá ar na bacáin. Idir an dá linn, áfach, tá Crospon ag díriú ar ghléas a chuideoidh le diagnóis daigh ainsealach chroí a cuireadh amach in 2009. Tá Crospon ag tnúth go mór le fás mór sna blianta beaga amach romhainn. |




Tráth a bhí John ag déanamh machnaimh ar shuíomh nua Crospon, ní raibh áit ar bith ann a d’fhéadfadh Cathair na Gaillimhe a shárú. “Mar ghnólacht nua um ghléasanna leighis, tá mórán daoine sa réigiún a bhfuil na cáilíochtaí uile acu a fuair oiliúint ó chuid de na cuideachtaí ilnáisiúnta is fearr a phléann le gléasanna leighis. Tá saoráidí ag ocht gcinn de na deich gcuideachta gléis leighis is fearr ar domhan in Éirinn, agus tá an chuid is mó acu ar an gcósta thiar,” arsa John.