Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Fiontar an Iarthair Dún na nGall – Cora Tine Teoranta

Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair

Cás-staidéar ó Dhún na nGall: Cora Tine Teoranta

Déanann Cora Tine Teoranta atá bunaithe san Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall 25 duine a fhostú i ndearadh, i ndéanamh agus i suiteáil chóras monatóireachta tasc agus teochta gan sreang Kelsius.

Seirbhís iad Kelsius a dhéanann an próiseas um monatóireacht teochta i stóras rialaithe agus i dtimpeallachtaí tástála sna hearnálacha cúram sláinte agus cógaisíochta a uathoibriú; cuireann siad baill shainithe foirne ar an eolas má imíonn teochtaí ó pharaiméadair shocraithe.Maidir leis an earnáil bhia, soláthraíonn siad réiteach lán-uathoibríoch HACCP gan pháipéar a chinntíonn go gcomhlíontar riachtanais sábháilteacht bhia agus próisis taifeadta.

“Thosaigh mé ag oibriú go lánaimseartha leis an gcuideachta in 2005 i ndiaidh dom éirí as mo phost mar léachtóir sa Ríomheolaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste,” a deir an Dr Damien McKeever, Príomhoifigeach Teicniúil Chora Tine Teoranta. “Bhí ceangal agam le hIarthar Dhún na nGall cheana féin; is as Gaoth Dobhair do mo bhean chéile, Áine, atá ina hiriseoir le Raidió na Gaeltachta.

Damien McKeever“Bhí deiseanna nós maireachtála i ndán dúinn i nDún na nGall nach raibh le sonrú i mBéal Feirste agus ní raibh sé doiligh orainn socrú sa cheantar mar gheall ar na daoine muinteartha a bhí againn sa dúiche,” arsa Damien.

Nuair a bunaíodh Cora Tine Teoranta a chéaduair, fuair siad maoiniú ó Údarás na Gaeltachta agus ó Choimisiún Forbartha an Iarthair agus bhí tionchar mór ag an tacaíocht seo ar a gcinneadh an gnólacht a bhogadh siar go Dún na nGall.  Tá lámh ag IT Leitir Ceanainn (LYIT) i bhfás an ghnólachta san Iarthuaisceart i gcúpla bealach a deir Damien.  “Chuireamar céimithe áitiúla ó LYIT ar fostú agus bhain roinnt fostaithe sa chuideachta tairbhe as oiliúint ó LYIT agus ó FÁS,” ar Damien.  “Ní raibh sé doiligh riamh teacht ar fhoireann ardcháilithe sa cheantar áitiúil. Cé nach bhfuil ag éirí chomh maith sin le cúrsaí gnó san earnáil bhia agus a rabhamar ag súil leis, tá na díolacháin leis an earnáil cúram sláinte níos fearr ná mar a bhíomar ag dréim leis,” a dhearbhaíonn sé.

Is foirfe an bonneagair áitiúil faoi choinne riachtanais na cuideachta; níl caill ar na bóithre go Béal Feirste, áit a bhfuil na rannóga díolachán agus margaíochta suite.  “Is áis iontach é Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall sa Charraig Fhinn mar go mbímid ábalta eitilt go Baile Átha Cliath go luath ar maidin, ár gcuid gnó a dhéanamh sa chathair agus filleadh ar an mbaile tráthnóna,” a deir Damien.  “Braitheann ár gcuideachta ar an rochtain ar an Idirlíon. Bhí tabhairt isteach leathanbhanda sa mhalartán áitiúil teileafóin mall i dtús báire, ach ba bheag trioblóid a chothaigh sé ó suiteáladh é,” a maíonn sé.

Agus é ag caint ar an saol atá aige i nDún na nGall, deir Damien gur “ábhar spreagtha an nós maireachtála agus an radharc tíre. Téim trí cheantar galánta ar mo thuras ó Ghaoth Dobhair go dtí an Fál Carrach. Feicim Toraigh ar mo chlé amach agus mé ag dul thar choradh ar leith ar maidin. Éiríonn an ghrian os cionn Shléibhte Dhoire Bheatha ar mo dheis agus is iomálainn go deo an caol-léargas idir an Mhucais agus an Earagail. Ní bhínn i mbarr mo réime ar maidin, ach nuair a bhainim an áit seo amach anois, éiríonn liom mórán obair chruthaitheach theicniúil a dhéanamh.”

Nuair a bhog an clann go Dún na nGall a chéaduair, bhí an páiste ab óige in aois na réamhscoile agus d’fhreastail sé ar naíscoil den scoth a bhí an-chóngarach don bhaile, agus shocraigh an triúr páistí eile isteach go maith sna scoileanna áitiúla.  Ar na tairbhí a bhaineann le saol i gceantar macasamhail Iarthuaisceart na hÉireann, tá níos mó am pearsanta, níos lú struis agus níos mó am clainne; baineann Damien earraíocht as na tairbhí seo uile le sult a bhaint as an mórán taitneamhachtaí atá ar leac a dhorais.  “Tig leat dul ag siúl, ag fánaíocht, ag dreapadóireacht sléibhte, ag snámh, ag rothaíocht, ag imirt gailf, ag imirt peile (CLG agus sacar), agus tá áiseanna marcaíochta ar chapall agus spóirt uisce ann fosta, lena n-áirítear tonnmharcaíocht agus cadhcáil,” arsa Damien. “Téim ag snámh agus ag siúl go minic agus bainim go leor úsáide as Club iontach Sláinte agus Fóillíochta an Earagail i nGaoth Dobhair.”

Molann Damien an saol in Iarthar na hÉireann de bharr go bhfaightear “timpeallacht níos fearr faoi choinne obair chruthaitheach theicniúil de thoradh na comaitéireachta atá saor ó strus agus an nóis phléisiúrtha mhaireachtála.  D’aon duine atá ag smaoineamh faoi bhogadh siar, is é an t-aon ghiota comhairle atá agam ná, ‘bain triail as’, b’fhéidir go mbeadh iontas ort, nó d’fhéadfá socrúchán gearrthéarmach a thriail a chéaduair le fáil amach an mbeifeá ábalta maireachtáil gan trácht!”

 

Breis Nasc le haghaidh Cora Tine Teoranta:

Website: http://www.kelsius.com/


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo