Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Fiontar an Iarthair An Clár – Coláiste Ealaíne Bhoirne

Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair

Cás-staidéar ón gClár: Coláiste Ealaíne Bhoirne

Bunaíodh Coláiste Ealaíne Bhoirne i gContae an Chláir i 1994 leis an oideachas is fearr caighdeán a chur ar fáil sna mínealaíona do phobal idirnáisiúnta i dtimpeallacht uathúil Bhoirne.

Eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúsach é an Coláiste. Tá aitheantas oifigiúil coláiste tríú leibhéal bainte amach aige agus meallann sé mic léinn idirnáisiúnta ealaíne ó gach cearn den domhan. Tá Máistreacht dhá bhliain sa Mhínealaín á tairiscint ag Coláiste Ealaíne Bhoirne chomh maith le cláir fo-chéime agus cláir shamhraidh le haghaidh iasachtach ar spéis leo iad. Bíonn comhdhálacha éagsúla ar siúl ann maidir le ceannaireacht agus le saincheisteanna comhshaoil chomh maith le scoil bhliantúil dlí Bhoirne. Tá feidhm ionaid chultúrtha aige i dtaca leis na daoine áitiúla agus bíonn ceolchoirmeacha agus léamh dánta ar siúl ann agus tá clár gníomhach de thaispeántais náisiúnta agus idirnáisiúnta i nDánlann an Choláiste.
 
Tá an Coláiste lonnaithe i mBoireann agus tá sé mar chuid de cheantar atá leochaileach ó thaobh an chomhshaoil de a chuireann cosc ar bhorradh tionsclaíoch. Tá an sráidbhaile áitiúil in ann borradh geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha a chur de, a bhuíochas leis an gColáiste agus cruthaíonn sé nasc idir turasóireacht agus cruthaitheacht. “Bheadh muintir an cheantair ag brath go hiomlán ar thurasóireacht shéasúrach murach ár gColáiste. Bheadh deireadh leis an gColáiste, áfach, murach an ceantar. Ní mór dúinn ár gcuid n-acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a chothú lenár n-uathúlacht, ár nós maireachtála agus ár saintréithe a choimeád agus chun leanúint ar aghaidh le mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh. Is é seo a bheidh chun leasa ár bpobail níos mó ná aon ní eile.”

 

Breis Nasc le haghaidh Coláiste Ealaíne Bhoirne:

Website: http://www.burrencollege.ie


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo