Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Fiontar an Iarthair Ros Comáin – Intertek BioClin

Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair

Cás-staidéar ó Ros Comáin: Intertek BioClin

Bhí Mary Burke agus Brian McKenna ag oibriú le haghaidh Elan Corporation in 2003 i bhFearann na Manach i mBaile Átha Luain agus ghlac Mary agus Brian le hiomarcaíocht nuair a rinneadh athstruchtúrú ar Elan i bhFeabhra 2003.

Labhair Mary agus Brian le Elan agus le Fiontraíocht Éireann faoina mian an áis toiscdhéanta inar oibrigh siad a fháil ar léas agus a gcuideachta féin a bhunú.

B’iomaí cúis a bhí acu bunú i bhFearann na Manach, lenar áiríodh:

  • Tá cáil ar Bhaile Átha Luain mar ionad barr feabhais i dtionscal na cógaisíochta.
  • A ngaireacht d’Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain ina bhfuil dámh bhunaithe chógaisíochta
  • Cuid mhór daoine oilte a bhfuil ardoideachas orthu
  • Cothromaíocht iontach oibre is saoil

Tháinig BioClin ar an bhfód i mí an Mhárta 2003. Bhí seisear á bhfostú in BioClin i dtús báire, agus dea-nuacht a bhí ann do Mary agus do Brian go raibh siad in ann fostaíocht a thairiscint do chuid dá gcomhghleacaithe oibre a rinneadh iomarcach in 2003.

Toisc go ndíríonn siad go mór ar chomhlíonadh agus ar chúram custaiméirí, tá méadú mór tar éis teacht ar BioClin go mear agus fostaíonn siad 25 duine i bhFearann na Manach sa lá atá inniu ann.  I mí Feabhra 2008, ghnóthaigh cuideachta ilnáisiúnta le luachan poiblí, Intertek, BioClin agus bhog siad go háis toiscdhéanta níos mó i bhFearann na Manach. Bhí gá leis an mbogadh seo le fairsingiú a bhí beartaithe a éascú sna cúig bliana ina dhiaidh sin.

Sa lá atá inniu ann, tairgeann Intertek BioClin cógaisíocht do níos mó ná 50 cuideachta chógaisíochta agus sheachadta drugaí timpeall na cruinne. Tá tromlach a gcliant bunaithe in Éirinn, i Sasana agus i Meiriceá.

D’éirigh Brian McKenna as an ngnólacht in 2008 agus tá Mary Burke ina Stiúrthóir Bainistíochta go fóill.

 

Breis Nasc le haghaidh Intertek BioClin:

Website: http://www.intertek.com/pharmaceutical/bioclin/


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo