Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cás-staidéir Fiontar an Iarthair Sligeach – AVA Systems

Cás-staidéir ar Fhiontar an Iarthair

Cás-staidéar ó Shligeach: AVA Audio Visual

Bhunaigh Brian agus Odilon Hunt, fear agus bean chéile, a gcuideachta i Sligeach i 1995.

‘Bhí Brian ina innealtóir craolta leis an BBC agus d’athshuíomar go Sligeach ó Londain sa bhliain 1992. Thugamar faoi deara go raibh deis ann na scileanna a bhí againn a chur os comhair margadh nua. Nuair a cuireadh taithí Brian ar innealtóireacht chraolta leis an BBC agus scileanna riaracháin Odilon le cheile, bhí siad ábalta  saineolas agus trealamh teicniúil a thabhairt do dhaoine a bhí ag eagrú comhdhálacha agus imeachtaí, faoi AVA Audio Visual. Cuireann AVA Acoustics sainseirbhísí monatóireachta fuaimiúla agus sainchomhairliúcháin ar fáil chun réitigh a fháil ar thorann i réimse fairsing earnálacha.

Odilon agus Brian Hunt, AVA Systems“Rinneadh cuid mhór infheistíochta sa réigiún le cúig bliana déag anuas.  Is dúshlánach é staid an gheilleagair san am i láthair, ach tá bunsraitheanna daingne fúinn agus táimid réidh do na dúshláin a bheidh os ár gcoinne amach,” a deir Odilon.

“Ar na cliaint atá againn tá cuideachtaí ilnáisiúnta, SMEanna, institiúidí airgeadais, ranna Rialtais, óstáin, comhlachtaí gairmiúla, ionaid ealaíon agus grúpaí pobail.  Cé gur eol dúinn na tairbhí a bhaineann le hardteicneolaíocht, dar linne is é an ghné is tábhachtaí den tseirbhís an toisc dhaonna a chuireann chun cinn í,” a deir Brian.

Déanann AVA Systems infheistíocht in oiliúint agus i bhforbairt foirne. Tá duaiseanna náisiúnta buaite acu a chuireann an tiomantas seo in iúl. Is tábhachtach cáilíochtaí teicniúla dá ngnólacht, agus is saincheist mhór an oiliúint leanúnach don chuideachta, ag féachaint don seachtar fostaithe atá ar fostú acu. Bhí áthas ar sholáthróirí idirnáisiúnta taisteal go Sligeach le hoiliúint intí a chur ar fhoireann AVA.   Oibríonn AVA go dlúth le Coláiste San Aingeal agus le IT Shligigh ina bhfuil áiseanna oideachais agus taighde den scoth ar fáil. Fuair siad cúnamh ó FÁS freisin i rith na mblianta.

Thug Bord Fiontar Contae Shligigh cúnamh mór don chuideachta.  “Tugann Bord Fiontar Contae Shligigh tacaíocht den scoth do ghnólachtaí beaga sa chontae.  Fuaireamar deontas indéantachta i dtús báire agus fuaireamar tacaíocht leanúnach uathu ó thaobh deontas, iasachtaí, oiliúna agus meantóireachta de.  Tá ‘Women in Business Network’ (WIBN) an-fhuinniúil acu. Is cuidiú an-mhór é seo domsa agus soláthraíonn sé fóram le haghaidh líonrú, plé agus oiliúna, agus tá naisc acu ar fud na tíre,” a deir Odilon.

Baineann AVA tairbhe as a ghaire atá siad d’Aerfort Shligigh agus d’Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire. Baineann siad leas astu agus iad ag taisteal le bualadh le cliaint agus tá na haerfoirt ina n-ábhar le méadú ar líon na gcomhdhálacha agus na n-imeachtaí a reáchtáiltear sa cheantar; bíonn sé seo ina bhunús le tuilleadh gnó don chuideachta.  Maidir leis an mbonneagar áitiúil, táthar an-bhuíoch de rochtain níos fearr bhóthair agus iarnróid.  Tá leathanbhanda le fáil go forleathan, ach d’fhéadfadh sé bheith níos fearr; tá gá le luasanna níos fearr nó níos gasta.

Dar le muintir Hunt, ‘níl aon ghanntanas’ taitneamhachtaí fóillíochta i Sligeach; faightear mórán cumann agus gníomhaíochtaí sóisialta ann.  Is iomaí tairbhe do na fostaithe – costais níos ísle mhaireachtála, praghsanna níos saoire tí, níos lú ama i mbun comaitéireachta agus níos mó ama leis an gclann.  Creideann siad gur spreag forbairt áiseanna níos fearr níos mó daoine chun bogadh go Sligeach.

Maíonn Brian, “Is minic gur mian le daoine óga a tógadh san Iarthar an domhan mór a fheiceáil, agus d’fhanaidís ar shiúl ar feadh seal fada.  I láthair na huaire, áfach, nuair a fhaigheann siad a gcuid scileanna agus oideachais, is fearr le daoine óga an caighdeán maireachtála a fhaightear anseo ná mar a fhaightear sna cathracha móra.  Is iontach an rud é gnólachtaí nua a fheiceáil a bhunaigh daoine a d’fhill ar an réigiún le blianta beaga anuas.”

Molann Brian agus Odilon Sligeach go cinnte do dhaoine eile.  Ní raibh ceangal muintire ar bith acu leis an gcontae nuair a bhog siad anseo a chéaduair, ach d’oibrigh siad go crua leis an ngnólacht rathúil atá acu anois a bhorradh agus a fhorbairt.  Creideann siad go bhféadfaidh AVA Systems dul ó neart go neart agus go dtarlóidh amhlaidh, fiú agus an drochstaid atá ar an ngeilleagar faoi láthair.

 

Breis Nasc le haghaidh AVA Audio Visual:

Website: http://www.ava.ie


An bhfuil scéal LookWest agat? Ba mhór dúinn cloisteáil uait...Cliceáil Anseo