Follow Us » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Home News Partner News Féile Iorrais 2011, Co Mhaigh Eó

Féile Iorrais 2011, Co Mhaigh Eó

Print

Feile Iorras

Féile Iorrais, Aoine 15ú Iúil - Domhnaigh 24ú Iúil 2011

Sé bliana déag ar an bhfód anois, is féidir a rá faoi Féile Iorrais gur fáth a ratha ná na himeachtaí éagsúla, ilghnéitheacha atá oiriúnach do gach saghas toighse agus do gach aoisghrúpa ar fud Iorrais.

I mbliana cuirfidh JPTrio - deartháireacha Ted agus Jos Kelly agus Paddy Hazleton- tús leis an bhFéile Ealaíona Tíre Idirnáisiúnta seo. Seinneann siad meascán séiseach agus rithimeach de cheol traidisiúnta, snagcheol agus ceol domhanda. Ina measc beidh Niamh Ní Fearghail mar amhránaí geastaspeisialta, agus beidh siad le cloisteáil in Óstan Talbot ar an Aoine 15 Iúil, 8.30pm.

I measc dream ealaíontóirí agus siamsóirí na bliana seo tá: This is How we Fly, banna ceoil sár-núalach a meascann le chéile ceol tíre de chuid na Sualainne, de chuid Mheiriceá agus de chuid na hÉireann mar aon le snagcheol seiftithe agus leictreonaic; an t-amhránaí clúiteach as Clannad, Moya Brennan, agus an cláirseoir máistriúil Cormac De Barra(trad);New Irish Music Showcase, le réaltaí éiritheacha Driftwood Manor, Music for Dead Birds (ina measc, an fear áitiúil Jimmy Monaghan) agus Yawning Chasm.

Buaicphointe eile den Fhéile is ea American Roots/Country Sound le Session Americana, agus iad ar chamchuairt ó na Stáit Aontaithe. Beidh sraith ceardlann san drámaíocht ar siúl leis an scríbhneoir agus stiúrthóir cáiliúil Patrick Wilde agus beidh ceardlanna dhamhsa an tsean-nóis ar siúl le Maire Ní Chonghaile – as Gaeilge agus as Béarla.

San Fhéile freisin i mbliana beidh: The Jam Band, ag tabhairt cuairt ar Iorras don chéad uair; Ursula Connolly, amhránaí / fonnscríbhneoir as Baile Átha Cliath; agus bí ag faire do leagan nua-aoiseach den Flamenco Spáinneach! Beidh seó eile freisin – Seven Deadly Sins - seó  amharclannach, neamhghnách agus suíomhoiriúnaithe, á chur i láthair ag Grúpa Taibh-Ealaíon Iorrais faoi stiúradh Sinéad Hackett.

I réimse na n-amharcealaíon beidh taispeántas fótagrafach le Diarmuid Ó Riordan, Idir Neamh agus Talamh. Beidh an taispeántas seo ar siúl in Áras Inis Gluaire i rith na Féileagus ag leanúint ar aghaidh go deireadh mhí Iúil.

Mar chuid den Fhéile a bhéas ar siúl ar feadh deich lá beidh ceardlanna (damhsa ar an sean-nós agus drámaíocht) agus beidh gearrthréimse de scannáin idirnáisiúnta - scannáin ó gach cearn den domhan. Ina measc beidh an scannán Francach The Wages of Fear, scannán a bhuaigh ant-ardghradam ag Féile Scannáin Cannes, gan amhras ar bith barr bua scannánaíochta na Fraince. Le feiceáil freisin tá ceann de na scannáin is mó le rá de chuid an Phollannaigh, Krzysztof Kieslowski, The Double Life of Veronique, scéal álainn fileata agus dubhfhoclachlán de chodarsnacht agus tnúthán. Tá scannán Franncach-Ostarach freisin – Lourdes–a bhreathnaíonn go dú-íorónta ar na ceangail idir tráchtálachas agus leigheas spioradálta.

Beidh imeachtaí na Féile ar siúl ar fud Iorrais, ó Ionad Deirbhle in Eachléim go dtí an Trá Buí inDumha Thuama, ag comhlíonadh ceann de príomhaidhmeanna na Féile – imeascadh agus tuiscint a chothú agus a neartú idir muintir Iorrais agus pobail eile ar fud an domhain mhóir.
Cuirfear tús le Feile Iorrais 2011 ar an Aoine 15 Iúil agus leanfar ar aghaidh leis go dtí an Domhnach 24 Iúil. Tá cead isteach go na ceardlanna go léir saor in aisce agus tá cuid de na himeachtaí eile saor in aisce freisin. Is gá áit a chur in áirithe, áfach, do na ceardlanna - cuir glaoch ar 097 81079. Más ball de Club Scannáin Iorrais tú, tá na scannáin saor in aisce – ballraíocht €5 agus is féidir ballraíocht seachtaine a fháil! Tuilleadh eolais logáil isteach ar www.feileiorrais.org, ríomhphoist This e-mail address is being protected from spambots, you need JavaScript enabled to view it nó glaoigh ar 097 81079. Sonraí ar fáil freisin ar www.errisevents.com.